Fógraíonn an tAire O'Brien foilsiú Phlean Caipitil Earnála PFN na roinne do 2026-2030
- Foilsithe: 24 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 24 Samhain 2025
Tacóidh an plean le breis is €5.6 billiún d'infheistíocht na roinne i bpríomhthosaíochtaí rialtais, mar aon le €14 billiún ó BSL agus EirGrid i mbonneagar eangaí leictreachais na hÉireann
Inniu, sheol an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, Plean Caipitil Earnála na roinne do 2026-2030 faoin bPlean Forbartha Náisiúnta. Tá an plean ailínithe go láidir le spriocanna, cuspóirí agus gníomhartha Ráiteas Straitéise nua na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Le Chéile 28 (a foilsíodh i mí Mheán Fómhair).
Foráiltear leis an bPlean Caipitil Earnála leithdháileadh maoinithe caipitil iomlán suas le €5.640 billiún faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus leagann sé amach infheistíochtaí tosaíochta sna hearnálacha fuinnimh, aeráide agus geilleagair chiorclaigh thar na cúig bliana amach romhainn, mar aon le hinfheistíochtaí pleanáilte don eangach leictreachais a thacófar leo trí infheistíocht chothromais ar leithligh de €3.5 billiún in EirGrid agus in BSL.
Faoi Phlean Caipitil Earnála na roinne, beidh sé mar phríomhthosaíocht na gealltanais sa Chlár Rialtais a chomhlíonadh chun sciar d’fháltais bhliantúla na cánach carbóin a leithdháileadh le haghaidh infheistíochta i gcláir éifeachtúlachta fuinnimh. Infheisteofar an clár aonair is mó sa phlean, suas le €3.7 billiún, i gcláir éifeachtúlachta fuinnimh chónaithe trí Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas na roinne cur i bhfeidhm an Phlean Iarfheistithe Náisiúnta a leathnú agus líon na n-uasghráduithe fuinnimh tí a chuirtear ar fáil d’úinéirí tí, do ghrúpaí pobail agus, tríd an Scéim um Thithe Níos Teo, do theaghlaigh atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh a mhéadú. Tacóidh sé le raon beart éifeachtúlachta fuinnimh tí atá dírithe ar thomhaltas fuinnimh a laghdú agus ar thacú leis an aistriú ó bhreosla iontaise.
I measc na bpríomhthosaíochtaí eile faoin bplean tá:
- Leanúint de ghníomhaíocht leanúnach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide agus an geilleagar a dhícharbónú, lena n-áirítear trí dhlús a chur ar sheachadadh na mbeart is gá chun spriocanna laghdaithe astaíochtaí náisiúnta agus AE a bhaint amach do 2030 agus 2040, agus trí bhealach a leagan síos chun astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach tráth nach déanaí ná 2050
- An bonneagar fuinnimh atá riachtanach a sheachadadh chun tacú le geilleagar atá ag fás
- Ár n-iomaíochas a fheabhsú i ndomhan atá ag athrú agus fiontair Éireannacha a ullmhú chun Éire a chur chun tosaigh ar threochtaí eacnamaíocha atá ag teacht chun cinn
- Foirgnimh na hÉireann a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de, an spleáchais ar bhreoslaí iontaise a laghdú, agus costais fuinnimh do theaghlaigh a laghdú, trí réitigh agus teicneolaíochtaí athchóirithe, teasa in-athnuaite agus fuinnimh gréine a chur chun cinn
- Éire a chur chun cinn mar cheannródaí i leictreachas inathnuaite le gealltanas 80% de ghiniúint leictreachais na hÉireann a bhaint amach ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2030
- Pobail láidre agus athléimneacha a chinntiú, lena n-áirítear trí phobail a chumhachtú i bhfuinneamh in-athnuaite agus gníomhaíocht ar son na haeráide a dhéanamh inrochtana, agus
- Geilleagar ciorclach a chur chun cinn
Agus é ag trácht ar sin, dúirt an tAire O'Brien:
"Bhí áthas orm leithdháileadh €9.14 billiún a fháil faoin Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta 2025 chun cláir chaipitil na roinne agus cláir a gníomhaireachtaí a mhaoiniú thar an chéad chúig bliana eile, lena n-áirítear €3.5 billiún i gcothromas nua d’EirGrid agus do BSL. Léiríonn an maoiniú seo, an ceann is mó ar thaifead, dearbhú láidir ón Rialtas i ngnóthachtálacha na roinne go dtí seo agus ina cumas leanúint de thorthaí tábhachtacha a bhaint amach do shaoránaigh, pobail agus gnólachtaí ar fud na hÉireann, agus tús áite á thabhairt do sheachadadh bonneagair chlaochlaitheach agus ríthábhachtach a chuireann leis an bhfás thar an chéad chúig bliana eile.
Cuirfidh cinneadh an Rialtais infheistíocht chothromais iomlán de €3.5 billiún a chur ar fáil i BSL agus in EirGrid go seasfaidh córas leictreachais na hÉireann an aimsir agus go bhféadfaidh sé freastal ar éilimh mhéadaitheacha ár ngeilleagair, ár dtithe agus ár spriocanna aeráide. Tá an t-aistriú chuig córas fuinnimh atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite ríthábhachtach chun fuinneamh slán, inbhuanaithe agus inacmhainne a sholáthar do na glúnta atá le teacht."
Ráiteas ón Aire Stáit le freagracht ar an nGeilleagar Ciorclach, Alan Dillon:
"Geallann an plean seo infheistíocht shuntasach chaipitil idir 2026 agus 2030 i mbearta a thacóidh le forbairt geilleagair níos ciorclaí, inbhuanaithe – ceann ina laghdaítear dramhaíl agus ina gcoinnítear luach. Cuirfidh infheistíocht mhéadaithe i bhfeabhsúchán líonta talún agus forfheidhmiú neartaithe maidir le dramhaíl dlús le hathrú sistéamach inár gcur chuige maidir lenár dtimpeallacht a chosaint. Cuirfidh cur i bhfeidhm an dara Straitéis um Gheilleagar Ciorclach de chuid an Rialtais Uile na hÉireann an creat beartais foriomlán ar fáil do na hinfheistíochtaí seo agus cabhróidh sé leis an athrú seo a thiomáint sna blianta amach romhainn, rud a chuirfidh ar ár gcumas geilleagar athléimneach, neodrach ó thaobh na haeráide de agus dearfach ó thaobh an dúlra de a thógáil do na glúnta atá le teacht."
Ráiteas ón Aire Stáit le freagracht as cúrsaí Mara, Timmy Dooley:
"Cuirim fáilte roimh an soláthar maoinithe caipitil sa phlean seo chun ár bpríomhthosaíochtaí a bhaint amach i réimsí na pleanála mara agus comhshaoil agus iascaigh intíre. Is é ár gcuspóir a chinntiú go mbeidh ár n-aibhneacha, ár bhfarraigí agus ár n-aigéin glan, sláintiúil, táirgiúil agus go mbaintear feidhm astú go hinbhuanaitheach ina n-úsáid. "Cuirfidh gealltanais mhaoinithe do chláir thábhachtacha agus dár ngníomhaireachtaí ar chumas gníomhaíocht leanúnach i dtreo na gcuspóirí seo thar na 5 bliana atá romhainn."
Is féidir Plean Caipitil Earnála PFN na roinne do 2026-2030 a fheiceáil ar a suíomh gréasáin.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Infheistíocht chothromais le haghaidh Líonraí BSL agus EirGrid
Leagtar amach i bPlean Caipitil Earnála na roinne infheistíochtaí pleanáilte BSL agus EirGrid suas le €18 billiún a ghiarálfar le hinfheistíocht chothromais an Stáit de €3.5 billiún, bunaithe ar dhréachtchinneadh an CRF (an Coimisiún um Rialáil Fóntais) don Athbhreithniú Praghsanna 6 (AP6). Tá an infheistíocht chothromais seo sa bhreis ar uasteorainneacha caipitil PFN na Roinne do 2026-2030 agus tá sí á soláthar do na cuideachtaí trí phróisis reachtúla ar leithligh.
Déantar gach caiteachas ag EirGrid agus Líonraí BSL a chomhaontú leis an CRF i dtimthriallta cúig bliana, ar a dtugtar Athbhreithnithe Praghsanna. Tá an t-athbhreithniú praghais reatha (Athbhreithniú Praghsanna 5) i bhfeidhm go dtí deireadh 2025 agus chonaic sé ceadú infheistíochta caipitil os cionn €8 billiún san Eangach thar an tréimhse 2021-2025 ag an CRF.
Ar an 3 Iúil, d'fhoilsigh an CRF a Dhréachtchinneadh ar Athbhreithniú Praghsanna 6 (AP6). Comhlíonfaidh AP6 tosaíocht Chlár an Rialtais chun a chinntiú go ndéanfar an infheistíocht riachtanach san eangach leictreachais. Molann an Dréacht-Chinneadh infheistíocht suas le €18.08 billiún inár gcóras leictreachais idir 2026-2030, agus ráthaítear infheistíocht bhunlíne €14.1 billiún.
Cuirfidh an Dréacht-Chinneadh ar chumas seachadadh breis is 500 tionscadal líonra caipitil, ag tacú le fás eacnamaíoch, ag nascadh tithíochta nua lenár gcóras leictreachais, ag comhtháthú níos mó fuinnimh in-athnuaite, ar tír agus amach ón gcósta araon, agus dícharbónú. Beidh infheistíocht mhór san eangach leictreachais ar tír i gceist leis seo agus is athrú céime é i bhforbairt agus in infheistíocht an eangaigh, próiseas a leanfaidh de bheith ag leathnú de réir a chéile le linn na 2030idí chun spriocanna amach anseo a bhaint amach.
Dhún próiseas comhairliúcháin AP6 ar an 11 Meán Fómhair, agus táthar ag súil leis an gcinneadh deiridh ón CRF faoi dheireadh na bliana.
Foilsíodh an Bille Leictreachais (Soláthar) (Leasú) 2025 ar an 30 Deireadh Fómhair agus chríochnaigh sé gach céim i nDáil Éireann faoin 5 Samhain. A luaithe a achtófar é, ligfidh sé don rialtas €1.5 billiún a infheistiú i Líonraí BSL chun forbairt ríthábhachtach a dhéanamh ar ár mbonneagar leictreachais. Déantar foráil leis an mbille freisin maidir le méadú ar theorainn reachtúil iasachta BSL ó €12 billiún go €17 billiún.
Príomhchláir chaipitil na roinne
Leagtar amach thíos na leithdháiltí maoinithe táscacha do phríomhchláir na roinne. Tá gach imchlúdach cláir faoi réir coigeartaithe amach anseo i gcomhréir le caiteachas na gclár agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn.
Cuirfidh an roinn maoiniú ar fáil ó raon foinsí breise, lena n-áirítear ioncam ó na Cistí reachtúla um Ghníomhú ar son na hAeráide, Caidhpe Margaidh agus Geilleagair Chiorclaigh, agus ón gCiste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh. Tá súil ag an Roinn freisin go leanfaidh sí de mhaoiniú a fháil thar an tréimhse 2026 – 2030 ó chláir leanúnacha an AE chun tacú le seachadadh phríomhthosaíochtaí infheistíochta.
Tá cláir a shainaithnítear go táscach mar chláir a fhaigheann maoiniú faoin gCiste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra faoi réir próiseas ainmniúcháin foirmiúil i gcomhréir leis an reachtaíocht don chiste.
| Clár | Leithdháileadh táscach 2026-2030 |
| Clár do Chiste an AE um Aistriú Cóir | €50 milliún - €100 milliún |
| Athshlánú Talún Phortaigh Bhord na Móna | Suas le €50 milliún |
| Plean Aeráide Sóisialta | €600 milliún - €700 milliún |
| Gealltanais idirnáisiúnta na hÉireann a chomhlíonadh do thíortha i mbéal forbartha | €100 milliún - €200 milliún |
| Gníomhú ar son na haeráide na n-údarás áitiúil | €50 milliún - €100 milliún |
| Tacaíocht a thabhairt do phobail | Suas le €50 milliún |
| Taighde agus nuálaíocht | €200 million - €300 million |
| Clár | Leithdháileadh táscach 2026-2030 |
| Clár Suirbhéireachta Suímh Amach ón gCósta (ICNF) | €100 milliún - €200 milliún |
| Clár Náisiúnta Bithmheatáin (ICNF) | €100 milliún - €200 milliún |
| Plean Náisiúnta Iarfheistithe | Suas le €3.7 billiún |
| Bonneagar Téimh Ceantar (ICNF) | €50 milliún - €100 milliún |
| Clár Pathfinder na hEarnála Poiblí (ICNF) | €200 milliún - €500 milliún |
| Clár Tionscail agus Tráchtála | €100 milliún - €200 milliún |
| Clár | Leithdháiltí táscacha 2026-2030 |
| Clár Geilleagair Chiorclaigh agus Bainistíochta Dramhaíola | €100 milliún - €200 milliún |
| Clár Feabhsúcháin Líonta Talún | €200 milliún - €300 milliún |
| Tionscnaimh geo-eolaíochta | Suas le €50 milliún |
| Tionscnaimh chomhshaoil mhuirí | Suas le €50 milliún |