Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Sroicheann an tAire O'Brien COP30 in Bélem

Tá an tAire i gceannas ar thoscaireacht na hÉireann agus iad i bhfách le gníomhú forásach domhanda ar son na haeráide, le maoiniú inbhuanaithe agus le torthaí praiticiúla chun inacmhainneacht fuinnimh agus seasmhacht aeráide a sholáthar

Tá an tAire le bheith i gceannas ar fhoireann idirbheartaíochta an AE um oiriúnú i comhpháirtíocht le hAire Multala na Fionlainne

Buaileann an tAire le hArd-Rúnaí Cúnta na NA Neto chun Oifig Tionscadail nua um Chlár Forbartha na NA i mBaile Átha Cliath a phlé

Tá Bélem, sa Bhrasaíl bainte amach ag an Aire Darragh O'Brien, le haghaidh COP30. Tá COP30 ar siúl ag am ina bhfuil dúshláin roimh an gcóras iltaobhach. Fanann Éire tiomanta do ghníomhú iltaobhach ar son na haeráide chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus tacú le gníomhú forásach domhanda ar son na haeráide. Tagann Éire go COP30 agus creidiúnacht aici. Tá Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide againn ina leagtar amach uasteorainneacha atá ina gceangal de réir dlí maidir le hastaíochtaí earnála agus tá trí bliana i ndiaidh a chéile ina bhfuil laghduithe astaíochtaí feicthe againn. Tá astaíochtaí ag an leibhéal is ísle le tríocha bliain in ainneoin daonra agus geilleagar níos mó, rud a léiríonn gur féidir le fás eacnamaíochta agus le laghduithe astaíochtaí tarlú le chéile.

Is cuid lárnach é an t-oiriúnú de bheartas náisiúnta agus idirnáisiúnta na hÉireann maidir leis an aeráid agus tá sé ríthábhachtach go mbeidh toradh láidir maidir le hoiriúnú de bharr an COP seo. D’iarr a mhacasamhail ón Danmhairg ar an Aire O'Brien a bheith mar leathbhádóir dá chuid ar an bhfoireann idirbheartaíochta Airí an AE um oiriúnú. Beidh an tAire Sari Multala, Aire Aeráide agus Comhshaoil na Fionlainne ina theannta ar an bhfoireann sin. Tá sé ráite go soiléir ag Uachtaránacht COP30 gurb é an t-oiriúnú ceann de na príomhchuspóirí is féidir a chur i gcrích ag an COP agus tá an tAire i gcroílár na hidirbheartaíochta barrthábhachtaí sin mar gheall ar an ról atá aige.

Le linn cheann de na chéad coinní a bhí aige sa Bhrasaíl, bhuail an tAire O'Brien le Marcus Neto, Ard-Rúnaí Cúnta na NA agus Stiúrthóir Bhiúró an Bheartais agus Tacaíochta Cláir Chlár Forbartha na NA (CFNA). Beidh Oifig Tionscadail nua CFNA ag Éirinn i mBaile Átha Cliath a bheidh tiomanta do mhaoiniú inbhuanaithe a chur chun cinn - rud a bhainfidh leas as an gcaipiteal le haistriú glas cothrom, ionchuimsitheach agus domhanda a chumhachtú.

Is cuid den chomhpháirtíocht bharrthábhachtach idir Rialtas na hÉireann agus an CFNA í Oifig Tionscadail Dhomhanda an CFNA um Maoiniú Inbhuanaithe. Arna thacú ag Rialtas na hÉireann le €7.5 milliún i maoiniú ar feadh trí bliana, cuireann an tionscnamh i láthair ceannaireacht dhomhanda na hÉireann chun leas a bhaint as caipiteal chun gníomhú ar son na haeráide a spreagadh - go háirithe trí thacaíocht a thabhairt do gheilleagair atá i mbéal forbartha agus dóibh siúd is leochailí.

Agus é ag labhairt in Bélem, bhí sé seo le rá ag an Aire O'Brien:

"Maidir le COP30, táim ag iarraidh teachtaireacht an-soiléir agus phraiticiúil a chur in iúl: ní foláir gur féidir le saoránaigh agus le gnólachtaí tionchar na dtorthaí a mhothú - in Éirinn agus ar bhonn idirnáisiúnta. Ní gníomh theibí í taidhleoireacht ar son na haeráide. Chun creidiúnacht agus brí a bheith aici, ní foláir di inacmhainneacht fuinnimh, seasmhacht in aghaidh adhaimsire agus deiseanna d’oibrithe a thabhairt chun críche. Tá áthas orm glacadh le ról mar idirbheartaí Airí an AE um oiriúnú i mbliana. Is cuid ríthábhachtach de rath an toraidh iomláin anseo ag COP30 é toradh rathúil maidir le hoiriúnú a thabhairt chun críche. Le haghaidh na hÉireann, tá an t-oiriúnú ina chuid lárnach dár dtaidhleoireacht idirnáisiúnta ar son na haeráide agus beidh sé ina chuid lárnach go deo. Táim ag tnúth le bheith i mbun oibre leis an gcuid eile d’fhoireann idirbheartaíochta an AE chun toradh a bhaint amach a thugann aghaidh ar phráinn na hócáide seo in Bélem.

"Tá áthas orm fosta buaileadh le hArd-Rúnaí Cúnta Neto chun Oifig Tionscadail um Maoiniú Inbhuanaithe i mBaile Átha Cliath a phlé. Breathnaímid ar COP mar dheis ní hamháin chun idirbheartaíocht a dhéanamh, ach le foghlaim ó dhaoine eile agus le comhpháirtíocht a chothú leo siúd a fhéadann cabhrú linn chun ár gclár oibre a chur chun cinn. Is sampla amháin den chaoi ar féidir torthaí fiúntacha a bhaint amach mar gheall ar chomhoibriú í an chomhpháirtíocht le Clár Forbartha na NA maidir leis an tionscnamh suaitheanta seo. Sa chás sin, léirítear an chaoi ar féidir le maoiniú a bheith mar bhonn faoi ghníomhú ar son na haeráide, go háirithe dóibh siúd is leochailí."

Dúirt Ard-Rúnaí Cúnta Neto:

"Cuirfear an Oifig Tionscadail ar bun in mBaile Átha Cliath mar gheall ar chlú láidir na hÉireann mar chomhpháirtí dílis agus prionsabálta, feabhas a n-earnála airgeadais agus a gcumas chun mian a thabhairt chun gnímh trí nuálaíocht bheartais, rialála agus mhargaidh. Cuirtear béim sa tionscnamh fosta ar thiomantas seasmhach na hÉireann do thacú leis na tíortha agus leis na pobail is leochailí le dul i ngleic leis na tionchair a tharlaíonn mar gheall ar an athrú aeráide, chomh maith lena gceannaireacht ar mhaoiniú inbhuanaithe agus a gcuidiú maidir le spriocanna aeráide agus forbartha domhanda a neartú a thuilleadh."

Is cuid thábhachtach é COP30 d’ullmhú na hÉireann le haghaidh COP31, am a mbeidh Uachtaránacht an AE ag Éirinn agus í i gceannas ar idirbheartaíocht an COP ar a shon.

Ar an 5 Samhain, d'aontaigh Éire agus a comhpháirtithe san AE ar a gCuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta inar gheall siad le hastaíochtaí GCT a laghdú faoi 66.25-72.5% faoi 2035. Dearbhaíonn an sprioc sin ár dtiomantas coiteann do chuspóirí Chomhaontú Pháras agus do na hiarrachtaí domhanda atá mar bhonn faoi. Tá Éire ag tnúth le bheith i mbun oibre leis an AE agus le comhpháirtithe domhanda lena chinntiú go gcuirfidh COP30 in Bélem toradh cothrom i gcrích, toradh a chuirfidh an domhan ar an mbóthar ceart chun téamh a choimeád faoi 1.5°C.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat