Freastalaíonn an tAire O'Brien ar chruinniú Aireachta um Fhuinneamh de chuid Chomhairle na Breataine-na hÉireann
- Foilsithe: 12 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 23 Feabhra 2026
Is dúshláin chomhroinnte iad dícharbónú, slándáil fuinnimh, agus inacmhainneacht atá os comhair 8 Riarachán Comhaltaí
Beidh an tAire Darragh O'Brien ag freastal ar chruinniú Aireachta um Fhuinneamh de chuid Chomhairle na Breataine-na hÉireann inniu (12 Feabhra), arna óstáil ag Rialtas na Ríochta Aontaithe i Londain.
Déanfaidh Airí Fuinnimh ó 8 Riarachán Comhaltaí plé agus athbhreithniú ar thuarascáil bheartais na hEarnála Fuinnimh agus Oibre 2022-2025 agus a ghníomhaíochtaí le linn na tréimhse, lena n-áirítear obair a rinneadh i réimsí Teas a Dhícharbónú; Acmhainní In-athnuaite Amach ón gCósta; Teicneolaíochtaí Nua agus atá ag Teacht Chun Cinn, agus Fuinneamh Áitiúil agus Pobail.
Tá na hairí ag tacú le Plean Oibre nua don Earnáil Oibre Fuinnimh freisin, a dhíríonn ar na príomhréimsí tosaíochta seo a leanas: Glacadh Poiblí; Aistriú Cóir; Slabhraí Soláthair; agus Scileanna agus Piarmheasúnú.
Agus é ag labhairt ag an gCruinniú Aireachta BIC, dúirt an tAire O'Brien:
"Cuirim fáilte roimh an deis seo bualadh le comhghleacaithe ag an gcruinniú Comhdháil Aireachta um Fhuinneamh de chuid Chomhairle na Breataine-na hÉireann. Is dúshláin chomhroinnte iad dícharbónú, slándáil fuinnimh agus inacmhainneacht ar fud na n-oileán seo, agus is féidir le dlúthchomhar cabhrú linn go léir bogadh níos tapúla agus níos éifeachtaí chuig todhchaí ísealcharbóin. Tuigeann Éire fíorluach a bhaineann le húsáid a bhaint as BIC chun eispéiris a roinnt agus chun cur chuige a ailíniú nuair is féidir, de réir mar a fhreagraíonn muid i dteannta a chéile do na dúshláin sin agus mar a ghlacann muid na deiseanna a bhaineann le todhchaí ísealcharbóin ar fud ár n-oileán."
An tábhacht a bhaineann leis an chaidreamh fuinnimh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe
Chomh maith le bheith i láthair ag an gCruinniú Aireachta, beidh an tAire O'Brien i mbun plé déthaobhach le Rúnaí Stáit na Ríochta Aontaithe um Shlándáil Fuinnimh agus Neodracht, Ed Miliband, agus Chris Stark, Ceann Rialaithe Misin do Chumhacht Ghlan. Tá an tAire O'Brien agus an Rúnaí Miliband ag cur béime ar an tábhacht a bhaineann leis an chaidreamh fuinneamh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe, agus tá siad tiomanta do shraith nua gníomhaíochtaí a fhorbairt le glacadh ag an gCruinniú Mullaigh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe atá le teacht i mí an Mhárta.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Comhairle na Breataine-na hÉireann
Bunaíodh Comhairle na Breataine-na hÉireann (BIC) go foirmiúil i mí na Nollag 1999. Lean sé seo an comhaontú ilpháirtí i mBéal Feirste an 10 Aibreán 1998, ar a dtugtar Comhaontú Bhéal Feirste nó Comhaontú Aoine an Chéasta go coitianta. Thug sé seo an deis chun an Chomhairle a bhunú faoi Shnáithe 3 (a bhaineann le caidreamh Thoir-Thiar).
Is iad Riaracháin Chomhaltaí Chomhairle na Breataine-na hÉireann ná Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann; Rialtas na hÉireann; Rialtas na Ríochta Aontaithe; Rialtas na hAlban; Rialtas na Breataine Bige; Rialtas Oileán Mhanann; Rialtas Geirsí, agus Rialtas Geansaí.
Mar a leagtar amach sa chomhaontú, tá sé d’aidhm ag an gComhairle ‘forbairt shuaimhneach agus fóinteach a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh a chur chun cinn ar chaidreamh iomlána i measc mhuintir na n-oileán seo'. Déantar é sin trí fhóram a sholáthar inar féidir lena chomhaltaí faisnéis agus eispéiris a roinnt ar chúrsaí a mbeadh suim ag an dá thaobh iontu.
Cuireadh Grúpa Oibre BIC ar Fhuinneamh ar siúl in Albain i mí na Samhna 2025.