Freastalaíonn an tAire O'Brien ar an gComhairle Comhshaoil i Lucsamburg

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Freastalaíonn an tAire O'Brien ar an gComhairle Comhshaoil i Lucsamburg

Cruinnithe cuiditheacha tionólta leis an gCoimisinéir Hoekstra agus leis an gCoimisinéir Roswall

D’fhreastail Darragh O’Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, ar chruinniú den Chomhairle Comhshaoil i Lucsamburg inniu. I measc na dtopaicí a pléadh bhí an t-ullmhúchán do COP 30 sa Bhrasaíl, an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, agus teacht ar chomhaontú ar sheasamh ón gComhairle chun feabhas a chur ar chiorclaíocht Feithiclí a bhfuil a Ré Caite. Labhair an tAire faoin dul chun cinn atá déanta ag Éirinn maidir lenár ngeilleagar ciorclach agus maidir le gníomhú ar son na haeráide, agus chuir sé fáilte roimh an bplé ar ullmhúchán na hEorpa do COP 30.

Bhí cruinnithe cuiditheacha ag an Aire O’Brien le Wopke Hoekstra, Coimisinéir an Aontais Eorpaigh um an Aeráid, Glan-nialasacht agus Fás Glan, agus le Jessika Roswall, an Coimisinéir um an gComhshaol, um Athléimneacht i réimse an Uisce agus um Gheilleagar Ciorclach Iomaíoch, agus é ag plé dhíriú na hÉireann ar na saincheisteanna tábhachtacha sin agus Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an bhliain seo chugainn.

Agus é in éineacht leis an gCoimisinéir Hoekstra, leag an tAire béim ar a thábhachtaí atá creat aeráide lena gcomhlíontar uaillmhian aeráide na hEorpa ar bhealach a chinntíonn a hiomaíochas agus a sholáthraíonn poist agus fás geilleagrach i ngach earnáil. Thug an tAire a fhocal don Choimisinéir go n-oibreodh Éire ar bhealach cuiditheach chun teacht ar chomhaontú ar an athbhreithniú ar dhlí aeráide an Aontais Eorpaigh a luaithe a bheadh sé foilsithe. Chomh maith leis sin, leag an tAire amach an fíordhul chun cinn atá déanta againn maidir le fuinneamh a ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite agus an dul chun cinn don bhliain seo chugainn.

Agus é in éineacht leis an gCoimisinéir Roswall, thug an tAire faoi deara na buntáistí aeráide, iomaíochais agus neamhspleáchais straitéisigh a bhí taobh thiar den chinneadh a rinne Éire an chéad acht náisiúnta um an ngeilleagar ciorclach riamh san Eoraip a ghlacadh. Dúirt an tAire go bhfuil sé ag tnúth le hobair i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit chun Gníomh AE um an nGeilleagar Ciorclach a ullmhú, rud atá le foilsiú le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat