Freastalaíonn an tAire O'Brien ar Chomhairle Fuinnimh an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Freastalaíonn an tAire O'Brien ar Chomhairle Fuinnimh an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg

Bhí an Treochlár RePowerEU, slándáil fuinnimh agus bonneagar i measc na nithe a pléadh

Bhuail an tAire lena mhacasamhail ón Danmhairg, agus tá sé ag breathnú chun cinn i dtreo Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach

D'fhreastail Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, ar chruinniú de Chomhairle Fuinnimh an Aontais Eorpaigh den chéad uair riamh i Lucsamburg inniu, agus é ag fáiltiú roimh an gcaidreamh dearfach atá ar bun lena chomhghleacaithe Eorpacha ar raon saincheisteanna tábhachtacha.

Bhí an cruinniú sin dírithe go príomha ar an Treochlár RePowerEU. D'fháiltigh an tAire roimh an tacaíocht don Treochlár, agus d’athdhearbhaigh sé go bhfuil rún daingean ag Éirinn ár gcóras fuinnimh a bhunathrú, agus béim á leagan ar a thábhachtaí atá cistiú ón Aontas Eorpach do na Ballstáit. D’athdhearbhaigh an tAire tiomantas na hÉireann don Aontas Fuinnimh freisin. Gnéithe tábhachtacha den obair sin a bheidh in idirnasc, i líonra eangaí comhtháite Eorpach, agus i bhforbairt fuinnimh in-athnuaite, go háirithe fuinneamh gaoithe amach ón gcósta. Is féidir leis an acmhainneacht atá ag Éirinn ó thaobh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta de slándáil fuinnimh na hEorpa a fheabhsú, agus tá tacaíocht chuí ag teastáil ina leith sin ionas gur féidir leas a bhaint as na deiseanna atá ann.

Leag an tAire amach freisin a thábhachtaí atá inacmhainneacht fuinnimh don Rialtas seo agus a thábhachtaí atá comhoibriú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, mar gheall ar an ról atá ag inacmhainneacht fuinnimh maidir le hiomaíochas.

Ag breathnú chun cinn i dtreo Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach, bhuail an tAire O’Brien le Lars Aagaard, a macasamhail ón Danmhairg. Glacfaidh an Danmhairg Uachtaránacht ar an Aontas Eorpach i mí Iúil, agus rinne na hairí plé ar na tosaíochtaí atá le teacht chun bonn eolais a chur faoi ullmhúchán na hÉireann don bhliain 2026.

Freastalóidh an tAire ar Chomhairle Comhshaoil an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg inniu.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat