An tAire O'Brien ina chathaoirleach ar chruinniú an Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh chun breithniú a dhéanamh ar impleachtaí na coinbhleachta sa Mheánoirthear a bhaineann le hinacmhainneacht

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire O'Brien ina chathaoirleach ar chruinniú an Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh chun breithniú a dhéanamh ar impleachtaí na coinbhleachta sa Mheánoirthear a bhaineann le hinacmhainneacht

Rinne an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, cathaoirleacht inniu ar chruinniú an Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh (TNIF) chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na coinbhleachta leanúnaí sa Mheánoirthear ar inacmhainneacht fuinnimh in Éirinn, agus chun a chinntiú go mbeidh an rialtas ar láneolas faoina bhfuil ag tarlú i margaí domhanda fuinnimh.

Leis an gcruinniú, tugadh ionadaithe sinsearacha le chéile ó gach cuid den rialtas, ón earnáil fuinnimh agus ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais. Rinne aoichainteoirí ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, ó BSL agus ó Chomhlachas Leictreachais na hÉireann cur i láthair ag an gcruinniú freisin. Cumhdaíodh leis na pléití macra-impleachtaí na coinbhleachta ar mhargaí domhanda fuinnimh; soláthar agus dálaí praghsála atá faoi láthair maidir le hola, gás agus leictreachas in Éirinn; bearta tacaíochta do chustaiméirí atá i bhfeidhm; agus freagairt na hEorpa ar an ngéarchéim.

Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire O'Brien:

"Tuigeann an rialtas seo na brúnna atá roimh theaghlaigh agus roimh ghnólachtaí, agus rinne mé plé leis an Taoiseach agus an Tánaiste le laethanta beaga anuas maidir le freagairt rialtais ar na réimsí ar a bhfuil an brú is géire. Cuirfear é sin i gcrích an tseachtain seo chugainn agus leagfar amach leis idirghabháil a bheidh faoi theorainn ama, i bhfianaise cineál na staide seo atá de shíor ag athrú."

"Leagtar béim leis an ngéarchéim seo freisin, arís eile, ar an bhfáth nach mór dúinn dlús a chur le fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid ar fud gach earnála, leanúint den infheistíocht inár n-eangach agus den infheistíocht san iarfheistiú. Ní chosnóimid muid féin ar shuaití praghsanna amach anseo mura laghdaímid ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise iompórtáilte. Tá an rialtas tiomanta don mhéid sin a dhéanamh ar bhealach a chosnaíonn teaghlaigh, gnólachtaí agus an geilleagar."

Tiocfaidh an Tascfhórsa le chéile arís an Déardaoin seo chugainn, an 26 Márta.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh

Bunaíodh an Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh i mí an Mheithimh seo caite chun bearta a shainaithint agus a chur chun feidhme d’fhonn inacmhainneacht fuinnimh a fheabhsú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Is é an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, atá mar chathaoirleach air. Tháinig an Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh le chéile ar roinnt ócáidí agus cuidíodh leis an gcéad tuarascáil ón Tascfhórsa, a foilsíodh i mí na Samhna seo caite, le bonn eolais a chur faoi ghnéithe tábhachtacha Bhuiséad 2026, lena n-áirítear síneadh a chur leis an ráta CBL 9% atá i bhfeidhm ar ghás agus ar leictreachas.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat