Ordú tosach feidhme tugtha ag an Aire O'Brien chun laghdú ar dhleacht NORA a thabhairt in éifeacht
- Foilsithe: 1 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 14 Aibreán 2026
Tá ordú tosach feidhme sínithe ag an Aire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, lenar tugadh laghdú ar dhleacht na Gníomhaireachta Cúltaca Ola Náisiúnta (NORA) in éifeacht. Ón lá inniu, laghdófar an dleacht ar tháirgí peitriliam ó 2c in aghaidh an lítir go leibhéal ainmniúil €0.001 (aon deichiú cent). Beidh an laghdú in éifeacht go dtí an 1 Meitheamh 2026. Is cuid é an laghdú de thacar beart níos leithne atá spriocdhírithe agus faoi theorainn ama a tugadh isteach an tseachtain seo caite chun tacú le teaghlaigh agus le gnólachtaí le costas breosla agus fuinnimh. Foráiltear leis na bearta seo maidir le laghduithe sealadacha ar rátaí Cánach Ola Mianra a chuirtear i bhfeidhm ar pheitreal, ar mhótardhíosal agus ar ola gháis mharcáilte go dtí an 31 Bealtaine 2026. Fágfar leis na bearta in éineacht le chéile laghdú 22 cent ar chostas lítir díosail agus 17 cent ar lítear peitril. Mhéadaigh an rialtas freisin an aisíocaíocht uasta incheadaithe faoin Scéim Lacáiste Díosail ó 7.5 cent go 12 cent in aghaidh an lítir díosail. Beidh feidhm aige sin maidir le díosal a cheannaítear ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2026.
Dúirt an tAire O'Brien:
"Tuigim go rímhaith na brúnna atá roimh chustaiméirí agus ghníomhaigh mo roinn gan mhoill chun an reachtaíocht seo a achtú chun éifeacht a thabhairt do laghdú dleachta NORA. Is cuid é seo de bhearta níos leithne a d’fhógair mé féin agus mo chomhghleacaithe rialtais an tseachtain seo caite. Tá na bearta seo ceaptha chun tacú le teaghlaigh agus le gnólachtaí ar bhealach spriocdhírithe faoi theorainn ama. Leanfaidh mé féin agus an roinn de mhonatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an staid agus de bheith solúbtha inár bhfreagairt. Leanfaidh mé de theagmháil a choinneáil ar bun lenár gcomhpháirtithe AE agus idirnáisiúnta. Chas mé inné [ar líne] le hAirí Fuinnimh ó gach cearn den Aontas – chun leanúint de chur chuige uile-Aontais a chomhordú i leith forbairtí leanúnacha. Léirítear leis an gcoinbhleacht leanúnach sa Mheánoirthear nach mór dúinn ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise iompórtáilte a laghdú, dlús a chur le fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid agus infheistíocht a dhéanamh inár n-eangach leictreachais agus in éifeachtúlacht fuinnimh."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Le bearta sealadacha spriocdhírithe rialtais, laghdófar praghsanna breosla do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, agus tacaíochtaí breise ann d’earnálacha tábhachtacha gheilleagar na hÉireann.
Foráiltear leis na bearta seo maidir le laghduithe sealadacha ar rátaí Cánach Ola Mianra a chuirtear i bhfeidhm ar pheitreal, ar mhótardhíosail agus ar ola gháis mharcáilte, agus tiocfaidh siad in éifeacht ag meán oíche anocht go dtí an 31 Bealtaine 2026.
Laghdófar an ráta Cánach Ola Mianra ar bhonn a áiríonn CBL faoi:
- 15 cent in aghaidh an lítir i gcás peitril
- 20 cent in aghaidh an lítir i gcás mótardhíosail, agus
- 3 cent in aghaidh an lítir i gcás ola gháis marcáilte.
Chun faoiseamh spriocdhírithe a sholáthar d'oibreoirí tarlaithe agus paisinéirí bus, méadóidh an rialtas an aisíocaíocht uasta incheadaithe faoin Scéim Lacáiste Díosail ó 7.5 cent suas le 12 cent in aghaidh an lítir díosail. Beidh feidhm aige sin maidir le díosal a cheannaítear ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2026.
Chun tionchar airgeadais an bhoilscithe praghais fuinnimh a mhaolú a thuilleadh, tá dleacht na Gníomhaireachta Cúltaca Ola Náisiúnta (NORA) laghdaithe ag an rialtas ó 2 cent in aghaidh an lítir go méid ainmniúil ar feadh tréimhse 2 mhí.
Chun tacú a thuilleadh le teaghlaigh, cuirfear síneadh ceithre seachtaine breise le séasúr an liúntais breosla. Ciallaíonn sé sin go bhfaighidh 470,000 teaghlach a fhaigheann an liúntas breosla tacaíocht bhreise airgeadais €38 in aghaidh na seachtaine, €152 san iomlán.
Beidh na bearta sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse shainithe ama agus forchoimeádann an rialtas an rogha a chur chuige a choigeartú de réir mar a athraíonn cúinsí.
Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh
Bunaíodh an Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh i mí an Mheithimh seo caite chun bearta a shainaithint agus a chur chun feidhme d’fhonn inacmhainneacht fuinnimh a fheabhsú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Is é an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, atá mar chathaoirleach air. Leis an gcéad tuarascáil ón tascfhórsa, a foilsíodh i mí na Samhna seo caite, cuidíodh le bonn eolais a chur faoi ghnéithe tábhachtacha Bhuiséad 2026.