Críochnaíonn an tAire O'Brien Cruinniú Mullaigh na Mara Thuaidh rathúil

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Críochnaíonn an tAire O'Brien Cruinniú Mullaigh na Mara Thuaidh rathúil

Comhsprioc is ea réigiún na Mara Thuaidh a fhorbairt go 'stáisiún cumhachta glas' na hEorpa agus suas le 300GW d'acmhainneacht gaoithe amach ón gcósta a shuiteáil faoi 2050

Leis an ócáid, leagadh béim ar thábhacht an chomhoibrithe réigiúnaigh chun acmhainneacht gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt i réigiún na Mara Thuaidh

D’fhreastail an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O’Brien, ar Chruinniú Mullaigh na Mara Thuaidh in Hamburg, lenar tugadh ceannairí stáit agus rialtais, airí fuinnimh, agus comhpháirtithe idirnáisiúnta tábhachtacha le chéile chun comhoibriú a fheabhsú maidir le bonneagar gaoithe agus hidrigine amach ón gcósta ar fud réigiún na Mara Thuaidh.

Díríodh leis an gcruinniú mullaigh seo, faoi théama 'Ó Náisiúnta go Réigiúnach', ar chur i bhfeidhm na comhsprice chun réigiún na Mara Thuaidh a fhorbairt go 'stáisiún cumhachta glas' na hEorpa agus suas le 300GW d'acmhainneacht gaoithe amach ón gcósta a shuiteáil faoi 2050.

Rannpháirtíocht an Aire O'Brien

Shínigh an tAire O'Brien – mar aon le hairí fuinnimh na Beilge, na Danmhairge, na Fraince, na Gearmáine, Lucsamburg, na hÍsiltíre, na hIorua agus Ríocht Aontaithe – Dearbhú Hamburg na nAirí Fuinnimh. Leagtar amach leis sin gealltanas maidir le cur chuige níos réigiúnaí i leith pleanáil bonneagair trasteorann, comhoibriú níos dlúithe maidir le bonneagar fuinnimh amach ón gcósta a chosaint, agus Creat Maoinithe Amach ón gCósta a fhorbairt chun an cás gnó le haghaidh gaoth amach ón gcósta sa Mhuir Thuaidh a neartú.

Ina theannta sin, bhí na coinní seo a leanas ag an Aire O'Brien:

  • Chuir sé deireadh leis an bplé ag an gCruinniú Aireachta ar an gCreat Maoinithe Amach ón gCósta
  • Painéal Páirtithe Leasmhara maidir le Cás Gnó a Chinntiú do Ghaoth Amach ón gCósta
  • Bhí sé ina chathaoirleach ar Phlé Comhchéime ar Hidrigin In-athnuaite Amach ón gCósta

Agus é ag labhairt ag an gcruinniú mullaigh, dúirt an tAire O'Brien:

"Tá clár uaillmhianach gaoithe amach ón gcósta ag Éirinn, agus sprioc 5GW d’acmhainneacht á tógáil faoi 2030 agus 37GW faoi 2050. Bhí áthas orainn leis an toradh ceant thar a bheith rathúil a fógraíodh in Éirinn i mí na Nollag, rud a sholáthair 900 Meigeavata breise d’acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite ar phraghas an-iomaíoch. Le hócáid an lae inniu, leagadh béim ar thábhacht an chomhoibrithe réigiúnaigh chun acmhainneacht gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt i réigiún na Mara Thuaidh."

Bhí cruinniú déthaobhach ag an Aire O'Brien le Roland Lescure, an tAire Geilleagair, Airgeadais agus Ceannasachta Tionsclaíche agus Fuinnimh na Fraince. Bhí plé ag na hAirí faoi Uachtaránacht na hÉireann ar an AE atá le teacht, agus faoi thógáil leanúnach an Idirnascaire Cheiltigh, lena n-athcheanglófar Éire le margadh leictreachais inmheánach an AE. Chomhaontaigh siad leanúint leis na pléití faoi na féidearthachtaí maidir le deiseanna breise idirnasctha idir an dá thír.

Uachtaránacht na hÉireann ar an AE

Sa dara leath den bhliain seo, cuirfear béim le hUachtaránacht na hÉireann ar an AE ar an ngá atá ann úsáid luathaithe a bhaint as fuinneamh in-athnuaite, go háirithe fuinneamh gaoithe, gréine agus teicneolaíochtaí amach ón gcósta atá ag teacht chun cinn, chun cumhacht ghlan inacmhainne a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnólachtaí. Le hinfhaighteacht mhéadaithe an fhuinnimh in-athnuaite, laghdaítear an neamhchosaint ar mhargaí luaineacha breosla iontaise agus neartaítear neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa.

Bhí deis ag an Aire freisin labhairt le páirtithe leasmhara sinsearacha Éireannacha a bhí i láthair ag an gCruinniú Mullaigh, lena n-áirítear ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU), EirGrid, BSL, Údarás Rialála Limistéir Mhuirí (MARA) agus Wind Energy Ireland.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat