Fógraíonn an tAire O'Brien infheistíocht os cionn €1 billiún i mBuiséad 2026 – chun aistriú fuinnimh na hÉireann a luathú agus tacú lenár dturas i dtreo todhchaí neodrach ó thaobh astaíochtaí carbóin de
- Foilsithe: 24 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 24 Deireadh Fómhair 2025
Léiríonn leithdháileadh an bhuiséid tiomantas láidir chun gníomhú ar son na haeráide a luathú, Éire a ullmhú do thionchair an athraithe aeráide agus ár dtimpeallacht a fheabhsú
Tá méadú de €169 milliún tagtha ar an maoiniú caipitil lárnaigh
- Cuirfear maoiniú is mó ariamh atá cothrom le €558 milliún ar fáil do uasghrádú fuinnimh tí agus do ghrianfhuinneamh PV
- Sínfear an laghdú CBL ar bhillí leictreachais agus gháis go dtí 2030
- Beidh maoiniú méadaithe ar fáil don Aistriú Cóir – chun tacú le pobail i mór-réigiún Lár na Tíre
- Infheistíocht i suirbhéireacht sonraí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta – chun an riosca a bhaineann le tionscadail amach anseo a laghdú agus chun an t-aistriú fuinnimh a spreagadh
Tá an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, tar éis beagnach €1.1 billiún a fháil sa Bhuiséad 2026 chun aistriú fuinnimh na hÉireann a luathú agus tacú le turas na tíre i dtreo todhchaí neodrach ó thaobh carbóin de.
Uasghrádú fuinnimh tí — maoiniú is airde ariamh do chláir athchóirithe agus grianfhuinneamh PV
Áirítear mar chuid de Bhuiséad 2026 maoiniú de €558 milliún don Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) le haghaidh uasghráduithe fuinnimh cónaithe agus pobail, lena n-áirítear an Scéim Ghrianfhuinnimh Fótavoltach (Solar PV). Is méadú €89 milliún é seo ar leithdháileadh comhfhreagrach ó Bhuiséad 2025. Ciallaíonn sé sin go mbeidh níos mó maoinithe ná riamh ar fáil chun tithe a dhéanamh níos teo, níos sláintiúla, níos compordaí agus níos saoire le téamh. Meastar go gcuirfear breis leis an maoiniú seo trí fhoinsí eile, amhail leithdháileadh ón gCiste Forbartha Réigiúnaí Eorpach (ERDF), rud a chuirfidh ar chumas méadú ar an leithdháileadh don Scéim Tithe Níos Teo in 2026 (agus don bhuiséad foriomlán don bhliain chéanna). Leanfar de thacaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm na Scéime Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí, a sholáthraíonn iasachtaí ísealchostais chun athchóirithe fuinnimh a mhaoiniú, le rátaí úis 3% nó os a chionn ar fáil.
Leanfar d’infheistíocht i n-athchóirithe foirgneamh san earnáil phoiblí mar chuid de Bhuiséad 2026, – thar roinnt Ranna Rialtais. Mar chuid den chéad chéim den mhaoiniú ón gCiste Bonneagair, Aeráide agus Dúlra (ICNF), tá €21 milliún leithdháilte d’athchóirithe san earnáil phoiblí do 2026.
Infheistíocht i suirbhéireacht sonraí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta – chun ár dtodhchaí fuinnimh a dhaingniú
Áirítear mar chuid de Bhuiséad 2026 infheistíocht shuntasach i suirbhéireacht sonraí ar shuíomhanna fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, chun cuidiú le rioscaí a laghdú i dtionscadail amach anseo – rud a chuirfidh le dícharbónú chórais leictreachais na hÉireann agus a mhéadóidh an iomaíocht sa mhargadh, rud a chuirfidh brú anuas ar phraghsanna leictreachais do theaghlaigh agus do ghnólachtaí amach anseo. Mar chuid den chéad chéim den mhaoiniú ón gCiste Bonneagair, Aeráide agus Dúlra (ICNF), tacóidh an Clár Suirbhéireachta Suímh Amach ón gCósta le forbairt earnála na Fuinnimh In-athnuaite Amach ón gCósta (ORE) i bhfarraigí na hÉireann, ionas go ndéanfar an riosca atá le tionscadail ORE – lena n-áirítear ceantanna faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Amach ón gCósta (ORESS) – roimh chéimeanna forbartha áirithe, a laghdú go suntasach. Tacóidh sé seo le rannpháirtíocht níos leithne sa mhargadh agus le tairiscintí níos iomaíche ó thaobh praghais de. Tá €8 milliún leithdháilte don chlár seo in 2026.
Gníomhú ar son na haeráide a luathú agus aistriú cóir a chinntiú
Tugann Buiséad 2026 tacaíocht athnuaite do shraith fhairsing beart agus gníomhartha ar athrú aeráide, lena n-áirítear maoiniú sonrach le haghaidh taighde teicniúil agus samhaltaithe – chun beartais maolaithe agus oiriúnaithe aeráide a chur ar bhonn eolais. Is cuid é seo d’infheistíocht leanúnach i dtaighde ar aeráid, comhshaol agus fuinneamh in-athnuaite.
Cuirfear beagnach €82 milliún ar fáil in 2026, go háirithe, faoin gClár Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir – mar chuid de ghealltanas iomlán de €169 milliún don chlár níos leithne. Tacóidh sé seo leis na réigiúin agus na pobail (sa chríoch shainithe i Lár na Tíre) is mó a bhíonn buailte go diúltach ag an aistriú i dtreo neodracht aeráide, lena chinntiú nach bhfágtar aon duine ar lár.
Ár dtimpeallacht a chosaint agus bogadh i dtreo Gheilleagar Chiorclaigh
Tacóidh Buiséad 2026 le hÉirinn agus í ag aistriú i dtreo Gheilleagar Chiorclaigh, agus ag an am céanna ag cosaint ár n-acmhainní nádúrtha, ár dtimpeallacht agus ár sláinte, ar an mbóthar náisiúnta i dtreo neodracht ó thaobh carbóin de faoi 2050. Tá €30 milliún leithdháilte go háirithe, don Chlár Athchóirithe Líonta Talún.
Cuirfidh leithdháileadh níos leithne de €157 milliún sa réimse seo leis an uaillmhian náisiúnta i leith an Gheilleagair Chiorclaigh ar fud na tíre, agus cosnóidh sé an comhshaol lasmuigh dár gcóstaí chomh maith – trí chinntiú go mbeidh Údarás Rialála an Limistéir Mhuirí (MARA) feistithe le hacmhainní chun a chúram mar rialtóir ar an limistéar muirí a chomhlíonadh go hiomlán.
Ag trácht ar Bhuiséad 2026 dúirt an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien:
"Tacaíonn Buiséad 2026 lenár gcuid oibre leanúnaí chun an comhshaol a chosaint, dul i ngleic leis an athrú aeráide, agus ár gcóras fuinnimh a athrú ó bhonn – chun a chinntiú go mbeidh fuinneamh slán, inbhuanaithe agus inacmhainne ag cách. Tá an rialtas tar éis síneadh a chur leis an laghdú CBL (ó 13.5% go 9%) ar bhillí leictreachais agus gháis go dtí an 31 Nollaig 2030. Tá raon feidhme an Liúntais Bhreosla leathnaithe freisin chun daoine a bhfuil an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht á fáil acu a chuir san áireamh, agus tá an íocaíocht sheachtainiúil ardaithe ó €33 go €38. Cuirfidh sé seo €140 breise ar fáil le linn shéasúr bliantúil an Liúntais Bhreosla. Mar chathaoirleach ar an Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh, bhuail mé le déanaí le ceithre mhórdhíoltóir fuinnimh na tíre; tá siad tiomanta do chistí cruatain a bhunú agus bearta dírithe a chur ar fáil do chustaiméirí a bhféadfadh deacrachtaí teacht orthu i rith an gheimhridh. Comhlánaíonn sé seo an obair atá ar siúl ag mo Roinn féin agus ag an CRU (An Coimisiún um Rialáil Fóntais) – chun a chinntiú go mbeidh cosaint ar fáil do gach teaghlach, go háirithe iad siúd atá leochaileach. Trí obair an tascfhórsa, táimid ag dul i ngleic leis na bunchúiseanna atá leis an mbochtaineacht fuinnimh agus le dúshláin inacmhainneachta fuinnimh.
"Cuirim fáilte freisin roimh an leithdháileadh an-fhlaithiúil do uasghráduithe fuinnimh tí, lena n-áirítear an Scéim Tithe Níos Teo, a chuireann uasghráduithe fuinnimh atá maoinithe go hiomlán ar fáil do dhaoine atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh, agus a dhéanann tithe níos teo, níos sláintiúla, níos compordaí agus níos saoire le téamh. Is féidir na coigilteas a bheith an-shuntasach. D'fhéadfadh teaghlach idir €750 agus €1,120 a shábháil sa bhliain trí phacáiste cuimsitheach beart a chur i bhfeidhm. Tá an rialtas tar éis síneadh a chur freisin go dtí 2028 leis an díolúine cánach ioncaim €400 ar bhrabúis ó mhicrighiniúint leictreachais – ag laghdú billí fuinnimh do líon mór teaghlaigh ar fud na tíre. Tá breis is 150,000 teaghlach agus gnólacht anois cláraithe lena n-acmhainn micrighiniúna le Líonraí ESB, agus tá an líon sin ag méadú gach lá.
"Leanann muid ar aghaidh ag obair go tapa le EirGrid agus Líonraí ESB chun ár ngréasán leictreachais a fhorbairt tuilleadh – ag cur ár gcóras fuinnimh ar bhonn níos sláine don todhchaí, le haghaidh aistriú leanúnach chuig fuinneamh dúchasach in-athnuaite, agus i bhfianaise tionchair an athraithe aeráide, mar a chonacthas le linn stoirmeacha le déanaí. Léiríonn an infheistíocht stairiúil €3.5 billiún inár mbonneagar náisiúnta ghréasáin (2026–2030), mar chuid den athbhreithniú is déanaí ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, an infheistíocht aonair is mó i stair ghréasán leictreachais na tíre."
Ráiteas ón Aire Stáit le freagracht ar an nGeilleagar Ciorclach, Alan Dillon:
"Leagann an Buiséad seo an bonn do gheilleagar níos ciorclaí agus níos inbhuanaithe – geilleagar ina ndéantar dramhaíl a bhaint den chóras agus ina ndéantar an luach atá leis a choimeád. Le hinfheistíocht mhéadaithe i n-athchóiriú líonadh talún agus le forfheidhmiú dramhaíola níos treise, ní hamháin go bhfuilimid ag cosaint ár gcomhshaoil ach tá athrú córasach á thiomáint againn. Cuideoidh cur i bhfeidhm an dara Straitéis Gheilleagair Chiorclaigh Uile-Rialtais na hÉireann linn bogadh níos tapúla i dtreo samhail ina ndéantar táirgí a athúsáid, a dheisiú agus a athchúrsáil; ina mbíonn samhlacha gnó ciorclacha faoi bhláth; agus ina gcoinnítear ábhair in úsáid chomh fada agus is féidir. Seo mar a thógaimid geilleagar athléimneach, neodrach ó thaobh aeráide de, atá dearfach don dúlra – ar mhaithe le glúnta atá le teacht."
Ráiteas ón Aire Stáit le freagracht as cúrsaí Mara, Timmy Dooley:
"Táim an-sásta go bhfuil príomhthosaíochtaí sna réimsí muirí agus iascaigh intíre – a chabhróidh linn ár spriocanna maidir le cosaint aeráide, fuinnimh agus comhshaoil a bhaint amach – tar éis maoiniú ríthábhachtach a fháil i mBuiséad 2026. Is é ár gcuspóir a chinntiú go mbeidh ár n-aibhneacha, ár bhfarraigí agus ár n-aigéin glan, sláintiúil, táirgiúil agus go mbaintear feidhm astú go hinbhuanaitheach ina n-úsáid; tacaíonn an Buiséad seo leis na cuspóirí sin. go háirithe, cuirfidh an maoiniú don Údarás Rialála Limistéir Mhuirí (MARA) ar a chumas leanúint dá phríomhfheidhmeanna – ag méadú líon na gCeadanna Limistéir Mhuirí agus na gCeadúnas Úsáide Mhuirí a eiseofar in 2026, agus ag tacú le próiseas rialála níos cuíchóirithe."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Tá beagnach €1.1 billiún leithdháilte don Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil i mBuiséad 2026.
Áirítear ar phríomhleithdháiltí Bhuiséad 2026 iad seo a leanas:
Athrú ar chórais fuinnimh na hÉireann – inbhuanaithe, inacmhainne agus slán: €724 milliún
Leanfaidh Buiséad 2026 de luas a chur leis an bhforbairt agus leis an gcur i bhfeidhm ar fhuinneamh in-athnuaite, agus le feabhsú éifeachtúlachta fuinnimh san earnáil thógála – mar chuid de gheilleagar fuinnimh atá inbhuanaithe, slán agus inacmhainne.
Áirítear leis seo:
- Leithdháileadh caipitil is airde go dtí seo de €558 milliún ar scéimeanna uasghrádaithe fuinnimh cónaithe agus pobail SEAI (lena n-áirítear an scéim Solar PV) – chun tacú le cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta Athchóirithe. Is méadú €89 milliún é seo ar leithdháileadh Bhuiséad 2025 (€469 milliún). Táthar ag súil go gcuirfear tuilleadh maoinithe leis – amhail leithdháileadh ón gCiste Forbartha Réigiúnaí Eorpach (ERDF) – rud a cheadóidh méadú sa mhaoiniú don Scéim Tithe Níos Teo in 2026 (agus don bhuiséad foriomlán don bhliain). Cuirfear níos mó maoinithe ná riamh ar fáil chun tithe a dhéanamh níos teo, níos sláintiúla, níos compordaí agus níos saoire le téamh. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh sé chomh leochaileach céanna do theaghlaigh mar gheall ar athruithe ar chostais fuinnimh. Leanfar de thacaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm na Scéime Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí, a sholáthraíonn iasachtaí ísealchostais chun athchóirithe fuinnimh a mhaoiniú, le rátaí úis 3% nó os a chionn ar fáil.
- Maoiniú leanúnach do sheirbhísí tacaíochta agus comhairleacha – chun cabhrú leis an earnáil phoiblí a cuid spriocanna laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach
- Tacaíocht leanúnach do thaighde fuinnimh, lena n-áirítear infheistíocht i gClár Forbartha agus Taispeántais Taighde SEAI, a thacaíonn le tionscadail nuálacha fuinnimh agus le tionscail agus institiúidí tríú leibhéal chun réitigh a luathú do todhchaí na hÉireann, áit a bhfuil fuinneamh glan agus slán
Luas a chur le gníomhú ar son na haeráide agus Éire a ullmhú don athrú aeráide: €209 milliún
Tacóidh Buiséad 2026 le sprioc náisiúnta na hÉireann maidir le haistriú go geilleagar neodrach ó thaobh aeráide de, atá athléimneach, saibhir o thaobh bithéagsúlachta de, agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi 2050. Tá an sprioc seo ailínithe leis na Buiséid Charbóin agus Uasteorainneacha Earnálacha Astaíochtaí atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus a comhaontaíodh i 2022 (agus a ndéanfar athbhreithniú orthu in 2026).
Áirítear leis seo:
- Beagnach €82 milliún faoi Chlár Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir do thionscadail faofa i mór-réigiún Lár na Tíre
- €28 milliún le haghaidh tiomantais idirnáisiúnta aeráide, cuid dhílis de bheartas aeráide seachtraigh na hÉireann.
- €64 milliún don Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) – chun tacú lena cláir mhonatóireachta, taighde agus forfheidhmithe
An comhshaol a chosaint agus geilleagar ciorclach, éifeachtúil ó thaobh acmhainní de, a chur chun cinn: €157 milliún
Tacóidh Buiséad 2026 le hÉirinn agus cáil á baint amach aici mar cheannaire domhanda san aistriú i dtreo an Gheilleagair Chiorclaigh, ár n-acmhainní nádúrtha, ár dtimpeallacht agus ár sláinte á gcosaint ar an aistear náisiúnta i dtreo neodracht aeráide faoi 2050.
Áirítear leis seo:
- Maoiniú chun uaillmhian an Gheilleagair Chiorclaigh a chur chun cinn agus suíomhanna truaillithe dramhaíola a ghlanadh
- Acmhainní don Údarás Rialála Limistéir Mhuirí (MARA) – chun cur ar a chumas a chúram mar rialtóir ar an limistéar muirí a chomhlíonadh
- Maoiniú do Shuirbhéireacht Gheolaíoch na hÉireann (GSI) le haghaidh an tionscadail mhapála geo-chomhshaoil (Tellus) agus chlár mapála muirí na hÉireann, (INFOMAR)
- Acmhainní do Iascaigh Intíre Éireann (IFI) – chun acmhainní iascaigh intíre agus slatiascaireachta muirí na tíre a chosaint, a bhainistiú agus a chaomhnú
An Ciste Bonneagair, Aeráide agus Dúlra
Bunaíodh an ICNF mar chuid de Bhuiséad 2025 chun ioncam tobann cánach a bhainistiú agus chun maoiniú a thabhairt don aistriú aeráide trí thionscadail ainmnithe a thacú idir 2026 agus 2030. Tá €500 milliún leithdháilte don Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil faoin ICNF sa Phlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe (2026–2030), dírithe ar margaí nua a fhorbairt chun éagsúlú agus dícharbónú chórais fuinnimh na hÉireann a luathú.
Chomh maith le suirbhéireacht sonraí amach ón gcósta agus athchóirithe san earnáil phoiblí, le linn na tréimhse cúig bliana, déanfar infheistíocht i mbonneagar tosaigh don Mhargadh Náisiúnta Téimh Dúiche, rud a chruthóidh cnámh droma an chórais. Dícharbónóidh sé seo soláthar teasa do chustaiméirí móra sa ghearrthéarma agus, le hinfheistíochtaí ina dhiaidh sin, cuirfidh sé ar chumas spriocanna níos lú teasa a bhaint amach sa mheántéarma agus sa tréimhse níos faide amach. Cuirfidh forbairt an bhonneagair chroí seo faoi 2030 laghdú ar astaíochtaí teasa ó na foirgnimh nasctha sa deich mbliana seo. Cuirfidh sé ar chumas i bhfad níos mó saoránach, gnólachtaí agus comhlachtaí poiblí a dtithe agus a bhfoirgnimh a dhícharbónú sna 2030idí agus ina dhiaidh sin. Cuirfidh forbairt Mhargadh Náisiúnta Bioméatáin (faoin Straitéis Náisiúnta Bioméatáin) ar chumas tionscal bioméatáin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm trí ghás nialas-charbóin a tháirgeadh ó fhéar agus ó dhramhaíl orgánach. Is eilimint lárnach í infheistíocht an Rialtais i bhforbairt bhonneagar an mhargaidh chun an margadh seo a bhunú.