An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Cuireann an tAire O'Brien athnuachan fhuinnimh, idirnascadh agus slándáil fuinnimh chun cinn ag WindEurope
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Síníonn an tAire O'Brien dhá Mheabhrán Tuisceana ag WindEurope – leis an Ríocht Aontaithe agus leis an Spáinn
Creat bunaithe leis an Spáinn chun forbairt idirnascaire leictreachais a phlé
Tá dhá Mheabhrán Tuisceana (MTanna) maidir le comhar fuinnimh sínithe ag an Aire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, lena dtreisítear gealltanas na hÉireann chun comhar réigiúnach a neartú agus dlús a chur leis an aistriú chuig córas fuinnimh glan agus slán.
Meabhrán Tuisceana idir Éire agus an Spáinn
Síníodh an chéad MT, a comhaontaíodh le Rialtas na Spáinne, i gcomhar le Sara Aagesen Muñoz, an tAire um an Aistriú Éiceolaíoch agus um an Dúshlán Déimeagrafach. Bunaítear leis an gcomhaontú sin creat don dá thír chun plé a dhéanamh ar fhorbairt fhéideartha idirnascaire leictreachais amach anseo idir Éire agus an Spáinn.
Leis an MT, léirítear uaillmhian chomhroinnte chun idirnasc leictreachais a fheabhsú ar fud na hEorpa, agus aithnítear an tábhacht a bhaineann leis chun tacú le dícharbónú, slándáil fuinnimh a neartú, agus comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite a chumasú. Leagtar amach leis cur chuige struchtúrtha céim ar chéim chun féidearthacht tionscadail idirnascaire a mheas, lena n-áirítear comhar idir oibreoirí córas tarchurtha (OCTanna) an dá thír, anailís chomhpháirteach ar cheisteanna teicniúla agus eacnamaíocha, agus rannpháirtíocht fhéideartha amach anseo i bpróisis phleanála líonra Eorpacha.
Meabhrán Tuisceana idir Éire agus an Ríocht Aontaithe
Shínigh an tAire O'Brien an dara MT leis an Ríocht Aontaithe freisin, in éineacht le hAire Fuinnimh na Ríochta Aontaithe, Michael Shanks. Leathnaíonn an comhaontú sin an Meabhrán Tuisceana idir Éire agus an Ríocht Aontaithe atá ann cheana maidir le haistriú fuinnimh, atá le dul in éag i mí an Mheithimh 2026.
Deimhníonn an síneadh an comhar láidir leanúnach idir Éire agus an Ríocht Aontaithe san earnáil fuinnimh, go háirithe i réimsí amhail fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, margaí leictreachais agus slándáil an tsoláthair. Cinntíonn sé leanúnachas in iarrachtaí comhair, agus an dá thír ag obair i dtreo cuspóirí comhroinnte aeráide agus fuinnimh.
Uachtaránacht na hÉireann atá le teacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Tagann an dá chomhaontú ag am ríthábhachtach agus Éire ag ullmhú chun Uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a ghlacadh sa dara leath de 2026. Le linn na hUachtaránachta, déanfaidh Éire dul chun cinn ar roinnt comhad reachtaíochta tábhachtacha, lena n-áirítear Pacáiste um na hEangacha Eorpacha, a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le córas fuinnimh níos glaine, níos sláine agus níos inacmhainne a sheachadadh ar fud na hEorpa.
Ag labhairt dó ag an síniú, dúirt an tAire O'Brien:
"Léirítear leis na comhaontuithe sin go bhfuil Éire tiomanta d'oibriú go dlúth lenár gcomhpháirtithe Eorpacha chun todhchaí fuinnimh slán, inbhuanaithe agus athléimneach a sheachadadh. Osclaíonn ár gcomhar leis an Spáinn féidearthachtaí nua maidir le hidirnasc a d'fhéadfadh acmhainneacht shuntasach fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach, agus tá ár gcomhpháirtíocht leanúnach leis an Ríocht Aontaithe fós ríthábhachtach chun cobhsaíocht agus dul chun cinn a choinneáil ar fud ár gcóras fuinnimh comhroinnte.
"Agus Éire ag ullmhú dá hUachtaránacht ar Chomhairle an Aontais, táimid tiomanta do ról ceannródaíoch a ghlacadh i gcur chun cinn tionscnamh Eorpach tábhachtach, amhail Pacáiste um na hEangacha Eorpacha, rud a chuideoidh leis an mbonneagar atá riachtanach a thógáil chun fuinneamh glan inacmhainne a sheachadadh do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar fud na hEorpa.
Le síniú na MTanna sin ag WindEurope, tugtar aird ar ról réamhghníomhach na hÉireann maidir le comhar fuinnimh réigiúnach a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt mhargaidh fuinnimh Eorpaigh níos comhtháite agus níos dícharbónaithe."
CRÍOCH