Seolann an tAire O'Brien comhairliúchán ar Phlean Sóisialta Aeráide na hÉireann
- Foilsithe: 6 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 7 Deireadh Fómhair 2025
Is é fócas an phlean ná infheistíocht i mbearta chun tacaíocht a thabhairt do na daoine is leochailí i leith bochtaineachta fuinnimh agus iompair
Sheol an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, comhairliúchán poiblí inniu ar fhorbairt Phlean Sóisialta Aeráide na hÉireann.
Thar shaolré an phlean (2026-2032), is féidir le hÉirinn suas le 75% de chostas na mbeart incháilithe laistigh den phlean, suas le huasmhéid €663 milliún, a fháil ar ais ó Chiste Sóisialta Aeráide an AE. Is é fócas an phlean ná infheistíocht i mbearta fadtéarmacha, cothroma ó thaobh na sochaí de, atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt dóibh siúd a d’fhéadfadh a bheith ar na daoine is leochailí i leith bochtaineachta fuinnimh agus iompair a eascraíonn as ár n-aistriú i dtreo soghluaisteachta glan agus timpeallacht thógtha dícharbónaithe.
Agus an plean seo á fhorbairt agus á chur i bhfeidhm, tá an rialtas tiomanta do bhearta láidre agus ardchaighdeáin a fhorbairt, faoi threoir ionchur fiúntach ó pháirtithe leasmhara, chun a chinntiú go ndírítear na cistí go cuí ar na daoine is mó atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh agus iompair, amhail teaghlaigh leochaileacha, úsáideoirí iompair agus miceaghnóthais. Tá an chéad chomhairliúchán, de dhá chomhairliúchán, deartha chun faisnéis a bhailiú faoi na rudaí a mheasann an pobal agus na páirtithe leasmhara a bheith ina dtosaíochtaí le haghaidh infheistíochta faoin bplean seo.
Reáchtálfar an leagan Béarla den chomhairliúchán seo ar feadh sé seachtaine go Déardaoin, an 23 Deireadh Fómhair agus tá sé ar fáil ar shuíomh gréasáin EUSurvey.
Reáchtálfar an leagan Gaeilge den chomhairliúchán seo ar feadh sé seachtaine go Déardaoin, an 23 Deireadh Fómhair agus tá sé ar fáil ar shuíomh gréasáin EUSurvey.
Beidh an dara comhairliúchán, atá beartaithe do mhí na Samhna, ina ócáid phoiblí, agus beidh oifigigh an Choimisiúin Eorpaigh i láthair.
Ag labhairt ar an gcomhairliúchán, dúirt an tAire O'Brien:
"San fhadtéarma, beidh córas iompair agus téimh i bhfad níos inbhuanaithe, níos sláine agus níos éifeachtaí againn, ach san am i láthair, aithním gur féidir leis an aistriú a bheith deacair do dhaoine agus go mbíonn tionchar míchothrom aige ar dhaoine. Tá deis iontach againn anois, le tacaíocht an chómhaoinithe shuntasaigh seo ón AE, bearta a fhorbairt a mbeidh tionchar buan acu ar fholláine agus ar chompord na ndaoine is leochailí i leith bochtaineachta fuinnimh agus iompair agus a mbeidh comhthairbhí dícharbónaithe acu freisin.
"Cé gur comhairliúchán oscailte é seo, molaim go háirithe dóibh siúd go léir a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh agus iompair orthu, agus na grúpaí a dhéanann ionadaíocht orthu, páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
I mí Iúil 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an pacáiste Fit for 55, sraith tograí chun athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht an AE agus é mar aidhm aige a chinntiú go bhfuil beartais an AE i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais. Áiríodh sa phacáiste seo togra chun Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE) atá ann cheana a leathnú chun na hearnálacha dramhaíola muirí agus tionsclaíocha agus CTA II nua a áireamh a chuimseoidh earnálacha foirgnimh agus iompair de bhóthar. Is dócha go mbeidh tionchair dhiúltacha dhíréireacha ag an méadú ar phraghas breoslaí iontaise ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha mar gheall go cuireadh CTA II i bhfeidhm. Dá bhrí sin, áiríodh sa phacáiste Fit for 55 an togra chun an Ciste Sóisialta Aeráide a bhunú trí úsáid a bhaint as cuid de na hioncaim ceant a ghintear le CTA II.
Mar chuid de Rialachán (AE) 2023/955, lena bhforáiltear do bhunú Ciste Sóisialta Aeráide, ceanglaítear ar gach Ballstát den AE Plean Sóisialta Aeráide (PSA) a ullmhú. Leagfar amach sna pleananna seo na cláir sa tréimhse 2026-2032 a bhfuil sé mar aidhm acu aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sóisialta agus dáilte a bhaineann le harduithe ar phraghsanna breosla iontaise a eascraíonn as an méadú ar phraghas carbóin in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar.
Is iad cuspóirí an Chiste Sóisialta Aeráide, go ginearálta, aistriú cothrom ó thaobh na sochaí de i dtreo an aeráidneodracht a chinntiú agus, go sonrach, tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha, micreaghnóthais leochaileacha agus iompar leochaileach trí bhearta agus infheistíochtaí a dhéanamh sna hearnálacha foirgneamh agus iompair.
Sainmhínítear na grúpaí leochaileacha sa Rialachán mar:
ciallaíonn 'teaghlaigh leochaileacha' - teaghlaigh faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh, nach bhfuil in ann an foirgneamh ina bhfuil siad ina gcónaí ann a athchóiriú, lena n-áirítear teaghlaigh ar ioncam íseal agus teaghlaigh ar mheánioncam íseal a bhfuil tionchair shuntasacha ag praghsanna breosla iontaise atá ag ardú orthu
ciallaíonn 'micreaghnóthais leochaileacha' - micreaghnóthais a bhfuil tionchair shuntasacha ag praghsanna breosla iontaise atá ag ardú orthu chun críche a ngníomhaíochta, nach bhfuil na hacmhainní acu chun an foirgneamh ina bhfuil siad ag obair ann a athchóiriú, nó chun feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a cheannach nó chun aistriú chuig modhanna inbhuanaithe malartacha iompair, lena n-áirítear iompar poiblí
ciallaíonn 'úsáideoirí iompair leochaileacha' daoine aonair agus teaghlaigh faoi bhochtaineacht iompair, ach daoine aonair agus teaghlaigh freisin, lena n-áirítear iad sin ar ioncam íseal agus ar mheánioncam íseal, dá ndéantar difear suntasach mar gheall ar na tionchair ar phraghsanna a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a cheannach nó athrú chuig modhanna iompair inbhuanaithe malartacha, lena n-áirítear iompar poiblí;
I gcás ina sainmhínítear bochtaineacht fuinnimh mar:
ciallaíonn 'bochtaineacht fuinnimh' easpa rochtana teaghlaigh ar sheirbhísí fuinnimh bunriachtanacha, ar seirbhísí iad lena soláthraítear leibhéil bhunúsacha agus caighdeáin chuibhiúla mhaireachtála agus sláinte, lena n-áirítear téamh leordhóthanach, uisce te, fuarú, soilsiú, agus fuinneamh chun cumhacht a thabhairt d’fhearais, i bhfianaise an chomhthéacs náisiúnta ábhartha, an bheartais náisiúnta shóisialta atá ann cheana agus beartas náisiúnta ábhartha eile, arb iad teaglaim tosca is cúis léi, lena n-áirítear ar a laghad neamh-inacmhainneacht, d’ioncam indiúscartha neamhleor, do chaiteachas ard ar fhuinneamh agus do dhroch-éifeachtúlacht fuinnimh tithe; (sainmhíniú tógtha ón Treoir Athmhúnlaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh).
Agus sainmhínítear bochtaineacht iompair mar:
ciallaíonn 'bochtaineacht iompair' neamhábaltacht nó deacracht daoine aonair agus teaghlach na costais a bhaineann le hiompar príobháideach nó poiblí a sheasamh, nó easpa rochtana nó rochtain theoranta a bheith acu ar an iompar is gá ionas gur féidir leo rochtain a fháil ar sheirbhísí socheacnamaíocha bunriachtanacha agus gníomhaíochtaí socheacnamaíocha bunriachtanacha, agus an comhthéacs náisiúnta agus spásúil á chur san áireamh.