Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Faigheann an tAire O'Brien ceadú ón rialtas le haghaidh reachtaíocht a bhfuil mar aidhm léi athléimneacht ár n-eangaí leictreachais in aghaidh stoirmeacha a threisiú

Leis an mBille, comhlíontar gealltanais a tugadh tar éis Stoirm Éowyn, agus caighdeáin á leagan síos le haghaidh conairí foraoiseachta

Chuir Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Cinn Bhille faoi bhráid na Comh-Aireachta inniu chun athléimneacht na heangaí leictreachais a fheabhsú. Ina dhiaidh sin, cheadaigh an rialtas dréachtú tosaíochta an Bhille Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 2025.

Bhí na bristeacha leictreachais gan fasach a tharla de dheasca Stoirm Éowyn ina léiriú ar na leochaileachtaí criticiúla a eascraíonn as fásra neamhbhainistithe agus foraoiseacht tráchtála atá suite gar do bhonneagar leictreachais. Ag an mbuaic, ní raibh aon soláthar leictreachais ag 768,000 custaiméir ar fud na tíre mar thoradh ar Stoirm Éowyn. Dá réir sin, forálfar leis an mBille do bhunú agus cothabháil a dhéanamh ar chonairí foraoiseachta, a bheidh ina limistéir laistigh d’achar áirithe ón líonra leictreachais ina bhféadfar fásra foraoiseachta agus gníomhaíochtaí gaolmhara a shrianadh de réir dlí.

Leis an mBille:

  • tabharfar cumhachtaí breise bainistíochta fásra do Líonraí BSL
  • cumasófar don Aire rialacháin a dhéanamh maidir le toisí agus dálaí na gconairí
  • leagfar freagrachtaí ar úinéirí talún as cothabháil conairí
  • bunófar prionsabail maidir le cúiteamh a thabhairt d’úinéirí talún a ndéanann oibreacha conaire foraoiseachta difear dóibh
  • ní dhéanfar, i bhfianaise phráinn an taisc sin, an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, a chur i bhfeidhm maidir leis na hoibreacha gaolmhara, agus cur i bhfeidhm leantach na n-oibleagáidí comhshaoil faoi Threoir an Aontais Eorpaigh um Ghnáthóga agus faoi Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le hÉin á dheimhniú

Chuir an tAire in iúl don Chomh-Aireacht nach rabhthas ag súil le costais bhreise don Státchiste, toisc go gcumhdaítear na costais a bhaineann le feabhsuithe ar athléimneacht na heangaí leictreachais le taraifí líonra a shocraítear mar chuid d’athbhreithnithe tréimhsiúla praghsanna. Déanann an Coimisiún um Rialáil Fóntais formhaoirseacht ar an bpróiseas sin, rud a chinntíonn nach gceadaítear lena n-aisghabháil ach costais atá cuí agus éifeachtúil agus a bhfuil údar leo.

I gcomhthráth le dréachtú an Bhille, táthar ag leanúint de ghníomhartha faoin bPlean Athléimneachta Eangaí do Gheimhreadh 2025 ó Líonraí BSL a chur chun feidhme.

Sa Phlean Athléimneachta Eangaí do Gheimhreadh 2025, iarrtar:

  • go ndéanfaí suirbhé ar an líonra leictreachais, agus guaiseacha á ndéanamh sábháilte agus athchóirithe riachtanacha á sainaithint
  • go ndéanfaí comhoibriú idir Líonraí BSL, Coillte agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun codanna den líonra atá i mbaol a shainaithint le haghaidh leasúchán tosaíochta
  • go n-athlíonfaí stoic éigeandála páirteanna spártha agus ábhar Líonraí BSL chun a dtoilleadh roimhe seo a dhúbailt
  • go neartófaí an caidreamh le fóntais Eorpacha trí mheabhráin tuisceana a shíniú maidir le cúnamh frithpháirteach
  • agus go ndéanfaí athbhreithniú foirmiúil ar stoirmeacha chun moltaí a shainaithint chun ullmhú do stoirmeacha amach anseo

Ag labhairt dó faoin reachtaíocht, dúirt an tAire O'Brien:

"Tá áthas orm a fhógairt gur cheadaigh an rialtas dréachtú tosaíochta an Bhille Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 2025. Beidh sé sin ina phíosa ríthábhachtach reachtaíochta lena dtacófar le cosaint ár n-eangaí leictreachais, rud a chosnóidh tithe agus gnólachtaí, agus na daoine is leochailí dár bpobail ar fud na tíre go háirithe, le linn na stoirmeacha níos minice agus níos milltí atá romhainn anois. Toradh eile a bheidh ar an reachtaíocht is ea go ndéanfar rialú ar na ceanglais atá ar fhoraoiseoirí i ndáil le bonneagar leictreachais a thabhairt chun rialtachta, agus deimhneacht á soláthar don oibritheoir líonra agus d’úinéirí talún araon dá réir.

"Tugaim faoi deara go soláthraítear leis an mBille prionsabail maidir le cúiteamh a thabhairt do na húinéirí talún lena mbaineann. Agus an Bille seo á dhréachtú, glacfaidh an roinn seo páirt i gcomhairliúchán críochnúil leis an tionscal foraoiseachta, le ranna eile, le Coillte, leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus le geallsealbhóirí iomchuí eile. Leis an reachtaíocht agus leis na rialacháin a chumasófar léi, soláthrófar an chothromaíocht chuí idir athléimneacht an bhonneagair, inmharthanacht na hearnála foraoiseachta, tionchar an chomhshaoil agus rialú costas."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

An Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) – Athbhreithnithe Praghsanna

Is i dtimthriallta ar a dtugtar Athbhreithnithe Praghsanna a dhéanann an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) formhaoirseacht ar an infheistíocht a dhéantar inár líonra agus ar an obair a dhéantar chun a chinntiú go bhfuil ár líonra oiriúnach don fheidhm. Cheadaigh CRU infheistíocht chaipitil €4 billiún inár n-eangach thar an tréimhse 2021-2025 faoin gCúigiú hAthbhreithniú Praghsanna. Cumhdófar an tréimhse 2026-2030 sa Séú hAthbhreithniú Praghsanna, an chéad chéim infheistíochta eile. San Athbhreithniú sin, d’iarr Líonraí BSL infheistíocht bhonnlíne €10.1 billiún, a d’fhéadfadh méadú go €13.4 billiún.

Is é an toradh a bheidh ar an infheistíocht mhórscála atá á hiarraidh mar chuid den Séú hAthbhreithniú Praghsanna ná go gcabhrófar le hÉirinn líonra leictreachais atá iontaofa agus athléimneach a chothabháil chun freastal ar na riachtanais atá ag custaiméirí agus ag an tsochaí. Toradh eile a bheidh ar an infheistíocht sin is ea go soláthrófar toilleadh breise líonra ar gach leibhéal voltais agus go gcumasófar infheistíocht shuntasach i gcothabháil agus athsholáthar sócmhainní, mar aon le bearta chun leanúnachas an tsoláthair a fheabhsú. Chun déileáil le heachtraí suaiteacha stoirme agus le tionchair fhadtéarmacha an athraithe aeráide, tá sé beartaithe ag Líonraí BSL, mar chuid den Séú hAthbhreithniú Praghsanna, cur chuige straitéiseach a chur chun feidhme i leith bainistiú sócmhainní chun a chinntiú go mbeidh na hinfheistíochtaí athléimneach agus slán i bhfad na haimsire.

Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, 2025

An tseachtain seo caite (an 22 Iúil), d’fháiltigh an tAire O’Brien roimh cheadú an rialtais le haghaidh infheistíocht €3.5 billiún i mbonneagar eangaí leictreachais na hÉireann (2026-2030) mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta. Leithdháilfear €1.5 billiún agus €2 billiún ar Líonraí BSL agus ar EirGrid faoi seach, rud a chuirfidh ar chumas an dá chuideachta infheistíocht chaipitil i bhfad níos mó a dhéanamh ar mhaithe lenár mbonneagar líonra tarchurtha agus dáileacháin leictreachais ar talamh agus amach ón gcósta a leathnú. Mar thoradh ar an ngealltanas stairiúil seo, déanfar córas leictreachais na hÉireann slán i bhfad na haimsire, agus cinnteofar go mbeidh sé in ann freastal ar éilimh mhéadaitheacha ár ngeilleagair agus ár dtithe agus ar ár spriocanna aeráide. Teastaíonn infheistíocht shuntasach chun an t-aistriú a dhéanamh chuig córas fuinnimh atá faoi threoir ag foinsí fuinnimh in-athnuaite, ach is gá an infheistíocht sin a dhéanamh chun fuinneamh slán, inbhuanaithe agus inacmhainne a áirithiú do na glúnta atá le teacht. Tá an infheistíocht mar chuid de phróiseas an tSéú hAthbhreithniú Praghsanna atá ar siúl faoi láthair.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat