Faigheann an tAire O'Brien ceadú ón rialtas do bheartas nua maidir le 'Sreanga Príobháideacha', agus an bealach á réiteach le haghaidh infheistíocht phríobháideach i mbonneagar leictreachais
- Foilsithe: 16 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Iúil 2025
Is ionann an beartas nua agus athchóiriú suntasach ar na rialacha maidir le bonneagar leictreachais
Fuair an tAire O'Brien ceadú ón rialtas inniu (Dé Máirt, an 15 Iúil) do bheartas nua maidir le 'Sreanga Príobháideacha'. Is ionann an beartas sin agus athchóiriú suntasach ar na rialacha maidir le bonneagar leictreachais, agus is é an toradh a bheidh air an bealach a réiteach le haghaidh infheistíocht earnála príobháidí i mbonneagar leictreachais, go háirithe giniúint agus stóráil fuinnimh in-athnuaite. Toradh eile a bheidh air is ea cabhrú le réitigh luchtaithe ísealchostais a sholáthar d’Fheithiclí Leictreacha agus deiseanna a leathnú le haghaidh féinsoláthar leictreachais.
San am i láthair, ní fhéadfaidh ach Líonraí BSL líne a shealbhú lena soláthraítear leictreachas ó ghineadóir chuig custaiméir leictreachais. Tar éis cleachtadh fairsing comhairliúcháin a sheoladh le geallsealbhóirí tionscail, tá cinneadh déanta ag an rialtas go mbeidh infheisteoirí príobháideacha in ann líne den sórt sin a thógáil agus a shealbhú sna himthosca seo a leanas amach anseo:
- Nasc díreach idir gineadóir, amhail feirm ghaoithe nó grianfheirm, agus custaiméir leictreachais – monarcha atá ag iarraidh dícharbónú, b’fhéidir. Is ann do chásanna ina mbíonn sé sin níos tapa agus níos éifeachtúla ná a shocrú go nascfadh an dá pháirtí leis an eangach;
- Beidh feirm ghaoithe nó grianfheirm atá faoi úinéireacht cuideachta amháin in ann nasc leis an eangach a chomhroinnt le gineadóir eile nó le suiteáil ceallraí atá faoi úinéireacht gnólachta eile. Roimhe sin, d’fhéadfadh socrú den sórt sin na rialacha lena dtoirmisctear línte príobháideacha a shárú;
- Ceadófar línte príobháideacha i gcás gurb iad an réiteach chun luchtú feithiclí leictreacha ar an tsráid a éascú; agus
- Cead a thabhairt do ghnólacht a fhéinsoláthraíonn leictreachas leictreachas a sholáthar do chustaiméir comharsanach i gcás nach gá don líne talamh atá faoi úinéireacht tríú páirtí a thrasnú
Dúirt an tAire O’Brien:
"Is athchóiriú an-suntasach é seo ar na rialacha maidir le bonneagar leictreachais. I gcomhar leis na hoifigigh i mo roinn, táim ag díriú anois ar na chéad chéimeanna eile – an beartas seo a chur chun feidhme. Achtófar reachtaíocht phríomha, lena leasófar an tAcht um Rialáil Leictreachais ar mhaithe le Sreanga Príobháideacha a cheadú. Leagfaidh mé Scéim Ghinearálta na reachtaíochta sin faoi bhráid an rialtais san fhómhar. Glacfar rialacháin tacaíochta chun caighdeáin agus próisis a shainiú le haghaidh cead a dheonú do Shreanga Príobháideacha. Cinnteoidh mé freisin go mbeidh dóthain acmhainní ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais [CRU] chun aghaidh a thabhairt ar an réimse tábhachtach nua rialála seo.
"Leanfaidh mo roinn [an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil] le faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí tionscail a bhaineann le páirceanna fuinnimh ghlais, ar coincheap é atá ag teacht chun cinn, ar mhaithe le sainaithint a dhéanamh ar aon riachtanas amach anseo le tuilleadh léirscaoilte."
Tagann an t-athchóiriú seo sna sála ar phróiseas comhairliúcháin ar Shreanga Príobháideacha. Fuarthas 128 bhfreagra san iomlán ó raon leathan daoine aonair agus grúpaí. I mí Iúil 2024, d’fhoilsigh an Roinn tuarascáil achomair ar thorthaí an chleachtaidh comhairliúcháin.
I gcomhthráth le foilsiú na dtorthaí comhairliúcháin i mí Iúil 2024, cheadaigh an rialtas tacar treoirphrionsabal le haghaidh an Beartas deiridh maidir le Sreanga Príobháideacha a fhorbairt. Leagtar amach sa ráiteas maidir le treoirphrionsabail go mbeidh sé mar aidhm leis an mBeartas nua maidir le Sreanga Príobháideacha acmhainní earnála príobháidí a dhíghlasáil ar mhaithe le bonneagar nua leictreachais a thógáil, trí leathnú a dhéanamh ar an gceart atá ag gnóthais phríobháideacha chun an soláthar a nascadh go díreach leis an éileamh.
Tá an ráiteas beartais nua maidir le Sreanga Príobháideacha ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Treoirphrionsabail don Bheartas nua maidir le Sreanga Príobháideacha
Leagtar amach sa ráiteas maidir le treoirphrionsabail go mbeidh sé mar aidhm leis an mBeartas nua maidir le Sreanga Príobháideacha acmhainní earnála príobháidí a dhíghlasáil ar mhaithe le bonneagar nua leictreachais a thógáil, trí leathnú a dhéanamh ar an gceart atá ag gnóthais phríobháideacha chun an soláthar a nascadh go díreach leis an éileamh.
Leagtar amach sa ráiteas gurb iad na tosca beartais seo a leanas a threoróidh aon leathnú ar an gceart atá ag forbróirí príobháideacha chun Sreanga Príobháideacha a thógáil:
- Is píosa ríthábhachtach bonneagair náisiúnta í an Eangach Náisiúnta Leictreachais, agus beidh sí faoi úinéireacht phoiblí go fóill
- Is é cuspóir aon athraithe dlús a chur le giniúint agus stóráil fuinnimh in-athnuaite a imscaradh
- Ní mór d’aon athrú freastal ar chuspóirí eile beartais, lena n-áirítear slándáil an tsoláthair, an straitéis um fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta, an straitéis hidrigine, an beartas tionsclaíoch, agus an cuspóir náisiúnta aeráide
- Is í an Eangach Náisiúnta Leictreachais a bheidh sa mhodh roghnaithe go fóill chun gineadóirí agus custaiméirí leictreachais a nascadh. I gcás go mbeidh réitigh eangachbhunaithe ar fáil, tabharfar tosaíocht do na réitigh sin thar Shreanga Príobháideacha.
- Ní féidir le Sreanga Príobháideacha an bonn a bhaint de mhaoiniú na hEangaí Náisiúnta Leictreachais. Maidir leis na heintitis sin a bhfuil Sreang Phríobháideach acu, ní mór dóibh costas iomlán na seirbhíse a lorg siad ón Eangach Náisiúnta Leictreachais nó a fhaigheann siad ón Eangach Náisiúnta Leictreachais a íoc
- Tógfar Sreanga Príobháideacha de réir na gcaighdeán teicniúil agus sábháilteachta céanna leis an Eangach Náisiúnta Leictreachais, agus beidh na hOibritheoirí Córais in ann iad a ghlacadh faoi chúram