Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire O'Brien fáilte roimh an gcinneadh an Bille Leictreachais (Soláthar) (Leasú) 2025 a fhoilsiú

Réitítear an bealach leis an mbille d’infheistíocht €1.5 billiún ón rialtas i Líonraí BSL – chun tacú le forbairt ríthábhachtach ár n-eangaí leictreachais i gcaitheamh na 5 bliana atá le teacht

Chuir an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil Darragh O'Brien fáilte inniu roimh chinneadh an rialtais téacs an Bhille Leictreachais (Soláthar) (Leasú) 2025 a fhoilsiú. Anois cuirfear an Bille trí Thithe an Oireachtais agus nuair a bheidh sé achtaithe, cuirfear meicníocht ar fáil leis don rialtas le €1.5 billiún a infheistiú i Líonraí BSL chun tacú le forbairt ríthábhachtach ár n-eangaí leictreachais i gcaitheamh na 5 bliana atá le teacht, mar a tugadh gealltanas dó sa Phlean Forbartha Náisiúnta. Déantar foráil leis an mbille freisin maidir le méadú ar theorainn reachtúil iasachta BSL ó €12 billiún go €17 billiún.

Leis an infheistíocht €1.5 billiún, tabharfar tacaíocht do chumas BSL chun a phlean infheistíochta le haghaidh 2026-2030, nach raibh a leithéid ann riamh cheana, a mhaoiniú. Cuirfear ar a chumas ár mbonneagar líonra leictreachais ar talamh a leathnú, a nuachóiriú agus a atreisiú.

Tá freagrach as líonraí leictreachais na tíre a bhainistiú agus le plean infheistíochta foriomlán BSL cuirfear breis is 500 tionscadal caipitil i gcrích, lena n-áirítear 181km de línte lasnairde nua, 319km de cháblaí nua faoin talamh, nach mór 70 fostáisiún nua agus uasghrádaithe ar fud na tíre agus 50,000 cuaille nua.

Cuirfear feabhas leis an mbonneagar ríthábhachtach sin ar athléimneacht chóras leictreachais na hÉireann ar talamh agus féachfar chuige go seasfaidh sé an aimsir le haghaidh na nglúnta atá le teacht. Tacófar leis le forbairt tithíochta, le hinfheistíocht dhíreach choigríche agus le haistriú na hÉireann go leibhéil níos airde d’fhuinneamh in-athnuaite, agus cosnófar ar dhochar ó theagmhais aimsire amach anseo. Cinnteofar leis go mbeimid in ann freastal ar na héilimh a bheidh orainn leis an méadú ionchasach 50% ar leictreachas faoi 2035 agus go gcomhlíonfar riachtanais fhuinnimh na hÉireann.

Gan infheistíocht chothromais an rialtais, ní bheadh Líonraí BSL in ann clár oibre chomh fairsing agus chomh tapa a chur i gcrích sna 5 bliana go dtí 2030. Cé nach laghdófar billí leictreachais custaiméirí reatha go díreach leis an infheistíocht, cinntítear leis go mbeidh BSL in ann iasachtaí a fháil ag na rátaí úis is iomaíche, rud a laghdóidh tionchar na muirear líonra ar bhillí custaiméara i ndeireadh na dála.

Tá infheistíocht chothromais BSL mar chuid d’infheistíocht €3.5 billiún an rialtais a faomhadh sa Phlean Forbartha Náisiúnta i mí Iúil, a bhí comhionann leis an infheistíocht shingil ba mhó a rinneadh riamh i líonra leictreachais na hÉireann. Déanfar €2 bhilliún a leithdháileadh ar EirGrid i gcaitheamh na gcúig bliana atá le teacht, comhaontófar an mheicníocht don infheistíocht chothromais sin, agus déanfar reachtaíocht ar leithligh lena aghaidh.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire O'Brien:

"Tá an infheistíocht €1.5 billiún seo ríthábhachtach chun ár mbonneagar líonra leictreachais a nuachóiriú agus féachaint chuige go seasfaidh sé an aimsir.

"Is mian linn a chinntiú go mbeidh foinse iontaofa shlán leictreachais ag gach teach agus gnólacht, lena n-áirítear na 300,000 teach nua a bhfuil sé geallta againn a thógáil faoi 2030.

"Leis an infheistíocht seo, bainfear amach slándáil fuinnimh do theaghlaigh agus pobail ar fud na hÉireann. Cuirfear feabhas as cuimse leis ar athléimneacht an líonra in aghaidh teagmhais aimsire amach anseo. Cruthófar na mílte post leis. Agus mar thoradh air, beidh Éire níos tarraingtí mar áit le haghaidh infheistíocht agus fás do chuideachtaí idirnáisiúnta."

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Paddy Hayes, Príomfheidhmeannach BSL:

"Cuireann BSL fáilte roimh fhoilsiú na reachtaíochta beartaithe chun infheistíocht chothromais €1.5 billiún a éascú lena dtacófar le plean Líonraí BSL infheistíocht €13.4 billiún a dhéanamh i mbonneagar ríthábhachtach leictreachais i gcaitheamh na gcúig bliana atá romhainn.

"Tá infheistíocht ó Líonraí BSL bunriachtanach chun ár mbonneagar córais leictreachais a fheabhsú – chun tacú le forbairt eacnamaíoch, le fás tithíochta agus athléimneacht níos fearr, agus ag an am céanna córas leictreachais níos dícharbónaithe a chur ar fáil – le haghaidh custaiméirí, le haghaidh an gheilleagair agus le haghaidh ár dtodhchaí."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Athbhreithniú Praghsanna 6

Déanann an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) maoirseacht i dtimthriallta 5 bliana, ar a dtugtar Athbhreithnithe Praghsanna, ar infheistíocht inár líonra, agus ar a chinntiú go bhfuil sé oiriúnach don chuspóir.

Ina dhréachtchinneadh maidir le hAthbhreithniú Praghsanna 6, a eisíodh i mí Iúil 2025, tá infheistíocht bheartaithe suas le €18.1 billiún inár gcóras leictreachais leagtha amach ag CRU, agus tá infheistíocht €14.1 billiún ráthaithe. Tá coinne le cinneadh críochnaitheach faoi dheireadh na bliana.

In Athbhreithniú Praghsanna 6 cuirtear san áireamh spriocanna rialtais agus cuimsítear leis, inter alia, nascadh suas le 50,000 teach nua in aghaidh na bliana, suas le 1 mhilliún feithicil leictreach (EVanna), agus éileamh na n-ionad sonraí atá ar conradh faoi láthair.

Infheistíocht chothromais le haghaidh Líonraí BSL agus EirGrid

Tacófar le hinfheistíocht chothromais an rialtais le haghaidh Líonraí BSL agus EirGrid (€1.5 billiún agus €2 billiún faoi seach) le neart chláir comhardaithe na n-eintiteas sin, agus cabhrófar i ndeireadh na dála lena rátálacha creidmheasa den scoth a choinneáil. Le rátálacha creidmheasa láidre cinnteofar go mbeidh Líonraí BSL agus EirGrid in ann iasacht a thógáil ag rátaí úis ísle agus, ar an gcaoi sin, costas foriomlán na hinfheistíochta a laghdú agus aon tionchar muirir ar bhillí custaiméara a laghdú i ndeireadh na dála. Tríd an maoiniú cothromais sin a chur ar fáil, cabhrófar le méaduithe ar mhuirir líonra leictreachais a mhaolú.

Plean Athléimneachta na hEangaí, Geimhreadh 2025

Tar éis iarraidh ón Aire O'Brien i mí Feabhra ar bhearta chun athléimneacht eangaí a fheabhsú, tá Plean Athléimneachta na hEangaí, Geimhreadh 2025 á chur i bhfeidhm ag Líonraí BSL faoi láthair. Leis an bplean sin, neartaítear an líonra leictreachais sna háiteanna is leochailí, chun cur leis na ceachtanna atá foghlamtha ó theagmhais drochaimsire le déanaí, amhail Stoirm Éowyn. Cuirfear an plean i bhfeidhm faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair.

Soláthar bonneagair

Tá soláthar bonneagair leictreachais mar thosaíocht lárnach don rialtas seo agus beidh gá le cur chuige uile-rialtais chun é a bhaint amach.

  • In 2024, bhunaigh an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil an Grúpa Oibre um an Eangach Amach Anseo, chun seachadadh na heangaí a luathú
  • Bhunaigh an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin an Tascfhórsa um Luathú Bonneagair i mí na Bealtaine 2025, chun bacainní a fhuascailt agus soláthar bonneagair a luathú
  • Luathaigh an tAire Fiontair, Turasóireachta agus Fostaíochta forbairt Plean Gníomhaíochta um Iomaíochas agus Táirgiúlacht lena sainaithneofar leasuithe ar réimsí atá ríthábhachtach d’fheidhmíocht eacnamaíoch na hÉireann
  • Tá an Oifig Gníomhachtaithe Tithíochta sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag tabhairt aghaidhe ar bhacainní roimh sholáthar tionscadal ríthábhachtach bonneagair phoiblí

Le 4 bliana anuas, tá breis is 147,000 teach agus gnólacht nasctha leis an líonra dáileacháin ag ESB Networks, agus leantar den nascadh eangaí a thairiscint d’fhorbairtí tithíochta.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat