Cuireann an tAire O'Brien fáilte roimh Ionchas Gheimhridh EirGrid a thuarann léargas feabhsaithe i gcomparáid leis an ngeimhreadh seo caite
- Foilsithe: 4 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2025
Tá fáilte curtha ag an Aire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O’Brien, roimh foilsiú Ionchas an Gheimhidh 2025/2026 ó EirGrid. Is tuarascáil bhliantúil é an Ionchas Gheimhridh a dhíríonn ar an tréimhse 5 mhí de bhuaicéileamh leictreachais idir Samhain agus Aibreán agus a scrúdaíonn na rioscaí a bhaineann le hacmhainn ghiniúna leordhóthanach a bheith ann le linn na seachtainí buaicéilimh sin. Léirítear leis an Ionchas Gheimhridh 2025/2026 go bhfuil feabhas tagtha ar an scéal ón mbliain seo caite, den chuid is mó mar gheall ar an obair a rinneadh tríd an gclár um Shlándáil an tSoláthair.
Cuid lárnach den Chlár um Shlándáil an tSoláthair is ea soláthar agus infhaighteacht aonad Giniúna Éigeandála Sealadacha (GÉS).
Forbraíodh an Clár um Shlándáil an tSoláthair mar fhreagairt ar sheasamh dúshlánach na hÉireann maidir le leordhóthanacht giniúna, tráth a raibh an ghéarchéim fuinnimh ag tabhairt aird ghéar ar an ábhar seo go hidirnáisiúnta. Leag an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) amach réimse gníomhartha in 2021 chun cobhsaíocht agus athléimneacht bhreise a sholáthar don chóras cumhachta in Éirinn. Áiríodh sa chlár oibre seo soláthar acmhainne Giniúna Éigeandála Sealadach (GÉS), a fhanfaidh ar fáil go dtí go mbeidh an acmhainn athsholáthair riachtanach faighte ón margadh. Faoi láthair tá thart ar 650MW de Ghiniúint Éigeandála Sealadach ar fáil ar an gcóras, atá suite ag An Port Thuaidh, Baile an Huntaigh, Droichead na Sionainne agus Tairbeart. Chomh maith leis sin, rinne an clár oibre conradh maidir le Gob na Muine a choinneáil thar an dáta a bhfuil coinne lena dhúnadh in 2025 – ag rith ar Ola Bhreosla Throm in ionad guail agus, dá bhrí sin, ag soláthar athléimneachta breise don chóras leictreachais go dtí 2029. Ba chóir a thabhairt faoi deara gur gineadóirí lasmuigh den mhargadh iad aonaid Ghob na Muine agus GÉS, agus nach n-úsáidtear iad ach amháin nuair is gá chun tacú le slándáil an tsoláthair.
Ag labhairt ar an dtuarascáil, dúirt an tAire O'Brien:
"Léirítear leis an Ionchas Gheimhridh go n-oibreoidh an córas leictreachais náisiúnta laistigh den leibhéal riosca atá leagtha síos ag an roinn. Dá réir sin, ciallaíonn sé sin go bhfuil dóchúlacht an-íseal ann go rachaidh an córas i staid éigeandála mar gheall ar easpa giniúna chun freastal ar an éileamh. Gan na haonaid ghiniúna breise a seachadadh tríd an gclár, bheadh an mhéadrach riosca don Ionchas Gheimhridh 14 huaire níos airde ná an leibhéal a mheasann an Roinn a bheith inghlactha. Léiríonn sé sin go soiléir an tionchar ríthábhachtach a bhí ag na gníomhartha a rinne mo Roinn, EirGrid, agus an CRU le blianta beaga anuas chun acmhainn ghiniúna na hÉireann a chosaint.
"Seachas an cumas giniúna ar leibhéal náisiúnta, tá réimse gníomhartha á seachadadh ag Líonraí BSL mar chuid dá Phlean Athléimneachta don Gheimhreadh, chun a chinntiú go bhfeabhsaítear athléimneacht ár n-eangach in áiteanna atá leochaileach do dhamáiste stoirmeacha. Léiríonn tionchar suntasach na stoirmeacha le déanaí an gá atá le hinfheistíocht níos mó chun a chinntiú go mbeidh ár líonra leictreachais seasmhach i leith teagmhais drochaimsire. Cuirfidh an Plean Forbartha Náisiúnta foráil ar fáil do sholáthar suas le €3.5 billiún i gcothromas breise chun tacú le hinfheistíocht gan fasach i mbonneagar eangaí leictreachais thar an tréimhse ó 2026 go 2030. Is tosaíocht domsa, agus don rialtas seo ina iomláine, infheistíocht a dhéanamh inár n-eangach leictreachais chun ár gcórais ghiniúna cumhachta a nuashonrú – chun slándáil fuinnimh agus inacmhainneacht fhadtéarmach a fheabhsú do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Tá tuarascáil Ionchas Gheimhridh EirGrid 2025/2026 ar fáil ar shuíomh gréasáin Eirgrid.
- Léirítear leis an Ionchas Gheimhridh go bhfuil feabhas tagtha ar an Ionchas maidir le Cailliúint Lóid (LOLE) go 1.1 uair an geimhreadh seo, i gcomparáid le 3.6 uair an chloig sa gheimhreadh 2024/2025 agus 21 uair an chloig sa gheimhreadh 2023/2024
- Tá sé sin mar gheall ar sheachadadh Giniúint Éigeandála Sealadach (GÉS) agus Coinneáil Aonad atá ann cheana (REU) amhail Gob na Muine agus giniúint nua a chur leis ón margadh
- Tá an 1.1 uair an chloig laistigh den chaighdeán 3 uair an chloig in aghaidh na bliana, rud a chiallaíonn go n-oibreoidh an córas laistigh den leibhéal riosca atá leagtha síos ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil
- Dá mba rud é nach mbeadh GÉS agus REU san áireamh, bheadh an LOLE 43.4 uair an chloig, rud a chuireann béim ar an ról suntasach atá ag na haonaid seo i slándáil acmhainne giniúna leictreachais na hÉireann