Cuireann an tAire O'Brien fáilte roimh leathnú na Scéime Fotavóltach Gréine do Chustaiméirí atá Leochaileach ó thaobh Míochaine de
- Foilsithe: 4 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2025
Córais painéil gréine saor in aisce do dhaoine atá ag brath ar threalamh agus teicneolaíocht míochaine cosanta beatha
Inniu, chuir an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, fáilte roimh an leathnú incháilitheachta don Scéim Fótavoltach Gréine do Chustaiméirí atá Leochaileach ó thaobh Míochaine de, chun gach úinéir tí atá cláraithe faoin gcatagóir tacaíochta beatha de Chlár na Seirbhísí Tosaíochta lena soláthraí fuinnimh a áireamh. Tá na tithe seo ag brath ar threalamh atá faoi chumhacht leictreachais, lena n-áirítear trealamh míochaine, feistí cosanta beatha agus teicneolaíochtaí cúnta ar nós meaisíní scagdhealaithe agus análaitheoirí.
Is tionscnamh spriocdhírithe é an Scéim Fótavoltach Gréine do Chustaiméirí atá Leochaileach ó thaobh Míochaine de – atá deartha chun tacú le suiteáil painéal fótavoltacha gréine (PV) i dteaghlaigh atá cláraithe faoin gcatagóir tacaíochta beatha de Chlár na Seirbhísí Tosaíochta.
Tugadh isteach an scéim mar chlár píolótach ar dtús in 2022 mar fhreagra ar dhúshláin san earnáil fuinnimh de dheasca an chogaidh san Úcráin, agus bunaíodh í do theaghlaigh atá liostaithe faoin gcatagóir tacaíochta beatha de Chlár na Seirbhísí Tosaíochta, a bhí á chothabháil go sonrach ag Líonraí BSL ag an am sin.
Tá thart ar 470 teach tar éis leas a bhaint as an scéim go dtí seo agus tá súil ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil go méadóidh an figiúr sin go suntasach, anois go bhfuil an scéim á leathnú (chun úinéirí tí incháilithe atá cláraithe faoin gcatagóir tacaíochta beatha de Chlár na Seirbhísí Tosaíochta lena soláthraí fuinnimh a áireamh, beag beann ar an am a cláraíodh iad).
Agus é ag cur fáilte roimh an bhforbairt, dúirt an tAire O'Brien:
"Is tosaíocht mhór domsa agus don rialtas ná athléimneacht inár gcórais fuinnimh a sheachadadh. Ar an gcéad dul síos, ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil cosaint ar fáil do na daoine is leochailí inár sochaí. Tá áthas orm a fhógairt, i ndiaidh na rannpháirtíochta láidre agus na dtorthaí dearfacha a breathnaíodh i mbreis is 470 teach, go bhfuil incháilitheacht don Scéim Fótavoltach Gréine do Chustaiméirí atá Leochaileach ó thaobh Míochaine de á leathnú anois chun gach úinéir tí atá cláraithe faoin gcatagóir tacaíochta beatha de Chlár na Seirbhísí Tosaíochta a áireamh, beag beann ar a soláthraí fuinnimh."
Cuirfidh soláthraithe fuinnimh an nuashonrú seo in iúl do chustaiméirí incháilithe sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn, de réir mar a dhéantar athbhreithniú ar na critéir incháilitheachta agus a shainaithnítear úinéirí tí cáilithe chun leas a bhaint as an scéim.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Beidh úinéirí tí atá liostaithe faoin gcatagóir tacaíochta beatha ar Chlár na Seirbhísí Tosaíochta incháilithe go huathoibríoch don scéim. Déanfaidh a soláthraí leictreachais teagmháil dhíreach leo sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn—níl aon iarratas riachtanach.
Chun cáiliú don scéim, ní mór an teach a bheith tógtha agus áitithe ar an 31 Nollaig 2020 nó roimhe sin.
Seolfaidh an soláthraí fuinnimh litir spéise. Ansin, socróidh siad go dtabharfaidh cuideachta fótavoltach gréine cuairt ar an teach agus cinnfidh siad an bhfuil an teach oiriúnach do chóras fótavoltach gréine.
Má mheastar go bhfuil do theach oiriúnach, sceidealóidh an chuideachta fótavoltach gréine dáta suiteála duit.
Má úsáideann tú trealamh tacaíochta beatha amhail meaisíní scagdhealaithe, aerálaithe, nó feistí comhchosúla, déan cinnte go bhfuil tú cláraithe faoin gcatagóir tacaíochta beatha de Chlár na Seirbhísí Tosaíochta le do sholáthraí leictreachais.