Fáiltíonn an tAire O'Brien roimh infheistíocht stairiúil €18.9 billiún i mbonneagar fuinnimh
- Foilsithe: 16 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 7 Eanáir 2026
Leagtar amach in Athbhreithniú Praghsanna 6 de chuid an Choimisiúin um Rialáil Fóntais creat rialála agus infheistíochta bunathraitheach suas go dtí 2030
Cumasófar le hAthbhreithniú Praghsanna 6 an infheistíocht a theastaíonn ónár gcóras fuinnimh chun tithíocht, forbairt thionsclaíoch, digitiú agus gníomhú ar son na haeráide a bhaint amach
D'fháiltigh an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil Darragh O'Brien inniu roimh fhoilsiú Chinneadh Deiridh an Choimisiúin um Rialáil Fóntais maidir le hAthbhreithniú Praghsanna 6, lena gcumhdaítear an tréimhse 2026 go 2030. Leis an gCoimisiúin um Rialáil Fóntais socraítear caiteachas EirGrid agus Líonraí BSL i dtimthriallta 5 bliana ar a dtugtar Athbhreithnithe Praghsanna. Réitítear le hAthbhreithniú Praghsanna 6 an bealach d'infheistíocht stairiúil suas le €18.9 billiún i mbonneagar fuinnimh na hÉireann – chun soláthar a dhéanamh dár ndaonra atá ag fás agus chun infheistíocht inár ngeilleagar a éascú.
Infheistíocht chothromais rialtais €3.5 billiún nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe
Leis an gclár um Athbhreithniú Praghsanna 6 tacófar le hinfheistíocht chothromais rialtais €3.5 billiún nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe inár mbonneagar leictreachais, mar a gealladh sa Phlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe i mí Iúil. Mar chuid den infheistíocht sin, aistreofar €1.5 billiún chuig an BSL an tseachtain seo, chun tacú le bonneagar leictreachais ar talamh a sheachadadh as seo go ceann cúig bliana.
Achtaíodh an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú) 2025, lenar soláthraíodh an mheicníocht don infheistíocht in BSL, mar thosaíocht ag deireadh mhí na Samhna. Chun maoirseacht láidir rialtais ar an infheistíocht a chinntiú, gheobhaidh an tAire tuarascálacha faireacháin ráithiúla maidir le caiteachas na hinfheistíochta agus dul chun cinn ar sheachadadh an chláir infheistíochta fhoriomláin um Athbhreithniú Praghsanna 6.
Bonneagar fuinnimh
Is cuid ríthábhachtach de ghníomhaíocht an rialtais maidir le tithíocht, forbairt thionsclaíoch, digitiú agus gníomhú ar son na haeráide é bonneagar fuinnimh. Leis na leibhéil infheistíochta a comhaontaíodh in Athbhreithniú Praghsanna 6 beifear in ann bonneagar riachtanach fuinnimh a sheachadadh mar a leagtar amach i dtuarascáil agus i bplean gníomhaíochta Bhonneagar Luathaithe an rialtais. In Athbhreithniú Praghsanna 6 déantar foráil freisin d’infheistíocht i gcumas líonra chun a chinntiú gur féidir linn freastal ar níos mó giniúna fuinnimh in-athnuaite ar ár n-eangach.
Ag fáiltiú dó roimh an gcinneadh, dúirt an tAire O'Brien:
"Tá Éire ag dul isteach sa tréimhse is suntasaí d'fhorbairt bonneagair fuinnimh ó tharla leictriú na tuaithe. Éilítear le Plean Gníomhaíochta Bhonneagar Luathaithe an rialtais uaillmhian trom, agus cabhraíonn Athbhreithniú Praghsanna 6 linn é sin a sheachadadh. Leis an gcreat seachadfar an athléimneacht a theastaíonn ónár gcóras fuinnimh chun imeachtaí adhaimsire a sheasamh. Leis an infheistíocht mhórscála freisin féadfaidh Éire an córas fuinnimh a fhorbairt a theastaíonn chun ár spriocanna tithíochta, forbartha tionsclaíche, digitithe agus gníomhaíochta ar son na haeráide a bhaint amach. San fhadtéarma, soláthrófar leis buntáistí costais do theaghlaigh freisin. Éascófar leis an infheistíocht inár n-eangach anois níos mó foinsí in-athnuaite fuinnimh dúchasacha a laghdóidh ár spleáchas ar mhargaí luaineacha gáis idirnáisiúnta sa deireadh.
"Fáiltím freisin roimh an aistriú – an tseachtain seo – de €1.5 billiún i gcothromas rialtais chuig BSL, mar atá geallta sa Phlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe. Cinnteofar leis an gcistiú sin go mbeidh dóthain maoinithe ag Líonraí BSL chun tús a chur le seachadadh an chláir uaillmhianaigh infheistíochta maidir le hAthbhreithniú Praghsanna 6 a thosóidh an bhliain seo chugainn."
The PR6 programme will facilitate a wide range of infrastructure delivery including:
- The connection of up to 300,000 new homes by 2030
- Electrification of public transport projects, including preparation for MetroLink
- Upgrading and preparing our network through an annual network resilience programme, to meet the challenges of climate and storms
- Increasing capacity on the network and upgrading existing infrastructure, to meet the growing electricity demand from homes and businesses
- Network infrastructure to support the connection of up to 1 million electric vehicles and the very significant roll-out of heat pumps
Éascófar raon leathan de sheachadadh bonneagair leis an gclár maidir le hAthbhreithniú Praghsanna 6:
- Suas le 300,000 teach nua a bheith nasctha faoi 2030
- Leictriú tionscadal iompair phoiblí, lena n-áirítear ullmhúchán do MetroLink
- Ár líonra a uasghrádú agus a ullmhú trí chlár bliantúil athléimneachta líonra, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na haeráide agus na stoirmeacha
- Acmhainneacht ar an líonra a mhéadú agus an bonneagar atá ann cheana a uasghrádú, chun freastal ar an éileamh leictreachais atá ag fás ó thithe agus ó ghnólachtaí
- Bonneagar líonra chun tacú le nascadh suas le 1 mhilliún feithicil leictreach agus le rolladh amach an-suntasach teaschaidéal
Ar an iomlán, tá sé i gceist le clár oibreacha maidir le hAthbhreithniú Praghsanna bonneagar eangaí náisiúnta na hÉireann a neartú agus a fheabhsú, rud a ligfidh do Líonraí BSL agus EirGrid tithe agus gnólachtaí nua a nascadh, ciorrú agus costais srianta a laghdú do thomhaltóirí (billí fuinnimh a laghdú ar an gcaoi sin) agus eangach leictreachais na hÉireann a dhéanamh níos athléimní i leith éifeachtaí stoirmeacha. Ina theannta sin, éascófar le huasghrádú na heangaí forbairt fuinnimh in-athnuaite – ar an gcósta agus amach ón gcósta araon – agus ullmhófar leis do thionscadail thábhachtacha iompair phoiblí amhail MetroLink.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Le hAthbhreithniú Praghsanna cumasófar infheistíocht sna nithe seo a leanas:
- Os cionn 500 tionscadal caipitil, lena n-áirítear 29 dtionscadal tarchurtha tosaíochta agus 27 bhfostáisiún dáileacháin tosaíochta
- 27 x fostáisiún nua 110kV, uasghrádú fostáisiún 16 x 110kV, 11 x fostáisiún nua 38kV, uasghrádú fostáisiún 15 x 38kV
- 50,000 athsholáthar cuaillí
- 181km de línte cumhachta nua lastuas
- 319km de cháblaí nua faoi thalamh
- 55km de cháblaí athsholáthair faoi thalamh
- 876km d’acmhainn mhéadaithe ar na línte lastuas atá ann cheana
- Nascadh suas le 300,000 teach nua a éascú faoi 2030
- Acmhainn dár n-uaillmhianta fuinnimh gaoithe amach ón gcósta
- Bonneagar líonra chun tacú le nascadh suas le 1 mhilliún feithicil leictreach agus le rolladh amach an-suntasach teaschaidéal
- Leictriú tionscadal iompair phoiblí, lena n-áirítear ullmhúchán do MetroLink
- Go leor acmhainneachta a thabhairt ar an líonra chun freastal ar éileamh leictreachais atá ag fás ón daonra agus ón tionscal
- Oibriú leis an tionscal agus le forbróirí tionscadal in-athnuaite fuinnimh, chun soláthar na gaoithe ar talamh agus an grianchumhacht leictreach in-athnuaite a mhéadú faoi 2030
- A chinntiú go bhfuil EirGrid réidh le cumhacht gaoithe amach ón gcósta 5GW a fháil go luath sna 2030idí
- Ár líonra a uasghrádú agus a ullmhú, trí chlár bliantúil athléimneachta líonra, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na haeráide agus na stoirmeacha
- Acmhainneacht agus cumais mhéadaithe EirGrid agus Líonraí BSL