Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire O'Brien fáilte roimh an Tuarascáil Tosaigh ón gCoimisiún um Aistriú Cóir

Tá Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, tar éis fáilte a chur roimh an Tuarascáil Tosaigh ón gCoimisiún um Aistriú Cóir, rud a foilsíodh inniu.

Sa tuarascáil sin, iarrtar aistriú cóir uile-Éireann atá uaillmhianach agus comhcheangailte chuig geilleagar aeráidneodrach a rachaidh chun tairbhe don tsochaí ar fad.

Ag labhairt dó faoin tuarascáil, dúirt an tAire O'Brien:

"Tá an tuarascáil tosaigh seo ónár gCoimisiún nua um Aistriú Cóir ina céim an-tábhachtach dúinn de réir mar a leanaimid lenár n-aistriú glas a bhrostú. Níl aon amhras ann ach go bhfuil cuid mhór dúshlán le sárú againn mar rialtas agus mar shochaí, ach tá deis ollmhór le tapú againn freisin. Is gá dúinn éisteacht go réamhghníomhach lenár ndaoine, lenár bpobail agus lenár ngnólachtaí, go háirithe iad sin atá sa riocht is leochailí agus atá sa bhaol is mó. Teastaíonn uainn tuiscint níos fearr ar na dúshláin ar leith atá roimh earnálacha inár sochaí, agus is gá dúinn na pleananna agus na bearta cuí a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh deis ag gach duine bláthú in ionad iad a bheith á bhfágáil ar lár. Bhuail mé le Ali Sheridan, cathaoirleach an Choimisiúin, le déanaí, agus is eol dom, mar ghuth poiblí agus mar éisteoir poiblí, go bhfuil rún daingean ag an gCoimisiún ar fad foghlaim go díreach ó na daoine is mó a ndéantar difear dóibh. Táim ag éisteacht agus ag foghlaim freisin, agus táim ag tnúth le haistriú cóir a bhrú chun cinn go réamhghníomhach, agus aird á tabhairt ar an gcomhairle eolach ón gCoimisiún."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Is ionann an Coimisiún um Aistriú Cóir agus comhlacht comhairleach neamhspleách a bhfuil a chuid oibre dírithe ar smaointeoireacht úr agus cur chuige cuiditheach machnamhach a thabhairt isteach chun cabhrú le hÉirinn ar fad bogadh ar bhealach níos tapa agus níos cothroime i leith an athraithe aeráide. Ní hé amháin go bhféachann an Coimisiún le feidhmiú mar ghuth poiblí ar son aistriú cóir, ach féachann sé le feidhmiú mar éisteoir poiblí freisin, agus é ag foghlaim go díreach uathu sin atá ar thúslíne an athraithe.

Leagtar amach sa chéad tuarascáil ón gCoimisiún roinnt luathmhachnamh agus luathmholtaí maidir le conas is féidir le haistriú cóir chuig geilleagar aeráidneodrach cabhrú le hÉirinn gníomhú ar son na haeráide ar bhealach a théann chun tairbhe do gach duine. Áirítear léi na príomhphointí seo a leanas:

  • Cé nach coincheap nua in Éirinn é aistriú cóir, tharla sé go dtí seo gur bhain sé go príomha leis an Lár Tíre agus leis an aistriú ar shiúl ó thionscail mhóinbhunaithe. Ionas gur féidir linn bogadh ar aghaidh, ní mór an comhrá agus leibhéil feasachta a aistriú níos faide ná an Lár Tíre, á chinntiú go n-éireoidh an t-aistriú cóir ina thosaíocht náisiúnta d'Éirinn ar fad.
  • Tá fís straitéiseach i leith aistriú cóir agus rialachas neartaithe ag teastáil le haghaidh cur chun feidhme éifeachtach us tríothu sin amháin; is gá tuiscint níos doimhne a bheith ann ar na dúshláin agus na deiseanna uathúla atá ann ar fud earnálacha, pobail agus grúpaí éagsúla, amhail earnálacha, pobail agus grúpaí tuaithe, feirmeoireachta agus cósta, daoine sa Lár Tíre, daoine ar ísealioncam, daoine den Lucht Siúil, agus grúpaí imeallaithe eile, i measc daoine eile.
  • Tá fís straitéiseach i leith aistriú cóir agus rialachas neartaithe ag teastáil le haghaidh cur chun feidhme éifeachtach
  • Cur leis an gclár Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide a mhéid a bhaineann le hinrochtaineacht, inacmhainneacht, cuntasacht, agus úsáid fionnachtana
  • Aistriú cóir a chomhtháthú isteach sna teachtaireachtaí agus na cumarsáidí poiblí uile a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide
  • Táscairí a bhunú chun tacú le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na hÉireann i dtreo aistriú cóir, áit a dtugtar aird ar na daoine a ndéanann an t-aistriú an difear is mó dóibh agus ar na daoine is leochailí i leith an aistrithe
  • Na sonraí atá ar fáil a léarscáiliú agus a athbhreithniú agus aghaidh a thabhairt ar bhearnaí i mbailiú sonraí tábhachtacha aistrithe chóir trí iarrachtaí comhoibríocha faireacháin