Fáiltíonn an tAire O'Brien roimh an ngealltanas comhroinnte maidir le dícharbónú ag an dara Cruinniú Mullaigh bliantúil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe
- Foilsithe: 13 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 23 Márta 2026
Glacadh le fuinneamh mar phríomhcholún den Chruinniú Mullaigh agus leagadh béim ar inacmhainneacht, athnuaiteáin agus slándáil fuinnimh
D'fháiltigh an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, roimh an rannpháirtíocht bhisiúil lena mhacasamhail sa Ríocht Aontaithe maidir le saincheisteanna fuinnimh ag deireadh Chruinniú Mullaigh Éire-na Ríochta Aontaithe 2026 a reáchtáladh i gCorcaigh. Taobh leis an Taoiseach, Micheál Martin, an Tánaiste Simon Harris agus comhghleacaithe rialtais sinsearacha, bhuail an tAire O'Brien le Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Keir Starmer agus le Rúnaí Stáit don tSlándáil Fuinnimh agus Glan-nialasacht, Ed Miliband, don dara Cruinniú Mullaigh bliantúil.
Glacadh le fuinneamh mar phríomhcholún den Chruinniú Mullaigh in 2026 agus leagadh béim ar níos mó comhoibrithe idir an dá thír chun gaoth ón talamh a úsáid ag scála, idirnasc leictreachais méadaithe agus bonneagar ríthábhachtach a chinntiú inár spás muirí comhroinnte. In ráiteas uaillmhianach, gheall an dá thír oibriú le chéile ar réimsí cosúil le pleanáil mhuirí, idirnasc, malartú sonraí agus in-acmhainneacht fuinnimh.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire O'Brien ag deireadh an Chruinnithe Mullaigh:
"Tharraing an méid a tharla sa Mheánoirthear le déanaí aird ar leochaileachtaí suntasacha i gcórais fuinnimh atá ag brath ar bhreosla iontaise a iompórtáil. Is é an bealach is fearr chun ár neamhspleáchas fuinnimh a choinneáil slán agus chun costais a laghdú do thomhaltóirí ná tairbhe a bhaint as fuinneamh in-athnuaite dúchasach ag scála. Tá Éire agus an Ríocht Aontaithe tiomanta dár soláthar fuinnimh a dhícharbónú, agus i rith an Chruinnithe Mullaigh seo leagadh síos roinnt príomhghníomhartha a chuirfimid i gcrích le chéile chun a chinntiú go mbeidh ár spás muirí comhroinnte ag feidhmiú mar mhol bisiúil d’úsáid gaoithe amach ón talamh, idirnasc leictreachais méadaithe agus gréasáin feabhsaithe sa limistéar muirí cosanta.
Reáchtáladh an Cruinniú Mullaigh seo ag tráth ina bhfuil 8GW de ghiniúint leictreachais in-athnuaite ar talamh sroichte ag Éire, garsprioc shuntasach. Táimid ag cur leis an obair seo in Éirinn agus in éineacht lenár gcomharsana, tá deiseanna á gcruthú againn do phoist, infheistíochtaí agus geilleagar níos cobhsaí."
Ag Cruinniú Mullaigh na bliana seo síníodh Meabhrán Tuisceana, a raibh síneadh curtha leis, idir oibritheoirí córais tarchurtha leictreachais na hÉireann, na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (EirGrid, NESO agus SONI), chun dlús a chur le roinnt eolais agus le comhoibriú.
D’fháiltigh an tAire O'Brien agus an Rúnaí Stáit Miliband roimh dhul chun cinn a bhain leis an Idirnascaire MaresConnect a bhí á fhorbairt go príobháideach – a bheidh ag feidhmiú mar an ceathrú idirnascaire leictreachais fomhuirí idir oileán na hÉireann agus an Ríocht Aontaithe – agus thug siad gealltanas maidir le dul chun cinn sofheicthe a dhéanamh i ndáil leis an Idirnascaire Thuaidh-Theas faoi dheireadh 2026.
CRÍOCH