Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire O'Brien fáilte roimh thoradh rathúil an dara ceant gaoithe amach ón gcósta de chuid an Stáit

Faigheann ceant Tonn Nua praghas an-iomaíoch i gcomparáid le ceantanna idirnáisiúnta le déanaí

Léiríonn an toradh muinín idirnáisiúnta i dtionscal gaoithe amach ón gcósta na hÉireann

Is féidir le 900MW d'fhuinneamh in-athnuaite glan cumhacht a chuir ar fáil le haghaidh beagnach 1 mhilliún teach, praghsanna fuinnimh a laghdú, agus slándáil soláthair na hÉireann a mhéadú

Cuirfidh an tionscadal fuinnimh amach ón gcósta poist, cistí leasa pobail agus buntáistí eacnamaíocha níos leithne ar fáil

Chuir an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, fáilte inniu roimh thorthaí sealadacha an dara ceant gaoithe amach ón gcósta de chuid an Stáit faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Amach ón gCósta (ORESS). Is tráth tábhachtach eile iad na torthaí thar a bheith dearfacha in uaillmhianta fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta (ORE) na hÉireann, rud a léiríonn muinín idirnáisiúnta i gcumas ORE na hÉireann.

Thug próiseas ceantála Tonn Nua cuireadh d'fhorbróirí tionscadal fuinnimh in-athnuaite dul san iomaíocht lena chéile, trí thairiscintí chomh híseal agus ab fhéidir a dhéanamh, chun conradh a bhuachan chun leictreachas in-athnuaite a sholáthar ar feadh tréimhse 20 bliain. Sháraigh toradh an cheant iomaíoch ár n-ionchais, agus baineadh amach praghas fuinnimh in-athnuaite de €98.719 in aghaidh na huaire meigeavata (MWh). Tá an praghas seo chomh dearfach le ceantanna fuinnimh amach ón gcósta le déanaí i ndlínsí eile agus an praghas a fuarthas i gceant RESS 5 ar tír le déanaí in Éirinn. Chun comparáid a dhéanamh, is é €114/MWh an meánphraghas mórdhíola leictreachais in Éirinn go dtí seo in 2025.

Is é Helvick Head Offshore Wind DAC an t-iarratasóir a bhuaigh, comhpháirtíocht chomhfhiontair idir BSL agus forbróir fuinnimh in-athnuaite atá lonnaithe sa Danmhairg, Ørsted. Tá BSL páirteach in dhá thionscadal mhóra fuinnimh gaoithe amach ón gcósta in Albain. Tá feirmeacha gaoithe amach ón gcósta á reáchtáil ag Ørsted sa Danmhairg, sa Ghearmáin, san Ísiltír, sa Pholainn, i dTéaváin, sna Stáit Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe. I mí an Mheithimh 2023, d'fhógair BSL agus Ørsted comhpháirtíocht 50/50 chun píblíne tionscadal forbartha gaoithe amach ó chósta na hÉireann a fhorbairt.

Ba é ceant Tonn Nua an chéad cheann a tionóladh do shuíomh laistigh den chéad phlean spásúil de chuid an Stáit le haghaidh forbairt ORE – Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe an Chósta Theas (SC-DMAP). Tá suíomh Tonn Nua suite amach ó chósta Phort Láirge. Soláthróidh sé 900 meigeavata (MW) d'fhuinneamh glan, atá leordhóthanach chun cumhacht a thabhairt do bheagnach 1 mhilliún teach. Sábhálfaidh sé 1.8 milliún tonna d’astaíochtaí CO2 gach bliain tar éis a thógála, rud a chuirfidh go mór le spriocanna níos leithne na hÉireann maidir leis an aeráid agus le leictreachas in-athnuaite. Tá Tonn Nua ar cheann de cheithre shuíomh mhuirí laistigh de SC-DMAP atá sainaitheanta le haghaidh forbairt gaoithe amach ón gcósta sa todhchaí.

Cheadaigh an tOireachtas an SC-DMAP i mí Dheireadh Fómhair 2024 tar éis próiseas cuimsitheach measúnaithe comhshaoil, agus próiseas rannpháirtíochta a mhair beagnach bliana le pobail chósta agus le páirtithe leasmhara tábhachtacha, lena n-áirítear iascairí, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus údaráis áitiúla. Léirigh anailís neamhspleách go mbeidh buntáistí eacnamaíocha agus deiseanna fostaíochta suntasacha mar thoradh ar chur i bhfeidhm an SC-DMAP.

Chuir Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, fáilte roimh na torthaí, agus dúirt sé:

"Is garsprioc thábhachtach iad na torthaí sealadacha cheant Tonn Nua in uaillmhianta fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta an Stáit. Is dea-scéal é an praghas thar a bheith iomaíoch a fuarthas le hgahaidh tomhaltóirí fuinnimh na hÉireann agus dár náisiún. Tugann sé muid níos gaire chun dúshláin na slándála agus na hinacmhainneachta fuinnimh a shárú, agus i dtreo neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach. Is léiriú dearfach ar Éirinn é freisin gur féidir linn, mar thír, méideanna ollmhóra fuinnimh ghlan a fhorbairt agus a tháirgeadh. Is comhartha soiléir é go bhfuil muinín ag cuideachtaí idirnáisiúnta as uaillmhian agus bonneagar na hÉireann. Tá acmhainneacht ard gaoithe amach ón gcósta ag Éirinn – ní hamháin chun fuinneamh níos glaine agus níos sláine a chur ar fáil dár dtithe agus dár ngnólachtaí, ach d’fhéadfaí na mílte post glas nua a sholáthar do go leor do na pobail ar fud an Stáit chomh maith. Cinnteoidh soláthar fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta freisin go leanfaidh Éire agus ról a ghlacadh i ndul i ngleic leis an ngéarchéim athraithe aeráide."

Ráiteas ón Aire Stáit le freagracht ar leith as cúrsaí Mara, Timmy Dooley:

"Tá an-cháil bainte amach ag Éirinn cheana féin maidir le fuinnimh gaoithe de. Is é fógra an lae inniu an chéad chaibidil eile sa scéal sin, agus is tionscadal eiseamláireach é agus muid ag bogadh i dtreo DMAP náisiúnta le haghaidh fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. Is garsprioc ríthábhachtach í seo i seachadadh creat soiléir agus inbhuanaithe chun fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a fhorbairt, chun freastal ar fhás eacnamaíoch, chun an comhshaol a chosaint, agus do rannpháirtíocht phobail chun tacú le haistriú na hÉireann chuig todhchaí ísealcharbóin."

Is torthaí sealadacha iad torthaí Tonn Nua a fógraíodh inniu agus tá siad faoi réir ghnáthphróisis dheimhnithe RESS. Fógrófar torthaí deiridh an cheant ar an 9 Nollaig.

Forálacha an Chiste Leasa Pobail

Faoi fhorálacha chiste leasa phobail Tonn Nua, ceanglaítear ar an tionscadal rathúil íocaíochtaí a dhéanamh le pobail chósta áitiúla i gcomharsanacht na forbartha. Cuirfidh ciste Tonn Nua, arna bhunú ag an tairgeoir ceant rathúil, €140 milliún ar fáil i sochair phobail thar 20 bliain, ag tosú roimh an tógáil agus ag leanúint ar aghaidh le linn chéim oibríochta an tsuímh fuinnimh in-athnuaite. Tacóidh an ciste €7 milliún in aghaidh na bliana le folláine inbhuanaithe chomhshaoil, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha an phobail áitiúil, le deontais do chlubanna áitiúla agus do ghrúpaí agus tionscadail phobail eile.

I mí na Bealtaine 2023, ba mhór an rath é torthaí chéad cheant gaoithe amach ón gcósta na hÉireann, ORESS 1, d’uaillmhianta ORE an Stáit, agus baineadh amach praghas thar a bheith iomaíoch – ag meán de €86.05/MWh. Tá iarratais ar thoiliú pleanála curtha isteach chuig an gCoimisiún Pleanála ag 5 thionscadal 'Céim a hAon' a ghlac páirt in ORESS 1. Is ionann a n-acmhainn chomhchoiteann atá cothrom le 3.8GW agus níos mó ná 60% de bhuaicéileamh leictreachais reatha na hÉireann.

Bogfaidh an rialtas anois i dtreo socruithe a dhéanamh chun na 3 shuíomh SC-DMAP atá fágtha a thabhairt chuig an margadh, ag obair go dlúth le hEirGrid chun roghanna nasctha leis an eangach a fhorbairt. Cinnteoidh sé seo go mbeidh píblíne chomhsheasmhach forbairtí amach ón gcósta ar siúl sna blianta amach romhainn.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Tonn Nua

Tá Tonn Nua suite amach ó chósta Chontae Phort Láirge agus clúdaíonn sé achar mara iomlán de 306 ciliméadar cearnach. Athraíonn an fad go dtí an cladach ó 12.2 ciliméadar feadh na teorann thiar go 12.4 ciliméadar feadh na teorann thuaidh. Tá meándhoimhneacht uisce de 57 méadar ag Tonn Nua, le íosdoimhneacht uisce de 48 méadar agus uasdoimhneacht uisce de 69 méadar. Le dlús tipiciúil de 4.5MW / ciliméadar cearnach, bheadh spás iomlán muirí de thart ar 65% laistigh de Thonn Nua á úsáid ag forbairt 900MW. Beidh sé indéanta leagan amach na feirme gaoithe agus teorainneacha an tionscadail a choigeartú, de réir mar is gá, mar gheall ar an tsolúbthacht spásúil a chuirtear ar fáil.

DMAP an Chósta Theas (SC-DMAP)

Faomhadh an SC-DMAP san Oireachtas ar an 31 Deireadh Fómhair 2024, i ndiaidh próiseas measúnaithe teicniúil, eacnamaíoch agus comhshaoil, Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) agus measúnaithe iomchuí, agus próiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus go háirithe le pobail chósta i gCorcaigh, Port Láirge agus Loch Garman. Sainaithnítear ceithre limistéar mhuirí amach ó chósta theas mar chuid den SC-DMAP, ina ndéanfar forbairt gaoithe amach ón gcósta sna deich mbliana atá le teacht, agus acmhainn iomlán de thart ar 5GW, lena n-áirítear suíomh ceantála Tonn Nua. Tá an tAire Ó Briain ag déanamh scrúdú ar an chur chuige is oiriúnaí chun na 3 shuíomh atá fágtha a chur ar ceant agus tá sé ag obair go dlúth i dteannta EirGrid chun roghanna nasctha leis an eangach a fhorbairt.

Is féidir leat leathanach SC-DMAP a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.

Tascfhórsa um Seachadadh Gaoithe Amach ón gCósta

Bunaíodh an Tascfhórsa tras-rannach um Sheachadadh Gaoithe Amach ón gCósta in 2022 chun seachadadh fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a luathú agus chun na deiseanna eacnamaíocha agus gnó fadtéarmacha a bhaineann le forbairt na hearnála a thiomáint. Tá an Tascfhórsa faoi chathaoirleacht na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, agus mar chuid dó, tagann oifigigh shinsearacha ó 16 roinn agus ghníomhaireacht rialtais le chéile chun uaillmhianta gaoithe amach ón gcósta na hÉireann a bhaint amach.

Ceann de na príomhthorthaí ón Tascfhórsa is ea an Clár Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta (OWEP), plean ar fud an chórais a rianaíonn an obair leanúnach ar fud an Rialtais chun ár n-uaillmhianta gaoithe amach ón gcósta agus spriocanna an Phlean Gníomhaíochta Aeráide a bhaint amach. Foilsítear tuarascáil bhliantúil lena n-áirítear príomhghníomhartha le cur i gcrích an bhliain seo chugainn ar leathanach tiomnaithe an Tascfhórsa ar gov.ie.

Foilsíodh an Tuarascáil Bhliantúil is déanaí i mí an Mheithimh 2025.

Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025

Tá Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025 ceadaithe ag an rialtas agus foilsithe. Is é Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025 an ceathrú nuashonrú bliantúil ar Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide na hÉireann 2019. Is é seo an tríú plean a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021 agus i ndiaidh Buiséid Charbóin agus Uasteorainneacha Astaíochtaí Earnála a chuir i bhfeidhm ar fud an gheilleagair. Tá gealltanas tugtha sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025 go bhforbrófar 5 GW d’acmhainn ghaoithe amach ón gcósta agus go mbeidh tionscadail á dtógáil faoi 2030 agus go gcuirfear fuinneamh ar fáil dóibh a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Cruthóidh cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide poist, deiseanna eacnamaíocha nua agus cosnóidh sé daoine agus an pláinéad.

Deis eacnamaíoch do Chósta Theas

Cuirfidh an Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe (DMAP) deiseanna fíor ar fáil le haghaidh forbairt réigiúnaí suntasaí feadh an Chósta Theas. Leag anailís neamhspleách béim ar na buntáistí eacnamaíocha féideartha seo agus ar na deiseanna fostaíochta a bhaineann le cur i bhfeidhm an Phlean – rud a d’fhéadfadh infheistíocht isteach de €4.4 billiún agus meastachán de 49,000 bliain fhostaíochta coibhéiseach lánaimseartha (FTE) a sholáthar do gheilleagar na hÉireann. Léiríonn an anailís freisin gur cheart go mbeadh níos mó ná 65% den infheistíocht isteach agus de dheiseanna fostaíochta á ngabháil ag réigiún cósta theas na tíre. Trí phíblíne de limistéir forbartha gaoithe amach ón gcósta a bhunú, tugann DMAP an Chósta Theas deimhneacht freisin do thionscal gaoithe amach ón gcósta atá ag fás in Éirinn, agus cuirfidh sé seo na hinfheistíochtaí ar fáil atá riachtanach chun an t-aistriú chuig fuinneamh glas in Éirinn a luathú.

Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe (DMAPanna)

Mar chuid den réimeas náisiúnta nua atá faoi stiúir phleananna le haghaidh ORE, cinnteoidh bunú Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe (DMAPanna) go mbeidh forbairtí ORE i ndiaidh Céim a hAon faoi stiúir pleananna spásúla muirí arna sainaithint ag an rialtas. Agus é sin á dhéanamh, cuirfidh sé creat ar fáil le haghaidh úsáid inbhuanaithe acmhainn gaoithe amach ón gcósta agus spás mara an Stáit trí chinnteoireacht chomhordaithe, comhleanúnach agus trédhearcach i ndáil le forbairt ORE. Bhí sé lárnach in ullmhú an DMAP deiseanna a uasmhéadú le haghaidh cómhaireachtáil idir tionscadail ORE agus úsáideoirí mara eile, lena n-áirítear iascairí. Ciallaíonn sé seo gurb í Éire an chéad tír san Aontas Eorpach a chuirfidh oibleagáidí reachtúla cómhaireachtála coibhéiseacha ar fhorbróirí ORE chun cómhaireachtáil a éascú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat