Fáiltíonn an tAire O'Brien agus an tAire Dooley roimh cheapachán Príomhfheidhmeannaigh nua ar Iascach Intíre Éireann
- Foilsithe: 23 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 23 Márta 2026
Inniu, d'fháiltigh an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien agus an tAire Stáit, Timmy Dooley, roimh cheapadh an Dr Eamonn Kelly mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin (POF) nua ar Iascach Intíre Éireann (IIÉ).
Rinneadh an ceapachán de réir alt 23 d'Acht um Iascach Intíre, 2010, i ndiaidh próisis earcaíochta oscailte a chuir an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí i gcrích thar ceann Bhord IIÉ.
Dúirt an tAire O'Brien:
"Cúis áthais dom a dheimhniú go bhfuil an Dr Eamonn Kelly ceaptha mar POF nua ar Iascach Intíre Éireann. Guím gach rath air ina phost nua. Beidh príomhról ag an POF i dtacú leis an mBord agus leis an bhfoireann de réir mar a leanann IIÉ ar aghaidh ag cur lena rialachas, cumas eagrúcháin agus lena fheidhmeanna reachtúla a sheachadadh."
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Dooley le linn dó a bheith ag fáiltiú roimh an gceapachán:
"Is mian liom tréaslú leis an Dr Eamonn Kelly atá ceaptha mar an chéad POF eile ar IIÉ. Tá ról lárnach ag an POF i seachadadh fheidhmeanna reachtúla IIÉ agus i gcur chun feidhme a Ráiteas Straitéise a stiúradh, agus tá mé ag súil le bheith ag obair i ndlúthchomhar le hEamonn chun a chinntiú go bhfuil ár gcuid aibhneacha, lochanna agus iascach á mbainistiú go hinbhuanaithe ar mhaithe leis na glúnta amach anseo."
Is comhlacht reachtúil é IIÉ atá ag feidhmiú faoi choimirce na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, agus ba i mí Iúil 2010 a bunaíodh é faoin Acht um Iascach Intíre. I measc a phríomhfheidhmeanna tá cosaint, bainistiú agus caomhnú na n-acmhainní iascaigh intíre – acmhainn nádúrtha luachmhar a nglactar léi mar chuid dár bhféiniúlacht chultúrtha, chomhshaoil agus eacnamaíoch. Tá breis is 74,000 ciliméadar d’aibhneacha agus sruthanna úruisce le fáil in Éirinn, mar aon le 128,000 heicteár de lochanna agus go leor acmhainní fairsinge slatiascaireachta farraige laistigh den teorainn 12 mhuirmhíle.
Ghlac na hAirí buíochas le Bord IIÉ agus leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí as an obair a rinne siad chun an próiseas earcaíochta a chur i gcrích go rathúil.
Cuirfidh an POF nua tús leis an ról ar an 13 Aibreán.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
An Dr Eamonn Kelly
Tá an Dr Eamonn Kelly ag glacadh le post le hIascach Intíre Éireann i ndiaidh dó a bheith ag obair in An Coimisiún Pleanála. Tá BSc agus PhD sa Zó-eolaíocht bainte amach aige in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le Dioplóma sa Rialachas Corparáideach. Chaith an Dr Kelly 12 bhliain ag obair sa tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, agus bhí sé freagrach as taighde a dhéanamh agus as comhairle a thabhairt a bhain le caomhnú agus le hathchóiriú speiceas cosanta agus gnáthóg uisceach. Chaith sé tamall ag obair ar fhorbairt iascaigh chladaigh freisin. Roimhe seo bhí sé ag feidhmiú mar phríomhoifigeach sa Státseirbhíse, agus mar thaidhleoir Éireannach don AE.