Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceiliúrann an tAire O'Brien agus an tAire Heydon príomhchéim chun forbairt earnála bithmheatáin inbhuanaithe go hintíre in Éirinn a chinntiú

Bunsprioc inghnóthaithe faoi Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin – An Chairt um Inbhuanaitheacht Comhshaoil Bithmheatáin foilsithe anois

D’fhógair an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil Darragh O'Brien agus an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Martin Heydon foilseachán na Cairte um Inbhuanaitheacht Comhshaoil Bithmheatáin. Tá an rialtas tiomanta fós i leith tacú le forbairt earnála bithmheatáin ar scála in Éirinn. Tá forbairt Cairte um Inbhuanaitheacht Bithmheatáin mar chuid den Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin tábhachtach chun rolladh amach rathúil tionscail bithmheatáin arna threorú ag talmhaíocht a chinntiú, agus chun aon iarmhairt chomhshaoil neamhbheartaithe nó dhiúltach a mhaolú.

Cuireann an Chairt, arna forbairt i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus leis an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, le hoibleagáidí reatha rialála nó dlíthiúla agus leagtar amach treoirlínte dea-chleachtais chun na leasa a bhaineann le díleá anaeróbach a uasmhéadú, fad a íoslaghdaítear a thionchar comhshaoil ar úsáid talún, ar cháilíocht uisce, ar bhithéagsúlacht, agus lena gcinntítear caighdeán ard sláinte agus sábháilteachta laistigh den earnáil.

Beidh feidhm ag an gCairt, arna fhorbairt i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara, agus faoi mhaoirseacht an Ghrúpa Cur Chun Feidhme um Bithmheatán, ar thionscadail bhithmheatáin á bhforbairt in Éirinn agus atá ag fáil aon tacaíocht i bhfoirm cistithe phoiblí, lena n-áirítear scéim tacaíochta náisiúnta díleá anaeróbaigh (DA)/bithmheatáin. Leagtar amach sa Chairt an raon feidhme agus an fhís don earnáil bithmheatáin, agus na dea-chleachtais gur chóir do lucht na hearnála a bheith tiomanta ina leith agus a chomhlíonadh le linn céimeanna dearaidh ionaid, tógála agus oibriúcháin táirgthe.

Tiomantas na Cairte

Áirítear 17 dtiomantas agus 8 moladh sa Chairt dírithe ar 4 bhunphrionsabal lena n-áirítear:

  • Bainistíocht Díleáiteáin
  • Táirgeadh Inbhuanaithe Bunábhair
  • Dearadh agus Oibriúchán Ionaid, agus
  • Rannpháirtíocht Phobail agus Áitiúil

Tá an Chairt ar fáil le féachaint uirthi ar shuíomh gréasáin na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.

Foilsíodh chomh maith tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le seachadadh gníomhartha laistigh den Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin. Tá sé sin ar fáil le féachaint uirthi ar shuíomh gréasáin na roinne.

Dúirt an tAire O'Brien:

"Is bunchuspóir bunú tionscail bithmheatáin dhúchasaigh ar scála é inbhuanaitheacht chomhshaoil a chur chun cinn agus a fheabhsú. Mar sin, táthar ag súil go gcomhlíonfaidh gach ionad DA na caighdeáin is airde chomhshaoil agus tionscail.

"Trí mheán na Cairte um Inbhuanaitheacht Comhshaoil Bithmheatáin tá an tionscal DA agus bithmheatáin tiomanta do na cosaintí comhshaoil agus don rannpháirtíocht phobail atá riachtanach de réir mar a chuirimid tús le hacmhainní fuinnimh in-athnuaite intíre inár meascán fuinnimh a mhéadú. Trí mheán na ndea-chleachtais arna leagadh amach sa doiciméad seo a leanúint, léiríonn oibritheoirí, feirmeoirí, innealtóirí, comhairleoirí pleanála, innealtóirí dearaidh agus forbróirí a dtiomantas i leith bhuntáistí agus luachshocrú an díleá anaeróbaigh agus na dtáirgí bith-bhunaithe a uasmhéadú, fad a íoslaghdaítear a thionchar comhshaoil, cáilíocht uisce fheabhsaithe agus caighdeáin arda sláinte agus sábháilteachta a chinntiú.

"Tá an Rialtas tiomanta i leith tacú le leibhéal táirgthe go hoiread agus 5.7 uaireanta teireavata (TWh) de bhithmheatán táirgthe go dúchasach in aghaidh na bliana, agus is ionann sin agus thart ar 10% d’éileamh reatha gáis in Éirinn."

Dúirt an tAire Heydon:

"Is garsprioc thábhachtach eile é foilsiú na Cairte um Inbhuanaitheacht Comhshaoil Bithmheatáin i bhforbairt na hEarnála Bithmheatáin in Éirinn. Is bunsprioc inghnóthaithe í an chairt seo faoin Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin chun cabhrú lena chinntiú gur féidir le hearnáil bithmheatáin na hÉireann an sprioc de 5.7 Teireavata a bhaint amach faoi 2030.

"Ó thaobh an dearcaidh talmhaíochta de, tá buntáistí soiléire ann i dtaca le cur le seachadadh spriocanna fuinnimh in-athnuaite. Mar aon leis an deis chun ioncaim feirme a éagsúlú, léiríonn an earnáil bithmheatáin conair d’fheirmeoirí chomh maith chun úsáid leasacháin a laghdú trí infhaighteacht mhéadaithe díleáiteáin táirgthe go hintíre."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

  • Tá an rialtas tiomanta i leith 5.7 TWh de bhithmheatán táirgthe go dúchasach a sheachadadh faoi 2030, agus is ionann sin agus 10% d’éileamh reatha gáis
  • Foilsíodh an Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin i mBealtaine 2024, agus leagtar amach inti conair chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le seachadadh sprice a bhaint amach agus leagtar amach na tacaíochtaí riachtanacha agus na cumasóirí polasaí a bhfuil gá leo le fás a spreagadh ar fud na hearnála bithmheatáin
  • Cuireadh an Grúpa Cur Chun Feidhme Bithmheatáin ar bun chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise agus ar sheachadadh na 25 phríomhghníomh straitéiseach chun a chinntiú go bhfuil an bonneagar agus na tacaíochtaí riachtanacha i bhfeidhm chun tacú le forbairt tionscail dhúchasach bithmheatáin ar scála
  • Tá an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil ag feidhmiú mar chathaoirleach don Ghrúpa Cur Chun Feidhme um Bithmheatán le dlúth-thacaíocht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus tuairiscítear don Tascfhórsa um Theas agus an Timpeallacht Thógtha. Is ionann an grúpa agus ionadaithe ó phríomhghníomhaireachtaí agus páirtithe leasmhara seachtracha a dhéanfaidh monatóireacht ar dhul chun cinn agus ar thionchar ghníomhartha na straitéise.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat