Praghasluainiú fíorbheag ar chostais bailithe dramhaíola tí i mí Mheán Fómhair
- Foilsithe: 19 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Athruithe ar phraghsanna
- An fáth nach luaitear ainmneacha leis an eolas a thugaimid
- Comhdhéanamh an Ghrúpa Faireacháin Praghsanna
Sonraí Mheán Fómhair 2020 – Is beag athrú, le hais na míosa roimhe, a tháinig ar na praghsanna a ghearr gnólachtaí bailithe dramhaíola as dramhaíl tí a bhailiú. Sin an toradh is déanaí ag an nGrúpa Faireacháin Praghsanna, a rinne anailís ar an margadh maidir le roinnt seachtainí go déanach i mí Mheán Fómhair.
Tá na sonraí bunaithe ar anailís a rinneadh ar réimse gnólachtaí ceadúnaithe bailithe dramhaíola tí. Tá 19 gcomhlacht ar leith i gceist agus bíonn cuid acu ag feidhmiú i níos mó ná réimse amháin. Déantar monatóireacht ar 26 margadh san iomlán.
Le linn phróiseas dearbhaithe praghsanna mhí Lúnasa, chuathas i dteagmháil le gnólachtaí trí scairt a chur orthu agus trína suíomhanna gréasáin a cheadú freisin.
Tá cúrsaí praghsála i dtaca le bailiú dramhaíola tí casta.
Mar a cuireadh in iúl i dtuarascálacha roimhe seo, cuireann formhór na ngnólachtaí bailithe dramhaíola tí níos mó ná pacáiste bailithe dramhaíola tí amháin ar fáil sna margaí a bhfuil siad ceadúnaithe chun feidhmiú iontu. Díríonn an chuid is mó acu ar phacáiste aonair, áfach: táille sheirbhíse, lamháltas meáchain san áireamh, móide táille bharrachais in aghaidh an kg os cionn an lamháltais.
I mí Mheán Fómhair, ní raibh aon athrú ar líon iomlán na bpacáistí praghsála, is é sin 8. Ar na pacáistí praghsála atá ar fáil tá táille sheirbhíse móide táille in aghaidh an kg meáchain, E-tag agus roghanna eile. Is é 50 líon iomlán na bpacáistí praghsála maidir le bailiú dramhaíola sna gnólachtaí a ndearnadh faireachán orthu – sin méadú ar a dó le hais na míosa roimhe.
Feabhsú maith ar sheirbhísí do chustaiméirí
Ó thaobh seirbhísí do chustaiméirí go ginearálta, bhí caighdeán na nglaonna seirbhíse i bhfad níos fearr ná mar a bhí an mhí roimhe. Go ginearálta, bhí baill foirne a bhí ag plé le seirbhísí do chustaiméirí iontach cuidiúil agus eolasach. Bhí líon beag gnólachtaí ann, áfach, nach raibh ag teacht leis an bpatrún seo.
Athruithe ar phraghsanna
Is iad seo a leanas na praghasluainithe:
- Soláthróir Seirbhísí A – D’ardaigh siad an táille as ábhar in-athchúrsáilte a thógáil agus an táille as ábhar orgánach a thógáil ó €4 go €5.50. Tá sé spéisiúil go bhfuil an dá phraghas seo anois ar ais mar a bhí i mí Iúil (Sraith 31). (Táille sheirbhíse móide táille in aghaidh na tógála in aghaidh na haraide).
- Soláthróir Seirbhísí D – D’ardaigh siad an táille sheirbhíse ó €19.10 go €26.66. Leis an méadú seo, tá an praghas mar an gcéanna leis an bpraghas a luaíodh i mí Iúil. (Táille sheirbhíse (lamháltas meáchain san áireamh) móide táille in aghaidh an kg as meáchan barrachais os cionn an lamháltais).
- Soláthróir Seirbhísí F – Laghdaigh siad an táille sheirbhíse de bheagán ó €26.00 go €25.80. Tá an praghas mar an gcéanna anois leis an bpraghas a luaíodh i mí Iúil maidir leis an ngnólacht seo (táille sheirbhíse móide táille mheáchanbhanda).
- Soláthróir Seirbhísí I – D’ardaigh siad an táille as dramhaíl a thógáil ó €13 go €13.50. (Táille in aghaidh na tógála (lamháltas meáchain san áireamh) móide táille in aghaidh an kg as meáchan barrachais os cionn an lamháltais).
- Soláthróir Seirbhísí K – Laghdaigh siad an táille sheirbhíse ó €26.14 go €24.16 (Táille sheirbhíse (lamháltas meáchain san áireamh) móide táille in aghaidh an kg as meáchan barrachais os cionn an lamháltais).
- Soláthróir Seirbhísí P – D’ardaigh siad an táille sheirbhíse ó €27.75 go €28.33 (táille sheirbhíse (lamháltas meáchain san áireamh) móide táille in aghaidh an kg as meáchan barrachais os cionn an lamháltais).
An fáth nach luaitear ainmneacha leis an eolas a thugaimid
Is é seo a leanas cuspóir an Ghrúpa Faireacháin Praghsanna: a fháil amach an mbíonn luainiú ar na praghsanna a íocann sealbhóirí tí as bailiú dramhaíola tí, an luainiú sin a rianú, agus sa chás ina mbíonn luainiú ann, méid an luainithe a fháil amach. Is le rúnsiopadóireacht i gcion de na gnólachtaí ceadúnaithe bailithe dramhaíola a dhéantar seo. Ní féidir ainmneacha na ngnólachtaí a ndéantar faireachán gníomhach orthu a fhoilsiú, áfach, siocair nach ndéantar faireachán ar phraghsanna ach i gcuid den mhargadh agus ní sa mhargadh iomlán.
Comhdhéanamh an Ghrúpa Faireacháin Praghsanna
Tá ionadaithe ó na heagrais seo a leanas sa ghrúpa:
- An Rannóg um an Beartas Dramhaíola agus Éifeachtúlacht Acmhainní
- Eacnamaí ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son an hAeráide agus Comhshaoil
- Staitisteoir ón bPríomh-Oifig Staidrimh
- Shelfwatch – grúpa neamhspleách faireacháin praghsanna, agus
- Frank Conway (MoneyWhizz) – saineolaí neamhspleách ar thomhaltóirí
Go dtí seo, tá an Grúpa Faireacháin Praghsanna i ndiaidh theacht le chéile trí uair is tríocha: 13 Meán Fómhair 2017, 11 Deireadh Fómhair, 14 Samhain, 12 Nollaig, 9 Eanáir 2018, 13 Feabhra, 13 Márta, 10 Aibreán, 14 Bealtaine, 20 Meitheamh, 17 Iúil, 14 Lúnasa, 11 Meán Fómhair, 16 Deireadh Fómhair, 14 Samhain, 11 Nollaig 2018, 15 Eanáir 2019, 12 Feabhra, 14 Márta, 9 Aibreán, 14 Bealtaine, 11 Meitheamh, 9 Iúil, 20 Lúnasa, 10 Meán Fómhair, 8 Deireadh Fomhair, 12 Samhain, 16 Nollaig 2019, 22 Eanáir 2020, 17 Feabhra, 10 Márta, 11 Lúnasa, 8 Meán Fómhair agus 13 Deireadh Fómhair 2020 (bhí briseadh ceithre mhí ann i monatóireacht praghsanna mar thoradh ar an ráig de COVID-19).
CRÍOCH
Cuirtear aighneachtaí chuig: pricemonitoringgroup@dccae.gov.ie
Tugtar ar aird gur bunaíodh an cuntas ríomhphoist seo le gur féidir le daoine eolas ábhartha faoi phraghsanna a chur chuig an nGrúpa. Déanfaidh an Grúpa an t-eolas uile a chuirfear chuige faoi phraghsanna a íocann úsáideoirí cónaithe as bailiú dramhaíola tí a mheas. Ar an drochuair, ní féidir leis an nGrúpa freagraí a chur ar ais ar na ríomhphoist a fhaigheann siad.