Seolann an tAire Smyth comhairliúchán ar Nascacht Idirnáisiúnta don Teileachumarsáid
- Foilsithe: 31 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Díreofar sa chomhairliúchán ar cháblaí fomhuirí lena nascfar Éire leis an gcnámh droma Idirlín Dhomhanda
Tá Ossian Smyth, an tAire Stáit don Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht as Cumarsáid, ag seoladh comhairliúchán ar nascacht idirnáisiúnta don teileachumarsáid. Osclófar an comhairliúchán Dé hAoine an 31 Bealtaine agus beidh sé ar oscailt go dtí an 19 Iúil. Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo cuireadh a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a thabhairt ar stádas na nascachta idirnáisiúnta don teileachumarsáid in Éirinn.
Tá cáblaí snáthoptaice fomhuirí, nó cáblaí fomhuirí, i measc na gcomhpháirteanna is tábhachtaí de bhonneagar an Idirlín. Le cáblaí fomhuirí, nasctar an líonra snáithín trastíre intíre le néalseirbhísí agus le hacmhainní sonraí ar fud an domhain. Dá láidre an nasc idir an t-úsáideoir agus an acmhainn sonraí is amhlaidh is gasta, is fearr agus is táirgiúla an t-eispéireas úsáideora. Braitheann a lán feidhmchlár tionscail go criticiúil ar Idirlíon leathanbhanda iontaofa gasta agus ar bhandaleithead idirnáisiúnta, lena n-áirítear an trádáil airgeadais, an ríomhthráchtáil, agus an néalríomhaireacht, a mbíonn ag méadú ar an méid a bhaineann tionscail éagsúla úsáid astu. Chomh maith leis sin, bíonn ag méadú ar an méid a imríonn Idirlíon leathanbhanda príomhról san oideachas, sa chúram sláinte agus sa talmhaíocht.
Rannchuidíonn feabhsuithe ar nascacht dhigiteach le fás geilleagrach níos gasta – agus níos mó post á gcruthú, rochtain ar sheirbhísí poiblí á feabhsú agus margaí á leathnú. Tá dhá phríomhghné bonneagair mar bhonn agus thaca ag nascacht dhigiteach aon tíre: an gréasán nascachta idirnáisiúnta; agus an gréasán nascachta intíre.
"Mar atá feicthe againn ó na himeachtaí le linn na paindéime, bhí ar an domhan éabhlóidiú chun freastal ar dhúshláin na cianoibre agus na hoibre hibridí, agus ní raibh aon rogha eile ag gnólachtaí ach chun claochlú digiteach a dhéanamh. Bíonn Éire ag brath go criticiúil ar bhandaleithead idirnáisiúnta ó cháblaí fomhuirí le haghaidh a forbartha geilleagraí. De réir mar a fhorbraíonn an teicneolaíocht, ní dhéanfaidh feiniméin amhail sruthú, cluichíocht, meaisínfhoghlaim, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, mórshonraí agus feithiclí uathrialaitheacha ach an t-éileamh ar bhandaleithead a mhéadú. Cumasaítear na réitigh chumarsáide sin trí nascacht dhigiteach fhomhuirí ardchaighdeáin a bheith ann. Mar sin de, fáiltím roimh an gcomhairliúchán agus roimh an idirchaidreamh le geallsealbhóirí, atá dírithe ar ár n-acmhainn Idirlín agus ár n-athléimneacht Idirlín a bhreisiú."
Tá straitéis á saothrú ag Éirinn chun go mbeidh sí ina 'Tairseach chun na hEorpa' le haghaidh cáblaí fomhuirí teileachumarsáide. A bhuí leis an uaillmhian sin a réadú, tiocfaidh an Stát chun bheith ina phríomh-mhol nascachta idirnáisiúnta idir Meiriceá Thuaidh agus an Eoraip. Is seasamh beartais é sin a bhfuil an rialtas ag tacú go gníomhach leis anois.
Is é an toradh a bheidh ar an straitéis rialtais ná go gcinnteofar go mbeidh acmhainn mhéadaithe ann chun freastal ar an éileamh ar sheirbhísí digiteacha agus ar sheirbhísí sonraí as seo amach, mar aon le héagsúlacht mhéadaithe i róid chábla fhomhuirí teileachumarsáide as seo amach – chun athléimneacht an ghréasáin a chinntiú agus chun nascacht idirnáisiúnta a chumhdach i gcás go dteipfidh ar róid.
Maidir le slándáil an bhonneagair chriticiúil san Eoraip, is buntáiste ar leith é éagsúlacht na stáisiún leaindeála atá ar fáil in Éirinn toisc go dtagann na róid chábla ó threonna éagsúla, rud a íoslaghdaíonn an riosca go dteipfidh orthu uile ag an aon am amháin.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Ghlac an rialtas seasamh láidir beartais chun infheistíocht i nascacht fhomhuirí teileachumarsáide náisiúnta agus idirnáisiúnta na hÉireann a spreagadh agus a threisiú. Leagtar béim ar an seasamh sin, agus tacaítear leis, sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 de chuid na hÉireann agus faoi Ghné 2 de 'Leas a Bhaint as Digitiú – Creat Digiteach na hÉireann'. Cuirtear in iúl sa dá dhoiciméad sin an tábhacht infheistíochta straitéisí don Stát a bhaineann le nascacht atá ar ardchaighdeán, slán agus iontaofa chuig gréasáin dhomhanda. Cuirtear síos sa Straitéis um Nascacht Dhigiteach ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide conas a chuireann nascacht idirnáisiúnta láidir ar chumas na hÉireann "fás geilleagrach inbhuanaithe agus díbhinní sóisialta dearfacha" a bhaint amach. Leagtar amach sa Straitéis um Nascacht Dhigiteach gur mian le hÉirinn a chinntiú go mbeidh an bonneagar nascachta idirnáisiúnta "athléimneach agus sách éagsúil agus láidir chun gur féidir [leis] freastal ar éilimh na riachtanas náisiúnta".
Chomh maith leis sin, tá uaillmhian mhéadaithe ann ar an leibhéal Eorpach chun nascacht idirnáisiúnta teileachumarsáide an Aontais Eorpaigh a neartú tuilleadh, lena n-áirítear trí cháblaí fomhuirí teileachumarsáide atá ar ardchaighdeán agus láidir a imscaradh. Is le tionscnaimh a seoladh le déanaí a rinneadh an beartas seo de chuid an Aontais a chur ar aghaidh agus a chur chun feidhme. Áirítear leo sin:
- an Chonair i dtreo na Deacáide Digití 2030 ón gCoimisiún Eorpach, rud ina leagtar amach na spriocanna digiteacha atá le baint amach faoin mbliain 2030 sna príomhréimsí seo a leanas: saoránaigh agus gairmithe atá oilte ón taobh digiteach de; bonneagar digiteach; bunathrú digiteach gnólachtaí chun feabhais; agus digitiú seirbhísí poiblí
- an dearbhú ar 'Tairseacha Sonraí Eorpacha mar phríomhghné de Dheacáid Dhigiteach an Aontais Eorpaigh', rud ar shínigh Éire é ar an Lá Digiteach 2021 i dteannta 24 Bhallstát eile agus atá ina ghealltanas go neartófaí nascacht an Aontais Eorpaigh idir an Eoraip agus a chomhpháirtithe idirnáisiúnta
- an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF) – an Clár Oibre Digiteach, arb é clár cistiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh é agus a bhfuil mar aidhm leis infheistíochtaí poiblí agus infheistíochtaí príobháideacha araon i mbonneagair nascachta digití a chur ar aghaidh agus a thionscnamh idir na blianta 2021 agus 2027, agus
- d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an Moladh maidir le bonneagair cáblaí fomhuirí atá slán agus athléimneach uaidh an 21 Feabhra 2024, ar moladh é a bhfuil mar aidhm leis imscaradh, nó uasghrádú suntasach, bonneagar cáblaí fomhuirí a spreagadh