Ráiteas ón Aire O'Brien tar éis chruinniú an lae inniu idir Airí Fuinnimh AE

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire O'Brien tar éis chruinniú an lae inniu idir Airí Fuinnimh AE

"Chas mé inniu [ar líne] le hAirí Fuinnimh ó gach cearn den Aontas Eorpach – chun leanúint de chur chuige uile-Aontais a chomhordú i leith an fhuinnimh i bhfianaise a bhfuil ag tarlú sa Mheánoirthear. Tharla an cruinniú tráthúil sin i gcomhthéacs staid gheopholaitiúil atá ag athrú go tapa. Leanann na forbairtí sin de bheith ag dul i bhfeidhm ar mhargaí domhanda fuinnimh agus de dhúshlán a thabhairt d'acmhainneacht ár gcórais chomhroinnte.

"Go háirithe, fáiltím roimh an litir ón Uachtarán Von Der Leyen ina bhfuil bosca uirlisí réiteach ar phraghsanna arda fuinnimh agus táim ag tnúth le mionsonraí breise a fháil Dé Céadaoin seo chugainn, go háirithe maidir le tograí nua faoi mhuirir líonra agus cánachas leictreachais. I gcomhar le hAirí AE, tacaím le bearta agus oibleagáidí uile-Aontais."

"Bhí Éire i measc na mBallstát a ghlac páirt i gcomhghníomhaíocht na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh le haghaidh scaoileadh stoic ola. Leanfaidh mé den rannpháirtíocht lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta san Aontas Eorpach, agus ní mór dúinn tríú tíortha iontaofa ar nós na Ríochta Aontaithe a áireamh freisin inár gcuid iarrachtaí comhordaithe.

"Maidir le gás, fáiltíonn Éire roimh bhearta chun ceanglas an Rialacháin maidir le Stóráil Gáis a mhaolú chun stóráil gáis a athlíonadh go 80% seachas 90%. Cé nach bhfuil saoráidí stórála in Éirinn faoi láthair, feicimid an tairbhe a bhaineann leo chun an t-éileamh ar ghás ón Aontas Eorpach a laghdú – rud a laghdódh a thuilleadh an brú in airde ar phraghsanna gáis dúinn.

"Maidir le margaí agus praghsáil leictreachais, tá Éire oscailte do thograí comhsheasmhacha uile-Aontais chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na gcostas méadaithe i margaí leictreachais. Ba cheart bearta a dhéantar mar fhreagairt ar a bhfuil ag tarlú sa Mheánoirthear a bheith saincheaptha, spriocdhírithe agus sealadach, agus bunphrionsabail Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais á gcoinneáil ar bun an tráth céanna.

"Bíonn tionchar díreach ag teagmhais i bhfad amach ónár dteorainneacha ar mhargaí agus praghsanna leictreachais. Leagtar béim leis an gcoinbhleacht leanúnach sa Mheánoirthear – arís eile – ar an bhfáth nach mór dúinn dlús a chur le fuinneamh in-athnuaite a chur in úsáid i ngach earnáil, leanúint den infheistíocht inár n-eangach fuinnimh, agus leanúint den infheistíocht in iarfheistiú tithe agus gnólachtaí ar fud na tíre. Le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas atá le teacht, cuirfimid clár oibre fuinnimh an Aontais chun cinn, lena n-áirítear dul chun cinn fóinteach a dhéanamh maidir leis an bPacáiste um na hEangacha agus comhaid thábhachtacha eile.

"Ní chosnóimid muid féin ar shuaití praghsanna amach anseo mura laghdaímid ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise iompórtáilte. Táim féin, agus tá mo chomhghleacaithe sa rialtas, tiomanta don mhéid sin a dhéanamh – ar bhealach a chosnaíonn teaghlaigh, gnólachtaí agus an geilleagar."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Bearta sealadacha spriocdhírithe Rialtas na hÉireann – a fógraíodh an 24 Márta

Tá praghsanna breosla do theaghlaigh agus do ghnólachtaí laghdaithe ag bearta sealadacha spriocdhírithe rialtais, agus tacaíochtaí breise ann d’earnálacha tábhachtacha.

Foráladh leis na bearta seo maidir le laghduithe sealadacha ar rátaí Cánach Ola Mianra a chuirtear i bhfeidhm ar pheitreal, ar mhótardhíosal agus ar Ola Gháis Mharcáilte, agus beidh siad i bhfeidhm go dtí an 31 Bealtaine 2026.

Laghdaíodh an ráta Cánach Ola Mianra ar bhonn a áiríonn CBL faoi:

  • 15 cent in aghaidh an lítir i gcás peitril
  • 20 cent in aghaidh an lítir i gcás mótardhíosail, agus
  • 3 cent in aghaidh an lítir i gcás ola gháis mharcáilte

Chun faoiseamh spriocdhírithe a sholáthar d’oibreoirí tarlaithe agus paisinéirí bus, mhéadaigh an rialtas an aisíocaíocht uasta incheadaithe faoin Scéim Lacáiste Díosail ó 7.5 cent suas le 12 cent in aghaidh an lítir díosail. Tá feidhm aige sin maidir le díosal a cheannaítear ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2026.

Chun tionchar airgeadais an bhoilscithe praghais fuinnimh a mhaolú a thuilleadh, laghdaigh an rialtas dleacht na Gníomhaireachta Cúltaca Ola Náisiúnta (NORA) ó 2 cent in aghaidh an lítir go méid ainmniúil ar feadh tréimhse dhá mhí.

Chun tacú a thuilleadh le teaghlaigh, cuireadh síneadh ceithre seachtaine breise le séasúr an liúntais breosla. Ciallaíonn sé sin go bhfaigheann 470,000 teaghlach a fhaigheann an liúntas breosla tacaíocht bhreise airgeadais €38 in aghaidh na seachtaine, €152 san iomlán.

Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh

Bunaíodh an Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh i mí an Mheithimh seo caite chun bearta a shainaithint agus a chur chun feidhme d’fhonn inacmhainneacht fuinnimh a fheabhsú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Is é an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien, atá mar chathaoirleach air. Leis an gcéad tuarascáil ón tascfhórsa, a foilsíodh i mí na Samhna seo caite, cuidíodh le bonn eolais a chur faoi ghnéithe tábhachtacha Bhuiséad 2026.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat