Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire O'Brien ar an tuarascáil ó EPA maidir le réamh-mheastacháin astaíochtaí gás ceaptha teasa

Cé go bhfuil fíordhul chun cinn déanta againn, léirítear go soiléir sna réamh-mheastacháin is déanaí ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) gur gá dúinn gluaiseacht níos gasta ar mhaithe leis na spriocanna aeráide atá againn don bhliain 2030 a bhaint amach. Tuigeann an rialtas go hiomlán scála an dúshláin aeráide agus a thábhachtaí atá sé go mbeadh Éire ina ceannaire maidir le gníomhú ar son na haeráide a luathú. Leagadh béim air sin i gClár an Rialtais 2025, ina leagtar amach clár oibre cuimsitheach le haghaidh freagairt don ghéarchéim aeráide.

Tá bunathrú fuinnimh atá faoi threoir ag foinsí fuinnimh in-athnuaite ar siúl sa tír seo faoi láthair. Tá gual ar an mbealach amach, agus is ionann foinsí fuinnimh in-athnuaite agus dromlach ár meascáin cumhachta anois; tá méadú faoi chúig tagtha ar ghiniúint leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite ó bhí an bhliain 2005 ann. Meastar gur le foinsí fuinnimh in-athnuaite a freastalaíodh ar 40% dár n-éileamh ar leictreachas sa bhliain 2024.

Leanaimid le tacú le fuinneamh in-athnuaite a sholáthar in Éirinn trí Threoracha II agus III maidir le Fuinneamh In-athnuaite a thrasuí, lena gceadaítear athchóirithe tábhachtacha ceadúcháin agus dlí a dhéanamh agus ceantanna RESS agus ORESS sa bhreis a sheoladh chun tacú le fuinneamh in-athnuaite ar talamh agus amach ón gcósta sa bhreis a sholáthar.

Rinneamar infheistíocht mhór chun tacú leis an obair sin ar fad: tá clár uasghráduithe eangaí is fiú €2.5 billiún ar siúl chun an líonra leictreachais a neartú le haghaidh foinsí fuinnimh in-athnuaite agus leictriúcháin, agus tá clár infheistíochta á thabhairt i gcrích againn faoi láthair i leith EirGrid agus BSL faoin Séú hAthbhreithniú Praghsanna.

Táimid ag soláthar idirnascairí nua mar chuid dár réabhlóid fuinnimh: tá idirnascaire Greenlink leis an Ríocht Aontaithe i mbun feidhme anois, agus toilleadh idirnaisc na hÉireann á dhúbailt dá bharr sin. Tá tógáil an Idirnascaire Cheiltigh leis an bhFrainc ar an mbóthar ceart lena chríochnú faoin mbliain 2026/2027, agus tá dul chun cinn á dhéanamh ar an tionscadal Thuaidh-Theas. Trí na tionscadail sin, méadaítear slándáil fuinnimh, agus cumasaítear dúinn tuilleadh cumhachta glaine a allmhairiú/a onnmhairiú.

Tá gníomhaíocht nithiúil taobh thiar de sin: thit astaíochtaí faoi 6.8% sa bhliain 2023. Tá méadú faoi shé tagtha ar olltáirgeacht intíre agus tá méadú 50%, beagnach, tagtha ar an daonra ó bhí an bhliain 1990 ann. Tá astaíochtaí níos ísle sa lá atá inniu ann ná mar a bhí siad an tráth sin, áfach. Is ionann é sin agus fíor-dhíchúpláil astaíochtaí ó ghníomhaíocht gheilleagrach – agus is beag tír san Eoraip ar éirigh léi an rud céanna a dhéanamh agus í faoi bhrú comhchosúil.

Tá dul chun cinn le feiceáil i réimsí eile freisin. Tá méadú tagtha ar dhíolacháin feithiclí leictreacha – agus méadú 23% ag teacht orthu i mí Aibreáin amháin – agus ní sna cathracha amháin atá an méadú sin le feiceáil. Tá an-tóir orthu i gcontaetha tuaithe amhail Ceatharlach, áit ar tháinig méadú 42% ar dhíolacháin feithiclí leictreacha sa chéad cheithre mhí den bhliain i gcomparáid leis an mbliain seo caite.

Tá tuilleadh athchóirithe tí á ndéanamh, mar gheall ar an bhfáil atá ar iasachtaí íseal-úis. Rinneadh breis agus 1,000 uasghrádú gach seachtain an bhliain seo caite. Ceann amháin de phríomhchumasóirí an fháis sin is ea an deimhneacht atá ann maidir le tacaíocht faoin bPlean Forbartha Náisiúnta.

Tá scoileanna ar fud na tíre ina gcuid de scéal aeráide na hÉireann anois; agus tá an Clár Grianchumhachta do Scoileanna á chur i bhfeidhm againn do gach scoil atá ag iarraidh páirt a ghlacadh ann gan aon chostas don scoil. Ar an tslí sin, ginfidh scoileanna leictreachas glan ar a ndíon, laghdóidh siad a mbillí, agus tabharfaidh siad sampla fíorshaoil de ghníomhú ar son na haeráide don chéad ghlúin eile.

Leis an Oibleagáid Teasa In-athnuaite, cabhrófar le téamh a dhícharbónú sa tionscal agus i bhfoirgnimh. Leis an mBille Teasa, réiteofar an bealach le haghaidh téamh ceantair. Agus ríthábhacht ag baint leis an dá cheann díobh, cuirfear an Oibleagáid agus an Bille i bhfeidhm i mbliana. Chonaiceamar anuraidh an rath atá ar an gcéad líonra téimh ceantair dár gcuid, rud a osclaíodh i dTamhlacht. Leis an líonra, tógtar dramhtheas ó Ionad Sonraí Amazon chun teas ísealcharbóin a sholáthar d’fhoirgnimh phoiblí de chuid Chomhairle Contae Átha Cliath Theas.

Is eol dúinn nach dearbh-réamhaisnéisí iad na réamh-mheastacháin ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil; is léiriú iad ar a bhfuil bainte amach go dtí seo. Foilsíodh an chéad Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide ón rialtas seo an mhí seo caite. Tá tascfhórsaí trasrannacha i bhfeidhm. Neartaíodh socruithe rialachais, agus tionóladh an chéad chruinniú de Bhord nua an Chláir um Ghníomhú ar son na hAeráide an tseachtain seo caite, agus oifigigh shinsearacha ó na príomhearnálacha uile – fuinneamh, iompar agus talmhaíocht ina measc – i láthair. Tá sainchúram soiléir air: féachaint le dlús a chur le cur i gcrích na ngníomhartha a theastaíonn chun an bhearna astaíochtaí a dhúnadh.

CRÍOCH