Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire O'Brien maidir le toradh COP30

Ón Aire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien:

"Tacaíonn Éire le cinneadh an Aontais Eorpaigh glacadh le téacs Uachtaránachta COP30. Thangthas ar an gcinneadh seo i ndiaidh cuid mhaith machnaimh agus tá ár dtacaíocht bunaithe ar imní mhór: teipeann ar théacs na hUachtaránachta uaillmhian fhiúntach a bhaint amach maidir leis an tsaincheist is criticiúla dár linne – astaíochtaí a laghdú chun na héifeachtaí is measa den athrú aeráide a mhaolú. Go háirithe, ní áirítear ann treochlár iontaofa chun deireadh a chur le breoslaí iontaise, céim a d’éiligh níos mó ná 80 tír, Éire ina measc, níos luaithe an tseachtain seo. Mar sin féin, táimid ag súil le leanúint den obair leis an AE agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile lasmuigh den phróiseas COP maidir le treochlár a cheapadh don aistriú fuinnimh agus do dheireadh de réir a chéile a chur le breoslaí iontaise.

"Creideann Éire gur fearr cosc ná leigheas i gcónaí. Tá an AE fós tiomanta go hiomlán do thacaíocht a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha, lena n-áirítear trí mhaoiniú oiriúnaithe méadaithe. Ach tá a fhios ag an domhan mura gcuirtear maolú láidir i bhfeidhm anois, go méadóidh scála agus costas an oiriúnaithe níos déanaí. Tá ciall leis ó thaobh na heacnamaíochta, an chomhshaoil agus na moráltachta de ghníomhú go deimhneach anois chun dochar i bhfad níos mó a chosc sa todhchaí.

"Is tréimhse dheacair í seo don iltaobhachas agus léiríonn sé don AE a áit sa domhan nua seo. Ach tá an AE ar an taobh ceart den cheist seo. Ní céim chun cinn ná céim ar chúl é seo. Tá sé seo tábhachtach. Ní ghlacfaí le haon ísliú uaillmhéine nuair a éilíonn an eolaíocht, an pobal, agus an tráth seo den saol a mhalairt.

"Cé go bhfuil meas againn ar obair Uachtaránacht na Brasaíle, ní bhaineann an próiseas seo taobh le hidirbheartaíocht a dhéanamh ar théacs. Baineann sé le daoine, pobail, agus an todhchaí a chosaint. Táimid faoi chomaoin d’ionracas phróiseas COP, agus, níos tábhachtaí fós, ár muintir agus ár bpláinéad, leanúint leis an troid ar son freagairt dhomhanda chóir, éifeachtach agus uaillmhianach ar an ngéarchéim aeráide. Tugaimid sin ar aghaidh anois do COP31 nuair a bheidh Éire i ról Uachtaránachta an AE. Tosaíonn an obair sin anois."

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat