Ráiteas ón Aire O'Brien maidir le bearta an lae inniu chun costais fuinnimh a laghdú
- Foilsithe: 24 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 14 Aibreán 2026
"Tuigimse, agus tuigeann mo chomhghleacaithe sa rialtas, na brúnna atá roimh theaghlaigh agus gnólachtaí a eascraíonn as an gcoinbhleacht leanúnach sa Mheánoirthear. Thugamar freagra inniu ar na réimsí ar a bhfuil an brú is géire. Tá idirghabháil spriocdhírithe an lae inniu faoi theorainn ama, agus leanfaidh mo roinn de mhonatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an staid seo atá ag athrú de shíor.
"Is tacaíocht ríthábhachtach é leathnú an Liúntais Breosla do theaghlaigh a bhfuil an baol is mó tearcrochtana fuinnimh rompu.
"Ó thús na coinbhleachta sa Mheánoirthear, táim i dteagmháil leanúnach leis an earnáil tarlaithe agus tuigim go hiomlán na dúshláin atá rompu. Dá bhrí sin, is cúis áthais dom é go gcuideoidh an laghdú ar an dleacht mháil agus ar dhleacht na Gníomhaireachta Cúltaca Ola Náisiúnta (NORA) agus an méadú ar an aisíocaíocht uasta incheadaithe faoin Scéim Lacáiste Díosail, i dteannta a chéile, le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Aithním a thábhachtaí atá an earnáil tarlaithe agus na dúshláin atá rompu mar gheall ar an méadú ar chostais bhreosla le déanaí. Is earnáil ríthábhachtach í seo a ghlacann ról fíor-riachtanach maidir le slabhraí soláthair agus an geilleagar i gcoitinne a choinneáil ag imeacht. Leis an bpacáiste tacaíochtaí, léirítear na saincheisteanna ar tharraing an tionscal tarlaithe aird orthu agus beidh tionchar díreach acu ar chostas breosla ag an gcaidéal. Táim tiomanta fós d’oibriú leis an earnáil agus casfaidh mé lena n-ionadaithe go minic de réir mar a théann an staid chun cinn.
"Ar bhonn níos leithne, leagtar béim leis an gcoinbhleacht leanúnach sa Mheánoirthear – arís eile – ar an bhfáth nach mór dúinn dlús a chur le fuinneamh in-athnuaite a chur in úsáid i ngach earnáil, leanúint den infheistíocht inár n-eangach fuinnimh, agus leanúint den infheistíocht in iarfheistiú tithe agus gnólachtaí ar fud na tíre. Maidir leis an iarfheistiú, fuair mé an leithdháileadh is mó riamh – le haghaidh iarfheistiú lánchistithe agus iarfheistiú a dhéantar le cúnamh deontais – €640 milliún i mBuiséad 2026, lenar féidir linn díriú ar 73,000 uasghrádú fuinnimh tí i mbliana. Maidir le fuinneamh in-athnuaite a chur in úsáid, shroicheamar cloch mhíle mhór inár n-aistriú fuinnimh ghlain le déanaí agus 8GW acmhainn leictreachais in-athnuaite suiteáilte á bhaint amach againn, rud a léiríonn céim shuntasach chun cinn san aistriú chun ár dtodhchaí a shlánú trí leictreachas in-athnuaite dúchasach.
"Ní chosnóimid muid féin ar shuaití praghsanna amach anseo mura laghdaímid ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise iompórtáilte. Táim féin, agus tá mo chomhghleacaithe sa rialtas, tiomanta don mhéid sin a dhéanamh – ar bhealach a chosnaíonn teaghlaigh, gnólachtaí agus an geilleagar."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Le bearta sealadacha spriocdhírithe rialtais, laghdófar praghsanna breosla do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, agus tacaíochtaí breise ann d’earnálacha tábhachtacha gheilleagar na hÉireann.
Foráiltear leis na bearta seo maidir le laghduithe sealadacha ar rátaí Cánach Ola Mianra a chuirtear i bhfeidhm ar pheitreal, ar mhótardhíosail agus ar ola gháis mharcáilte, agus tiocfaidh siad in éifeacht ag meán oíche anocht go dtí an 31 Bealtaine 2026.
Laghdófar an ráta Cánach Ola Mianra ar bhonn a áiríonn CBL faoi:
- 15 cent in aghaidh an lítir i gcás peitril
- 20 cent in aghaidh an lítir i gcás mótardhíosail, agus
- 3 cent in aghaidh an lítir i gcás ola gháis mharcáilte
Chun faoiseamh spriocdhírithe a sholáthar d’oibreoirí tarlaithe agus paisinéirí bus, méadóidh an rialtas an aisíocaíocht uasta incheadaithe faoin Scéim Lacáiste Díosail ó 7.5 cent suas le 12 cent in aghaidh an lítir díosail. Beidh feidhm aige sin maidir le díosal a cheannaítear ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2026.
Chun tionchar airgeadais a bhaineann leis an mboilsciú ar phraghas fuinnimh a mhaolú a thuilleadh, laghdóidh an rialtas dleacht na Gníomhaireachta Cúltaca Ola Náisiúnta (NORA) ó 2 cent in aghaidh an lítir go méid ainmniúil ar feadh tréimhse 2 mhí.
Chun tacú a thuilleadh le teaghlaigh, cuirfear síneadh ceithre seachtaine breise le séasúr an liúntais breosla. Ciallaíonn sé sin go bhfaighidh 470,000 teaghlach a fhaigheann an liúntas breosla tacaíocht bhreise airgeadais €38 in aghaidh na seachtaine, €152 san iomlán.
Beidh na bearta sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse shainithe ama agus forchoimeádann an rialtas an rogha a chur chuige a choigeartú de réir mar a athraíonn cúinsí.