Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá 858 milliún i mBuiséad 2022 chun tacú le haistriú chuig geilleagar agus sochaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de, atá ciorclach agus nasctha

  • €858 milliún – sin méadú 19% i gcaitheamh 2021 – a leithdháileadh faoi Bhuiséad 2022 ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
  • €368 milliún – sin méadú 17% i gcaitheamh 2021 - a leithdháileadh ar Chlaochlú Fuinnimh. Tagann €202 milliún den mhéid seo ó ioncam cánach carbóin le haghaidh scéimeanna aisfheistithe cónaithe agus pobail (níos mó ná 22,000 uasghrádú fuinnimh baile ar an iomlán). Déanfar níos mó ná leath den mhaoiniú a leithdháileadh ar uasghráduithe saor in aisce do theaghlaigh ar ioncam íseal atá i mbaol na tearcrochtaine fuinnimh. Tá €10 milliún curtha ar leataobh don scéim Grianfhuinneamh Fótavoltach(PV); Tá €31 milliún curtha ar leataobh do scéimeanna éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite i ngnólachtaí agus san earnáil phoiblí. Cuirfear tús le scéim iasachta ar chostas íseal le haghaidh aisfheistiú cónaithe freisin
  • €251 milliún –sin méadú 8% ar 2021 – a thacóidh le nascacht agus cumarsáid, a bhfuil €225 milliún curtha ar leataobh chun dul chun cinn a dhéanamh ar fheidhmiú céimneach an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda agus tá €2.5 milliún sa bhreis ann le haghaidh an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála
  • €152 milliún – sin méadú 21% ar 2021 – a thacóidh leis an scéim 'Just Transition', a mhaoineoidh taighde ríthábhachtach agus a chuirfidh le hacmhainneacht ar fud na roinne agus a gníomhaireachtaí chun freagairt na hÉireann ar an ngéarchéim aeráide a threorú agus chun tacú léi
  • Úsáidfear €98 milliún chun tacú leis an aistriú chuig Geilleagar Ciorclach agus chun acmhainní nádúrtha a chosaint

Beidh leithdháileadh méadaithe le haghaidh na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide faoi Bhuiséad 2022 mar bhonn faoi sholáthar phríomhghealltanais Chlár an Rialtais. Go háirithe, déanfar maoiniú suntasach a leithdháileadh ar chláir aisfheistithe náisiúnta agus uasghrádaithe baile, chomh maith le feidhmiú céimneach leanúnaigh an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.

Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, an méid seo a leanas:

"Is é is cuspóir do Bhuiséad 2022 ná tacú le saoránaigh agus muid ag cur tús leis an aistriú chuig geilleagar agus sochaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de, ciorclach agus nasctha. Leis an maoiniú méadaithe le haghaidh aisfheistithe agus éifeachtúlachta fuinnimh cruthófar tionscal ilbhilliúin euro a chruthóidh poist, a laghdóidh astaíochtaí agus a dhéanfaidh ár dtithe níos teo agus níos sláintiúla. Déanfar níos mó ná leath dár ndeontais aisfheistithe a leithdháileadh ar uasghráduithe fuinnimh saor in aisce do theaghlaigh ar ioncam íseal – chun cabhrú leo airgead a shábháil ar a gcuid billí. Tá ríméad orm freisin go bhfuil mo chomhghleacaí, an tAire Darragh O'Brien, chun €85m breise a leithdháileadh ar aisfheistiú tithíochta sóisialta.

"Is dúshlán agus deis araon ár n-astaíochtaí a laghdú ina leath faoi 2030. Inniu táimid ag cur lenár gcumas é sin a dhéanamh ar bhealaí an-phraiticiúil."

Dúirt an tAire Stáit a bhfuil freagracht aige ar an mBeartas Poist agus ar Éirchóid, Hildegarde Naughton TD, an méid seo a leanas:

"Leis an maoiniú méadaithe le haghaidh na roinne faoi Bhuiséad 2022, beimid in ann ár spriocanna uailmhianacha a bhaint amach, go háirithe i réimsí an athraithe aeráide agus na cumarsáide. Leis na bearta agus na tionscnaimh seo beimid in ann acmhainneacht a dhíghlasáil - ar fud na tíre ar fad."

Dúirt an tAire Stáit a bhfuil freagracht aige i leith na Cumarsáide agus an Gheilleagair Chiorclaigh, Ossian Smyth TD, an méid seo a leanas:

"Tá mé buíoch den mhaoiniú le haghaidh nascachta agus cumarsáide. Leis seo beimid in ann tús a chur leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda. Ciallaíonn sé seo go sroichfidh an líonra snáithín ardluais ar a laghad 130,000 teach agus gnó roimh dheireadh 2022. Déanfar tuilleadh maoinithe a infheistiú sa Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála. Le maoiniú faoi Bhuiséad 2022 tacófar lenár n-aistriú chuig Geilleagar Ciorclach; seoladh na Scéime Éarlaise agus Aisíoca san áireamh."

Claochlú fuinnimh agus aisfheistiú san áireamh: €368 milliún (méadú 17% ar 2021)

  • Geallann Cáinaisnéis 2022 €202 milliún in ioncam ó cháin charbóin chun scéimeanna iarfheistithe cónaithe agus pobail a mhaoiniú agus €10 milliún sa bhreis ón Státchiste don scéim Gréine Fótavoltaigh . Tacaíodh an infheistíocht le 22,000 uasghrádú fuinnimh tí; san áireamh beidh Rátáil Fuinnimh Foirgnimh de B2 ag os cionn 6,000 teach. Beidh tithe níos teo, níos sláintiúla agus níos compordaí agus beidh billí fuinnimh níos ísle acu dá bharr. Laghdófar astaíochtaí ón teascóg chónaithe agus déanfar caighdeán an aeir a fheabhsú dá bharr freisin
  • Bainfear úsáid as €109 milliún den leithdháileadh €202 milliún seo d'uasghráduithe ar mhaithe le héifeachtúlacht fuinnimh a thabhairt do theaghlaigh atá faoi bhaol/i mbaol na tearcrochtaine fuinnimh. Cuirfear breis agus 4,500 uasghrádú i gcrích faoi scéimeanna Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann seo
  • Déanfar an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta €85 milliún breise a infheistiú mar chuid de Chlár Aisfheistithe an Rialtais Áitiúil in 2022. Leis seo soláthrófar thart ar 2,400 aisfheistiú B2 do thithe an Údaráis Áitiúil an bhliain seo chugainn
  • Cuirfear tús le scéim nua iasachta ar chostas íseal le haghaidh aisfheistithe cónaithe. Leis an scéim seo atá á mhaoiniú ag an Státchiste agus ag an Aontas Eorpach, beidh institiúidí creidmheasa in ann iasachtaí a thairiscint ag rátaí laghdaithe úis – rud a chiallaíonn go mbeidh uasghráduithe fuinnimh ar fáil ar phraghas níos réasúnta
  • Déanfar €10 milliún le haghaidh na Scéime Fótavoltach Ghréine le haghaidh 2022 – chun cuidiú le custaiméirí intíre a shuiteáileann trealamh fótavoltach gréine ar an díon ar a dtithe. Leis an leithdháileadh seo, beifear in ann méadú in iarratais ar dheontais a láimhseáil, mar chuid den aistriú chuig an Scéim Tacaíochta Mionghiniúna
  • Déanfar €31 milliún a leithdháileadh ar éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus ar úsáid an fhuinnimh in-athnuaite i ngnólachtaí agus ar fud na hearnála poiblí
  • le tuilleadh acmhainní sa roinn agus ina ngníomhaireachtaí tacófar leis an dara ceant de chuid na Scéime Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta (RESS 2) a chur ar fáil, an chéad Scéim Leictreachais In-athnuaite Easchósta, agus chun slándáil leanúnach an tsoláthair leictreachais a chinntiú

Nascacht agus cumarsáid den chéad scoth a chur ar fáil: €251 milliún (méadú 8% ar 2021)

an Plean Náisiúnta Leathanbhanda a thosú

  • Le €225 milliún déanfar dul chun chinn an líonra leathanbhanda ardluais a thosú an bhliain seo chugainn faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda
  • leanfar ar aghaidh leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda a sholáthar laistigh den srian iomlán fóirdheontais - atá faoin gconradh atá ann cheana
  • meastar go rachaidh sé go 60,000 áitreabh faoi dheireadh 2021. Leis an infheistíocht in 2022 fásfaidh sé sin go 130,000 ar a laghad faoi dheireadh na bliana seo chugainn
  • tá suas le 300 mol nasctha in áiteanna iargúlta cheana féin, agus cuirfear leis sin agus nascacht ardluais á tabhairt do thart ar 700 bunscoil faoi dheireadh na bliana seo chugainn

An Cibearshlándáil a neartú

  • i gcomhréir le tiomantas an rialtais don Stráitéis Náisiúnta Cibearshlándála, déanfar €2.5 milliún de mhaoiniú breise a infheistiú sa Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála - chun líon na foirne a mhéadú go 45 faoi dheireadh 2022
  • cuirfear tús leis an obair in 2022 ar theach buan an Larionaid Náisiúnta Cibearshlándála i dTor an Bhacaigh, ina mbeidh áitreabh slán den chéad scoth agus spás ann chun gur féidir leis an eagraíocht fás, agus áis le haghaidh an Ionaid Comhghníomhaíochta Slándála

Ceannaireacht ghníomhaithe ar son na haeráide agus ceannaireacht chomhshaoil: €152 milliún (méadú 21% ar 2021)

Leis an maoiniú seo cinnteofar gur féidir linn ár ngealltanais maidir le gníomhú ar son na haeráide a bhaint amach. Beidh ról lárnach ag an taighde ar an aeráid agus ag forbairt teicneolaíochtaí nua chun na spriocanna atá againn a bhaint amach; is é sin laghdú 51% a bheith ar rátaí astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 agus neodracht iomlán a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí.

Aistriú cóir a chinntiú

  • Beidh €34 milliún de mhaoiniú ar fáil in 2022 le haghaidh tionscadail atá formheasta le haghaidh an Aontais Eorpaigh agus cistí náisiúnta 'Just Transition'. Beidh na tionscadail seo i réimsí agus in earnálacha an gheilleagair ar mó an tionchar a bhí ag an aistriú chuig an neodracht astaíochtaí orthu
  • tacóidh an Ciste náisiúnta 'Just Transition' le tionscadail ar fud réigiún lár na tíre i gcoitinne (Gaillimh Thoir, Cill Dara, Laois, Longfort, Tiobraid Árainn Thuaidh, Uíbh Fhailí, Ros Comáin agus an Iarmhí san áireamh), agus beidh go leor féidearthachtaí fostaíochta agus fiontair i gceist leis

Ár dtalamh portaigh a athshlánú

  • Úsáidfear €22 milliún le haghaidh Scéim Athshlánaithe Tailte Móna de chuid Bhord na Móna in 2022. Le linn thréimhse na scéime, cosnófar stóráil 100 milliún tona astaíochtaí CO2 agus cuirfear leis an mbithéagsúlacht, agus cruthófar poist chomh maith

Taighde maoinithe chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus chun caighdeán an aeir a fheabhsú

  • Le €11 milliún maoineofar taighde ar an aeráid chun go mbeidh Éire in ann a spriocanna fuinnimh in-athnuaite agus a gealltanais aeráide a bhaint amach
  • beidh an maoiniú imfhálaithe chun rialacháin maidir le caighdeán an aeir a neartú agus a chur chun feidhme. I gcomhar leis seo déanfaidh an roinn an chéad Straitéis maidir le hAer Glan a fhorbairt in Éirinn

An Geilleagar Ciorclach a chur chun cinn agus ár n-acmhainní nádúrtha a chosaint: €98 milliún

Rinneadh €98 milliún a leithdháileadh ar an nGeilleagar Ciorclach agus ar Acmhainní Nádúrtha faoi Bhuiséad 2022 chun dul i ngleic leis an damáiste atá déanta don chomhshaol, chun dramhaíol a bhainistiú, chun acmhainní nádúrtha a chaomhnú agus chun tacú leis an aistriú chuig Geilleagar Ciorclach. Tá an méid seo a leanas san áireamh:

  • tacú le clár uaillmhianach chun iar-láithreáin líonadh talún a fheabhsú (€26 milliún), mar shampla, an láithreán mídhleathach i mBaile Chairdif, Cill Dara
  • tionscnaimh bhainistithe dramhaíola (€10 milliún) agus gníomhaíochtaí forfheidhmithe a dhéanann Údaráis Áitiúla, mar shampla leis na Príomhúdaráis Réigiúnacha Forfheidhmiúcháin Dramhaíola, agus tacaítear le forbairt plean nua Bainistithe Dramhaíola
  • gníomhaíochtaí taighde agus tionscadail geo-eolaíochta (€12 milliún) chun tacú leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide - forbairt screamhuisce, leochaileacht cósta agus fuinneamh geoiteirmeach domhain
  • tacaítear le cur chun feidhme Plean Gníomhaithe Dramhaíola an rialtais le haghaidh Geilleagar Ciorclach, agus tabhairt isteach Scéim Éarlaise agus Tabhairt ar ais le haghaidh cannaí agus buidéal san áireamh
  • caomhnú agus cosaint ár n-iascach intíre (€3 milliún), cuid acu atá i mbaol

CRÍOCH