Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Toghadh an tAire Ryan chun comhchathaoirleacht a dhéanamh ar Chruinniú Aireachta na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh sa bhliain 2024

Thogh Bord Rialaithe na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) an tAire Ryan agus Agnès Pannier-Runacher, Aire na Fraince um an Aistriú Fuinnimh, chun comhchathaoirleacht a dhéanamh ar Chruinniú Aireachta IEA sa bhliain 2024.

Fónfaidh Airí ón Astráil, ó Cheanada, ón Ísiltír agus ón bPolainn mar leaschathaoirligh don ócáid, a chomóireann 50 bliain ó bunaíodh an Ghníomhaireacht.

Príomheagraíocht idir-rialtasach is ea IEA. Soláthraíonn sé moltaí beartais, anailís agus sonraí maidir leis an earnáil dhomhanda fuinnimh don 31 tír is ball atá aige agus don 11 tír chomhlachais atá aige, lena n-áirítear Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tSín agus an India.

Toghadh an tAire Ryan mar thoradh ar an taithí fhairsing atá gnóthaithe aige mar Aire na hÉireann ar a bhfuil freagracht as Fuinneamh agus mar thoradh ar a shaineolas, atá aitheanta ar fad an domhan, ar fhuinneamh inathnuaite agus ar an athrú aeráide. Aithníonn IEA go bhfuil dlúthbhaint ag gníomhú ar son na haeráide leis an aistriú amach ó bhreoslaí iontaise a chruthaíonn truailliú agus i dtreo foinsí glana inbhuanaithe fuinnimh, le linn slándáil an tsoláthair fuinnimh a chinntiú ag an am céanna, agus an staid gheopholaitiúil reatha á cur san áireamh.

Labhraíonn an tAire go minic agus go treorach ar chruinnithe de chuid na Comhairle Eorpaí a bpléitear cúrsaí Fuinnimh, Comhshaoil agus Iompair lena linn. Anuraidh, ceapadh é mar phríomh-idirbheartaí an Aontais Eorpaigh ar phríomhchainteanna ag COP27 in Sharm-El-Sheikh, rud lenar soláthraíodh réiteach stairiúil ar mhaoiniú Caillteanas agus Damáiste. Chomh maith leis sin, d’fhóin sé mar chomhchathaoirleach ar ghrúpa Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh de chuid an Aontais Eorpaigh ar fud na bliana 2022 agus d’imir sé ról lárnach ina chinntiú go mbeadh rannpháirteachas ag an Ríocht Aontaithe leis an ngrúpa sin an athuair. Déanann an grúpa forbairt acmhainneacht ollmhór fuinnimh inathnuaite amach ó chósta na hEorpa a chur ar aghaidh agus a éascú.

Ag déanamh ionadaíocht d’Éirinn dó, fágann toghadh an Aire Ryan go ndéanfaidh sé comhchathaoirleacht ar an gcéad Chruinniú Aireachta eile de chuid IEA, a bheidh ar siúl sa bhliain 2024. Cruinniú lena mbainfidh tábhacht ar leith a bheidh ann toisc go mbeidh sé ag teacht sna sála ar COP28 agus go gcomóirfear lena linn deireadh an chéad 'Athmhachnaimh Dhomhanda' ar an dul chun cinn comhchoiteann atá déanta ag an domhan ar a spriocanna aeráide ó Chomhaontú Pháras i leith

Maireann ról an chomhchathaoirligh dhá bhliain, a bheag nó a mhór, agus obair ríthábhachtach agus cruinnithe ríthábhachtacha ar siúl roimh an gCruinniú Aireachta agus ina dhiaidh. Ba í Jennifer Granholm, Rúnaí Fuinnimh na Stát Aontaithe, an cathaoirleach roimhe ar Chruinniú Aireachta IEA.

Is iad seo an ceathrar leaschathaoirleach: Chris Bowen, Aire na hAstráile um Athrú Aeráide agus Fuinneamh; Jonathan Wilkinson, Aire Cheanada um Acmhainní Nádúrtha; Rob Jetten, Aire na hÍsiltíre um Beartas Aeráide agus Fuinnimh; agus Anna Moskwa, Aire na Polainne um an Aeráid agus an Comhshaol.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Cuirtear Cruinniú Aireachta IEA ar siúl gach dhá bhliain – chun sainordú na Gníomhaireachta a shocrú agus chun a héachtaí a athbhreithniú. Beidh Cruinniú Aireachta na bliana 2024 ina dheis thábhachtach do thíortha le measúnú a dhéanamh ar na forbairtí is déanaí i margaí domhanda fuinnimh agus ar conas is féidir leo dul chun cinn a dhéanamh ar an gcomhar idirnáisiúnta ar shlándáil fuinnimh agus ar dhul i ngleic leis an athrú aeráide.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat