Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Amharc ar Léarscáileanna, ar Thuarascálacha agus ar Shonraí Mianadóireachta agus Sirtheoireachta Mianraí

Cuireann sealbhóirí ceadúnais tuarascálacha agus sonraí taiscéalaíochta isteach maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoi cheadúnas sirtheoireachta. Coimeádtar na tuarascálacha agus na sonraí sin faoi rún go ceann sé bliana nó go dtabharfar suas an ceadúnas, cibé acu is luaithe. I ndiaidh sé bliana nó i ndiaidh ceadúnas a bheith tugtha suas, cuirtear na sonraí amach go poiblí trínár Amharcóir Léarscála agus trí bhunachar sonraí inchuardaithe.

Taispeánann an t-amharcóir idirghníomhach léarscáile stádas reatha thalamh Ceadúnais Sirtheoireachta, sonraí poill druileála, srianta comhshaoil, sonraí atá ar fáil go poiblí agus mar a bhfuil sonraí suirbhéanna geoifisiceacha aeriompartha ar fáil. Cuir ríomhphost chuig emd.info@dccae.gov.ie chun sonraí geoifisceacha aeriompartha a iarraidh.

I mí an Mhárta 2017, cuireadh sonraí mianaigh ó mhianaigh Ghabhalmhaí agus ó mhianaigh an Lisín ar fáil go poiblí. Cuireadh sonraí seismeacha a fuair cuideachtaí sirtheoireachta mianraí le roinnt blianta anuas ar fáil go poiblí chomh maith.

I mí Bealtaine 2020, d’fhoilsigh an Roinn measúnú neamhspleách maidir le mianaigh Ghabhalmhaí agus an Lisín, inar rinneadh measúnú ar thionchar na mianach ar na pobail áitiúla a bhaineann leo ó thaobh gnéithe sóisialta, ó thaobh an chomhshaoil agus ó thaobh na heacnamaíochta de.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat