An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Gearán Comhshaoil a dhéanamh
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Más gá duit gearán comhshaoil a dhéanamh, tá roinnt bealaí ann chun é sin a dhéanamh.
Teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an duine nó leis an ngnó
I go leor cásanna, is féidir fadhb chomhshaoil a réiteach trí theagmháil dhíreach a dhéanamh leis an duine nó leis an ngnó is cúis leis an bhfadhb dar leat.
Teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil
Murar réitigh teagmháil leis an duine nó leis an ngnó an cheist, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil i do cheantar.
Teagmháil a dhéanamh leis an Líne Náisiúnta Gearán Comhshaoil
Ar Oscailt 24 uair - 1850 365 121
Úsáid an Aip See It? Say It
Tuairiscigh do ghearán tríd an aip See It? Say It! a íoslódáil agus a chlárú.
Teagmháil a dhéanamh leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC)
I gcás ina raibh tú ag déileáil le suíomh arna cheadúnú ag an GCC agus nár réitíodh an fhadhb ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an GCC.
Chun liosta iomlán na suíomh nó na ngníomhachtaí arna cheadúnú ag an GCC a fháil, úsáid an fheidhm chuardaigh ceadúnas.