Iarratas a dhéanamh ar Údarú faoi Alt 14

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Iarratas a dhéanamh ar Údarú faoi Alt 14

Údaruithe faoi Alt 14 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú) 1959

Tá Údarú faoi Alt 14 ón Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil de dhíth ar ghníomhaíochtaí áirithe amhail taighde eolaíoch, forbairt iascaigh nó athstocáil iascaigh.

Chun iarratas ar údarú a dhéanamh, ní mór iarratas i bhfoirm ríomhphoist nó i scríbhinn a chur chuig Rannán an Iascaigh Intíre.

Rannán an Iascaigh Intíre,

An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil

Teach Leamháin

Bóthar Ghleann an Iarla,

An Cabhán

H12 A8H7

Ba cheart go gcuimseofar san iarratas: faisnéis chúlra maidir leis an oibreachán leictriascaireachta atá molta, cuspóir na hoibre molta in éineacht le léarscáil den suíomh agus an tréimhse ama i.e. na dátaí tosaithe agus críochnaithe atá molta.

Féadfaidh údarú, má dheontar é, a bheith faoi réir coinníollacha áirithe agus bainfidh ceangal ama leis go hiondúil.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat