Iarratas a dhéanamh ar Mhaolú faoi Acht na nÚdarás Áitiúla (Oibreacha) 1949

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Iarratas a dhéanamh ar Mhaolú faoi Acht na nÚdarás Áitiúla (Oibreacha) 1949

Féadfar go mbeidh ar Údarás Áitiúil oibreacha práinneacha feabhais a dhéanamh, ar mhaithe le leas an phobail, chun díobháil ó thuilte, ó sciorradh talún, ó thurnamh nó ó theagmhais eile dá leithéid a mhaolú.

I gcás inar gá na hoibreacha sin a dhéanamh le linn an tSéasúir Choiscthe Bhliantúil ó mí Dheireadh Fómhair go mí an Mheithimh, ní mór don údarás iarratas ar chead a chur isteach chuig an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Tugtar maolú ar an gcead seo faoi Acht na nÚdarás Áitiúil (Oibreacha) 1949.

Chun iarratas ar mhaolú a dhéanamh, ní mór iarratas i bhfoirm ríomhphoist nó i scríbhinn a chur chuig:

Rannán an Iascaigh Intíre,

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide,

Teach Leamháin,

Bóthar Ghleann an Iarla,

An Cabhán

H12 A8H7

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat