Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Derek Moran ga

Is é Derek Moran Ard-Rúnaí na Roinne Airgeadais agus tá sé freagrach as ábhair bheartais a bhaineann le cúrsaí geilleagracha, buiséid, fioscacha, baincéireachta agus seirbhísí airgeadais. Bhí sé ina Ard-Rúnaí Cúnta roimhe seo agus is é a bhí freagrach as an Rannán um Beartas Fioscach agus an Rannán Buiséid agus Eacnamaíoch agus is é a bhí i gceannas ar cheisteanna maidir le beartas cánach idir 2006 agus 2014.

Is comhalta é faoi láthair de Bhord Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, Coimisiún Bhanc Ceannais na hÉireann, Bord Bainistíochta na Státseirbhíse, Grúpa Ardleibhéil an AE um Aistriú i dTreo na hInbhunaitheachta a Mhaoiniú, chomh maith le bheith ina chomhalta seachtrach de Exchequer Board of Scotland agus Comhalta Comhairle den Fhondúireacht um Staidéir Fhioscacha. D'fhóin sé roimhe seo ar an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta, an Bord Náisiúnta Staidrimh agus Coistí um Beartas Eacnamaíochta agus Cánach an AE.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat