Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Michael D'Arcy TD ga

Is é Michael D’Arcy Teachta Dála Fhine Gael do Loch Garman agus i mí Meithimh 2017 ceapadh ina Aire Stáit é sa Roinn Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le freagracht ar leith do Sheirbhísí Airgeadais agus Árachas.

D’fhóin Michael D’Arcy ina Sheanadóir roimhe sin ar an bPainéal Riaracháin ó 2011 go 2016 tráth ar ceapadh ina Urlabhraí Rialtais ar Airgeadas é sa Seanad agus d’fhóin sé ar an mBinse Fiosraithe Baincéireachta. D’fhóin sé freisin ar Choistí Oireachtais um Airgeadas agus Talmhaíocht, Bia agus Mara.

In 2007 a toghadh chun na Dála ar dtús é agus ceapadh ina Leas-Urlabhraí ar chúrsaí Dlí agus Cirt agus Comhionannais é. Le linn théarma 2007-2011, d’fhóin sé ar an gCoiste Oireachtais um Chumarsáid, Fuinneamh agus Acmhainní Daonna.

Is céimí de chuid Ollscoil Londain é Michael D’Arcy.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Uasal D'Arcy ag michael.darcy@oireachtas.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat