Cuireadh le haghaidh Léirithe Spéise sa ról mar Ambasadóir Litearthachta Airgeadais

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cuireadh le haghaidh Léirithe Spéise sa ról mar Ambasadóir Litearthachta Airgeadais


Cúlra

Is é is aidhm do Straitéis an Aontais Eorpaigh um Litearthacht Airgeadais, a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach i mí Mheán Fómhair 2025, na huirlisí, an t-eolas agus an mhuinín is gá a thabhairt do shaoránaigh an Aontais ionas gur féidir leo smacht a ghlacadh ar a dtodhchaí airgeadais.

Cuid lárnach de Straitéis an Aontais Eorpaigh is ea feachtas litearthachta airgeadais a sheoladh ar fud an Aontais a chomhlánóidh agus a mhéadóidh na hiarrachtaí atá ar bun ar an leibhéal náisiúnta chun feasacht airgeadais a chothú i measc saoránach. Áirítear leis sin líonra ambasadóirí litearthachta airgeadais ar fud na mBallstát den Aontas. Mhol an Coimisiún Eorpach do na Ballstáit idir ambasadóir litearthachta airgeadais amháin agus triúr a cheapadh.

Imreoidh na hambasadóirí sin ról ríthábhachtach maidir le litearthacht airgeadais a fheabhsú agus a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, agus iad ag déanamh caidreamh leis an bpobal agus leis na meáin agus ag cabhrú le saoránaigh teacht ar acmhainní agus tionscnaimh iontaofa oideachais airgeadais.

Cheap roinnt Ballstát den Aontas ambasadóirí litearthachta airgeadais cheana féin, áit ar cheap roinnt tíortha ambasadóir amháin agus ar cheap cinn eile triúr ar a mhéad.

A luaithe a cheapfar é nó í nó iad, gabhfaidh an t-ambasadóir litearthachta airgeadais nó na hambasadóirí litearthachta airgeadais d’Éirinn an ról sin de láimh in Éirinn, mar aon le tacú le cur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta um Litearthacht Airgeadais.

Tá sé mar aidhm leis an Straitéis Náisiúnta um Litearthacht Airgeadais, a seoladh sa bhliain 2025, obair le tírdhreach gníomhach litearthachta airgeadais na hÉireann chun tacú le folláine agus athléimneacht airgeadais níos fearr i gcoitinne.

Ról an ambasadóra litearthachta airgeadais

A luaithe a cheapfar é nó í nó iad, oibreoidh an t-ambasadóir litearthachta airgeadais nó na hambasadóirí litearthachta airgeadais chun príomhtheachtaireachtaí i réimse na litearthachta airgeadais a chur in iúl agus chun cabhrú le saoránaigh na hÉireann a chumhachtú smacht a ghlacadh ar a gcuid airgeadais. Tacóidh an Roinn Airgeadais leis an ambasadóir nó na hambasadóirí an ról a chur i gcrích.

Gníomhóidh an t-ambasadóir litearthachta airgeadais nó na hambasadóirí litearthachta airgeadais mar urlabhraí nó mar urlabhraithe maidir le litearthacht airgeadais d’Éirinn. Ina theannta sin, cuirfidh an t-ambasadóir litearthachta airgeadais nó na hambasadóirí litearthachta airgeadais Straitéis an Aontais Eorpaigh um Litearthacht Airgeadais chun cinn agus glacfaidh sé nó sí nó siad páirt sa líonra ambasadóirí náisiúnta litearthachta airgeadais.

Mar atá leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach, ba cheart d’ambasadóirí, sa chás is fearr:

  • a bheith ina bpearsana poiblí a bhfuil tionchar acu, a bhfuil iontaoibh ag daoine astu, atá meallacach, agus atá in ann spriocphobail éagsúla a mhealladh;
  • a bheith ina gcumarsáidithe dinimiciúla a bhfuil rochtain acu ar mhórbhealaí meán, ar líne agus as líne araon;
  • a bheith ina ndaoine aonair a bhfuil ionracas aitheanta acu agus atá in ann litearthacht airgeadais a chur chun cinn ar bhealach neamhchlaon cuimsitheach; agus
  • a bheith ar a gcompord agus iad plé le gnáthbhainistíocht airgid laethúil agus leis na tairbhí fadtéarmacha a bhaineann le coigilt agus le hinfheistiú.

Sa chás is fearr freisin, bheadh ambasadóirí:

  • díograiseach faoi litearthacht airgeadais agus faoi thacú le mórfholláine airgeadais shaoránaigh na hÉireann;
  • tiomanta d’am a chur isteach sa ról (agus an ceangaltas beacht ama le plé agus le comhaontú tar éis an cheapacháin); agus
  • in ann taisteal chuig an mBruiséil, nuair is gá, chun caidreamh a dhéanamh le líonra ambasadóirí litearthachta airgeadais an Aontais.

Mairfidh ceapachán na n-ambasadóirí litearthachta airgeadais suas go deireadh na bliana 2027, ach amháin i gcás go gcinnfidh an tAire Airgeadais a mhalairt.

Déanfar clár oibre beacht an ambasadóra nó na n-ambasadóirí a phlé agus a chomhaontú tar éis é nó í nó iad a cheapadh.

Tá sé beartaithe go dtacóidh sé/sí nó siad le himeachtaí agus tionscadail éagsúla litearthachta airgeadais i rith na bliana.

Déanfaidh an t-ambasadóir nó na hambasadóirí na príomhtheachtaireachtaí ón Straitéis Náisiúnta um Litearthacht Airgeadais agus ó Straitéis an Aontais Eorpaigh um Litearthacht Airgeadais a scaipeadh go forleathan trí na meáin chumarsáide freisin.

Luach Saothair

Níl aon luach saothair ag baint le ról an ambasadóra litearthachta airgeadais, mar atá leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach.

Is féidir, áfach, go n-íocfar costais taistil agus costais riachtanacha eile a bhaineann leis an ról.

Conas spéis a léiriú

Is féidir leat spéis a léiriú i do bhreithniú don ról mar ambasadóir litearthachta airgeadais d’Éirinn trí Léiriú Spéise a chur isteach, rud ar cheart na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh ann:

  • curriculum vitae (CV) cothrom le dáta ina mionsonraítear do chúlra agus do thaithí ábhartha (dhá cheann de leathanaigh A4 ar a mhéad); agus
  • ráiteas pearsanta ina mionsonraítear an chúis a bhfuil tú ag déanamh iarratais agus an fhís atá agat don ról (500 focal ar a mhéad).

Ba cheart Léirithe Spéise a sheoladh le ríomhphost chuig financialliteracy@finance.gov.ie.
Is é 5 p.m. an 30 Aibreán 2026 an spriocdháta le haghaidh Léirithe Spéise a chur isteach.
I gcás gach Léirithe Spéise a gheofar, seolfar admháil á rá go bhfuarthas é laistigh de sheachtain amháin ó é a fháil. Más rud é nach bhfaighidh tú aon admháil, beidh baol ann nach mbreithneofar do Léiriú Spéise.

Ceapachán

Ceapfar ambasadóir litearthachta airgeadais amháin nó níos mó.

Is de réir rogha an Aire Airgeadais, agus de réir rogha an Aire Airgeadais amháin, a dhéanfar na ceapacháin.

Is féidir go n-áireofar leis sin daoine aonair a chuir spéis in iúl tríd an bpróiseas seo agus/nó daoine aonair eile a mheasfaidh an tAire Airgeadais a bheith oiriúnach don ról.

Cosaint Sonraí

Mar chuid den phróiseas comórtais seo, ceanglófar ar iarratasóirí sonraí pearsanta a chur isteach ina CV. Is dleathach atá próiseáil na sonraí pearsanta atá riachtanach chun críche an phróisis seo, amhail dá bhforáiltear faoi Airteagal 6(1)(e) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus faoi alt 71(2)(a) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018.

Cuireadh le haghaidh Léirithe Spéise sa ról mar Ambasadóir Litearthachta Airgeadais
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat