English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ainmníonn an tAire McGrath an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún chuig NewERA

Shínigh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, an Ionstraim Reachtúil iomchuí faoi alt 18(3) den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2014, chun a fhoráil go mbeidh an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún ina comhlacht ainmnithe ar ina leith a fhéadfaidh an tÚdarás um Gheilleagar Nua agus um Théarnamh (NewERA) seirbhísí áirithe comhairleacha airgeadais agus tráchtála a sholáthar d’Airí iomchuí.

Dar leis an Aire Airgeadais:

“Tá lúcháir orm an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún a ainmniú chuig NewERA. Soláthraíonn NewERA seirbhís ríthábhachtach comhairle airgeadais agus tráchtála d’Airí agus ranna i ndáil leis na cuideachtaí earnála tráchtála Stáit a thagann faoina phunann, agus tugann sé eolas mionsonraithe comparáideach ar fud earnálacha éagsúla. Beidh an chomhairle ó NewERA an-úsáideach don Aire Tithíochta ar an gcéad ásc, ach rachaidh sí chun tairbhe ar deireadh do na hAirí eile a bhfuil freagrachtaí orthu i ndáil leis an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún.”


Nótaí

Leis an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2014 (Acht GBCN), cuireadh na feidhmeanna atá ag GBCN i leith NewERA ar bhonn reachtúil. Áirítear leis na feidhmeanna sin, i measc nithe eile, seirbhísí comhairleacha airgeadais agus tráchtála a sholáthar d’Airí iomchuí maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna úinéireachta i gcuideachtaí ainmnithe áirithe earnála tráchtála Stáit. Ar an tslí sin, soláthraíonn NewERA seirbhís ríthábhachtach do scairshealbhóirí Aireachta i ndáil leis na cuideachtaí sin agus tugann sé eolas comparáideach ar fud earnálacha éagsúla, agus céim bhreise anailíse cáilíochtúla á cur aige le tionscadail agus tograí an tráth céanna.

Tar éis an ainmniúcháin, beidh NewERA in ann comhairle áirithe tráchtála agus airgeadais a sholáthar d’Airí maidir le nithe iomchuí airgeadais agus tráchtála a bhaineann leis an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún. Ar aon dul le hAcht GBCN, áfach, féadfaidh na hAirí aon chomhairle nó aon tosca eile is cuí leo a chur san áireamh freisin.

San am i láthair, is trí chomhaontú a sholáthraíonn NewERA comhairle airgeadais agus tráchtála don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le nithe sonraithe a bhaineann leis an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún.

Mar gheall ar an ról atá ag NewERA maidir le comhairle tráchtála agus airgeadais a sholáthar d’Airí/ranna iomchuí maidir le raon leathan cuideachtaí earnála tráchtála Stáit agus raon leathan sannachán (lena n-áirítear, mar shampla, comhairle a sholáthar maidir le ceapacháin bhoird agus maidir le luach saothair na bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar chomhlachtaí ainmnithe), féadfaidh sé dearcadh agus saineolas leathan a chur i bhfeidhm agus comhairle á soláthar aige i leith na Gníomhaireachta um Fhorbairt Talún, rud a chuireann ar chumas an Stáit dearcadh punainne a ghlacadh i leith na sócmhainní atá ar úinéireacht aige.