An chéad Chomhdháil d'Institiúidí Airgeadais Idirnáisiúnta oscailte ag an Aire D'Arcy

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An chéad Chomhdháil d'Institiúidí Airgeadais Idirnáisiúnta oscailte ag an Aire D'Arcy

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 3 Deireadh Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh fáilte chun na hÉireann roimh ionadaithe ó shé Institiúid Airgeadais Idirnáisiúnta, lena n-áirítear roinnt Bainc Forbartha Iltaobhacha (MBDanna), agus gníomhairí forbartha i mBaile Átha Cliath inniu (Déardaoin) chun feasacht a ardú ar na deiseanna atá ar fáil do chuideachtaí na hÉireann chun tairiscint a chur isteach ar chonarthaí i margaí ar fud an domhain atá maoinithe ag an IFI. Chomh maith leis sin, bhí deis ag gnónna na hÉireann páirt a ghlacadh i gcruinnithe duine le duine le baill foirne soláthair ó Bhanc Forbartha na hAfraice, Banc Forbartha na hÁise, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, an Banc Eorpach Infheistíochta, UNIDO agus Grúpa an Bhainc Dhomhanda.

Ag oscailt na comhdhála, dúirt Michael D'Arcy TD, an tAire Stáit do Sheirbhísí Airgeadais,

“Tá tábhacht ag baint le conarthaí IFI chun cur ar chumas cuideachtaí na hÉireann an chéad chéim a ghlacadh i margaí thar lear agus chun éagsúlú sa mhargadh onnmhairíochta a éascú. Trí dheiseanna tairisceana IFI a chur chun cinn trí imeachtaí ar nós chomhdháil an lae inniu, táthar ag teacht le haidhmeanna straitéis trádála Ireland Connected an Rialtais agus le cuspóirí an tionscnaimh, Éire Dhomhanda. Chomh maith leis sin, is féidir linn béim a leagan ar chaighdeán ghnónna na hÉireann agus ar an gcumas atá iontu réitigh nuálacha a chur ar fáil chun cuidiú leis na IFInna a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh.”

Labhair Tom Kelly, Bainisteoir an Rannáin Nuálaíochta agus Iomaíochais, ag an gcomhdháil a reáchtáladh i bhFiontraíocht Éireann,

“Trí thairiscintí idirnáisiúnta a lorg, cuirtear deiseanna suntasacha ar fáil do ghnónna na hÉireann atá ag iarraidh dul isteach i margaí thar lear. Tá caidrimh láidre forbartha ag Fiontraíocht Éireann le rannóga soláthair in institiúidí airgeadais mar an Banc Domhanda, EIB, Banc Forbartha na hÁise agus Banc Forbartha na hAfraice agus cuirimid fáilte rompu anseo den chéad uair. Mar aon le teagmháil a dhéanamh le hInstitiúidí Airgeadais Idirnáisiúnta, gheobhaidh gnónna na hÉireann atá ag freastal ar imeacht an lae inniu comhairle agus noda ó shaineolaithe tairisceana agus cloisfidh siad ó chuideachtaí a bhfuil taithí acu ar an bpróiseas tairisceana.”

Is í Fiontraíocht Éireann a d'eagraigh an chomhdháil i gcomhar leis an Roinn Airgeadais, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus Geoscience Ireland.

CRÍOCH

Teagmháil

Teagmháil preasa d'Fhiontraíocht Éireann

Brigid Burke, Caidreamh Preasa agus leis na Meáin, Fiontraíocht Éireann 087 1803995

brigid.burke@enterprise-ireland.com

Teagmháil preasa don Roinn Airgeadais

Aidan Murphy, Preasoifigeach, An Roinn Airgeadais - 085 886 6667

pressoffice@finance.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat