AN tAIRE DONOHOE CHUN FÁILTE A CHUR ROIMH RÚNAÍ STÁTCHISTE NA STÁT AONTAITHE JANET YELLEN GO hÉIRINN
- Foilsithe: 22 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an tAire Airgeadais, agus Uachtarán an Ghrúpa Euro, Paschal Donohoe TD, ag súil le fáilte a chur roimh Rúnaí Státchiste na Stát Aontaithe Janet Yellen go Baile Átha Cliath ón 31 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Samhain, a céad chuairt ar Éirinn ó cheap Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, í chuig a Rialtas i mí Eanáir na bliana seo.
Ag labhairt roimh an gcuairt, dúirt an tAire Donohoe:
“Tá áthas orm gur ghlac Rúnaí Státchiste na Stát Aontaithe, Janet Yellen, le mo chuireadh chun cuairt a thabhairt ar Éirinn. Bhuail mé cheana féin leis an Rúnaí Yellen dhá uair i mbliana, i mí an Mheithimh ag G7 i Londain agus sa Bhruiséil i mí Iúil nuair a d’fhreastail sí ar chruinniú den Ghrúpa Euro. Cuireann a cuairt ar Éirinn béim ar an tábhacht a bhaineann leis an gcaidreamh idir Éirinn agus SAM de mheon athnuachan na taidhleoireachta eacnamaíche idirnáisiúnta, lena n-áirítear an comhaontú stairiúil ar thángthas air maidir le cánachas idirnáisiúnta laistigh de Chreat Cuimsitheach ECFE. Is comhpháirtithe agus cairde diongbháilte iad Éire agus na Stáit Aontaithe le fada an lá, agus táim ag tnúth le neart ár gcaidrimh a léiriú tuilleadh le linn chuairt na seachtaine seo chugainn”.
CRÍOCH
- Cuirfear sonraí an chláir (rochtain phreasa san áireamh) ar fáil an tseachtain seo chugainn.