An tAire Donohoe tar eis Rialacháin de chuid an AE a shíniú ina ndlí chun dáileadh trasteorann na gcistí infheistíochta a fheabhsú
- Foilsithe: 5 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá dhá phíosa rialachán sínithe ag an Aire Airgeadais, Paschal Donohoe TD - Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe) (Leasú) 2021 agus Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha) (Leasú) 2021 – le tabhairt éifeacht le Treoir (AE) 2019/1160 maidir le Dáileadh Trasteorann Gnóthas Comhinfheistíochta nó an “Treoir CBD”.
Is é cuspóir foriomlán Threoir CBD dáileadh trasteorann an AE ar ghnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (“UCITS”) agus cistí infheistíochta malartacha (“AIFanna”) a éascú agus an creat rialála lena ndéantar dáileadh na gcistí infheistíochta sin a rialú a chomhchuibhiú. I measc na bpríomh-athruithe atá tugtha isteach leis an Treoir CBD isteach tá an réimeas réamh-mhargaíochta mar a thugtar air, an ceanglas saoráidí áitiúla a sholáthar don AIFS agus don UCITS atá á mharagú d’infheisteoirí miondíola, chomh maith leis an bpróiseas dí-fhógraithemargaíochta le haghaidh AIFanna agus UCITS.
Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha) (Leasú) 2021
CRÍOCH
Nótaí d’eagarthóirí
Cuimsítear leis an creat rialála nua an AE a éascaíonn an dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta:
1. Rialachán ((AE) 2019/1156) maidir le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta a éascú agus Rialacháin EUVECA (Rialachán (AE) Uimh. 345/2013) agus EUSEF (Rialachán (AE) Uimh. 346/2013) a leasú; agus
2. Treoir ((AE) 2019/1160) lena leasaítear an Treoir um Ghnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe (UCITS) agus an Treoir um Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (AIFMD) maidir le dáileadh trasteorann.
Tháinig an Rialachán CBD, atá éifeachtach ón tosach, i bhfeidhm i mí Lúnasa 2019 agus tosóidh na forálacha a bhaineann leis an margaíocht ón 2 Lúnasa 2021, den chuid is mó.