Beidh an pacáiste cánach ioncaim i bhfeidhm ón lá amárach – Donohoe

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Beidh an pacáiste cánach ioncaim i bhfeidhm ón lá amárach – Donohoe

Mheabhraigh an tAire Airgeadais Paschal Donohoe TD inniu (Dé hAoine) d’íocóirí cánach ioncaim go dtiocfaidh an pacáiste cánach ioncaim a fógraíodh mar chuid den Bhuiséad i mí Dheireadh Fómhair i bhfeidhm ón lá amárach, an 1 Eanáir 2022.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Donohoe:

“I mBuiséad 2022 d’fhéach mé le hathruithe a dhéanamh ar an gcóras cánachais phearsanta chun an t-ualach atá ar shaothraithe meánioncaim a mhaolú agus chun cabhrú leo leis an gcostas maireachtála atá ag dul i méid. Ón lá amárach, ardóidh an banda ráta chaighdeánaigh do gach saothraí ó €35,300 go €36,800 do shaothraithe singile, ó €39,300 go €40,800 do theaghlaigh aontuismitheora; agus ó €44,300 go €45,800 do lánúineacha. Rachaidh na hathruithe seo chun tairbhe do gach duine a íocann cáin ioncaim.

“Tiocfaidh an méadú €50 i ngach ceann de na príomhchreidmheasanna cánach – creidmheas cánach pearsanta, creidmheas cánach fostaí agus an creidmheas ioncaim thuillte i bhfeidhm freisin.

“Maidir leis an Muirear Sóisialta Uilíoch, méadófar uasteorainn an bhanda ráta 2% de réir an mhéadaithe ar an bpá íosta náisiúnta ó €10.20 go €10.50 san uair chun a chinntiú go bhfanfaidh oibrí lánaimseartha, a bhfaighidh méadú pá, lasmuigh den bharr-ráta MSU.

“Tuigeann an Rialtas go rímhaith an tionchar atá ag an gcostas maireachtála, atá ag dul i méid, ar dhaoine aonair agus ar theaghlaigh. Is cuid thábhachtach de fhreagra an Rialtais ar thacú le saoránaigh leis an dúshlán seo iad na hathruithe cánach ioncaim a bheidh i bhfeidhm ón lá amárach.”

Críoch

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat