Ceapann an tAire McGrath an Cathaoirleach nua ar Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceapann an tAire McGrath an Cathaoirleach nua ar Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann

D’fhógair Michael McGrath, an tAire Airgeadais, inniu (Dé hAoine) gur ceapadh an tUas. Patrick Delaney mar chéad Chathaoirleach eile ar Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSÉ). Tagann an tUas. Delaney i gcomharbas ar Barbara Cotter, a bhí ina comhalta de Bhord CBSÉ ó mhí an Mhárta 2015. Chuaigh an dara téarma a bhí aici mar Chomhalta Boird in éag an 29 Feabhra 2024.

Ag labhairt dó faoi cheapadh an Chathaoirligh nua, dúirt an tAire McGrath:

“Tá áthas orm a fhógairt gur ceapadh Patrick Delaney mar Chathaoirleach nua ar Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann. Chaith an tUas. Delaney níos mó ná 25 bliana ag obair mar stiúrthóir le Comhlachas na nGnólachtaí Beaga agus le Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann, agus téann sé i mbun an róil mar Chathaoirleach agus raidhse taithí agus tuisceana aige ar na dúshláin atá roimh an earnáil ghnó. Guím gach rath ar Patrick le linn a théarma mar Chathaoirleach.”

Thug an tAire McGrath ómós freisin do Barbara Cotter, an Cathaoirleach atá ag dul as oifig:

“Gabhaim buíochas le Barbara Cotter as an rannchuidiú mór a rinne sí leis an mBord agus as an díograis a léirigh sí dó ón mbliain 2015. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le Barbara as an gceannaireacht agus an tiomantas a léirigh sí agus í ag stiúradh Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann ó chuaigh sí i mbun an róil mar Chathaoirleach i mí an Mhárta 2019. Guím gach rath uirthi sa todhchaí.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat