Clár fíorúil Lá Fhéile Phadraig 2021 agus coinní idirnáisiúnta an Aire Donohue
- Foilsithe: 17 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Mar chuid de chlár leathan na n-imeachtaí fíorúla chun aithint a thabhairt do Lá Fhéile Pádraig, agus chun dul i ngleic lenár comhpháirtithe eacnamaíocha, an pobal Éireannach agus an diaspóra thar lear, bhí an tAire Donohue lán sásta cuirí a ghlacadh chun páirt a ghlacadh i roinnt imeachtaí fíorúla ar Lá Fhéile Phadraig féin agus le linn na seachtaine. Bhí na himeachtaí seo ar siúil i Londain, Nua Eabhrach, Parás agus Washington agus ina measc:
- imeacht fíorúil a d'eagraigh Ard-Chonsulacht na hÉireann i Nua Eabhrach mar chuid dá chlár Lá 'le Pádraig i gcomhpháirtíocht le hÁras Nua Eabhrach an Chomhlachais Tráchtála Eorpach-Meiriceánach (11 Márta)
- cruinniú comhchéime a chuir an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (IDA) ar fáil agus bhí cliaint seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta de chuid na Stát Aontaithe i láthair ann (16 Márta)
- cruinniú fíorúil le Príomh-Rúnaí Státchiste na Stát Aontaithe Janet L Yellen ar Lá Fhéile Pádraig (17 Márta)
- fáiltiú fhíorúil a d'óstáil Ambasáid na hÉireann don Ríocht Aontaithe i Londain, an eagraíocht CHAMP a bhfuil sé mar aidhm aici an tsíocháin agus an t-athchairdeas a chur chun cinn trí naisc pholaitiúla Soir-Siar agus Thuaidh-Theas agus an Grúpa Parlaiminteach Uilepháirtí (APPG) mar gheall ar Éire agus na hÉireannaigh i mBreatain (17 Márta)
- imeacht fíorúil a d'eagraigh an Bhuanthoscaireacht na hÉireann don eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD)i bPáras mar chuid dá clár Lá 'le Pádraig. Fógraíodh é mar comhrá idir an tAire Airgeadais de chuid na hÉireann agus Ceannaire an Ghrúpa Euro Paschal Donohue TD agus Ard-Rúnaí an OECD Angel Gurría' (22 Márta)
Dúirt an tAire Donohoe:
"Cuireann Lá 'le Pádraig deis faoi leith d'Éire chun caidrimh a bhunú le roinnt grúpaí, idir cheannairí an domhain agus ár ndiaspóra féin, do lucht gnó a ndéanann gnó linn agus do lucht gnó a d'fhéadfadh gnó a dhéanamh linn sa todhchaí. Is deis í a rá chomh maith cé chomh bródúil is atáimid as na gaiscí a bhain ár dtír bheag amach go dtí seo agus cé chomh uaillmhianach is atá na pleananna atá againn don todhchaí. De ghnáth tarlaíonn na cruinnithe seo aghaidh ar aghaidh, agus tugann siad deis don rialtas caidrimh a chruthú i mbealach nach bhfuil a shárú le fáil in aon tír eile ar a lá náisiúnta. I mbliana, in ómós Lá 'le Pádraig in aineoinn Covid-19, eagraíodh cruinnithe ionas go bhféadaimid teagmháil a dhéanamh le ceannairí an domhain, infheisteoirí, na hÉireannaigh thar lear agus na daoine a bhfuil dáimh acu le hÉirinn agus teachtaireacht tacaíochta comhoibrithe agus chairdis a chur amach ar an ócáid speisialta seo.
Bhí áthas orm agus beidh gliondar croí orm an tseachtain seo chugainn a bheith in ann labhairt go díreach gus na naisc a chothabháil lenár gcompháirtithe eacnamaíocha, an diaspóra Gaelach, an pobal gnó domhanda agus ceannairí polaitiúla le linn Lá Fhéile Pádraig i bliana.