Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhairliúchán Poiblí ar Thograí Cánach Idirnáisiúnta an OECD seolta ag an Aire Donohoe

An 1 Iúil 2021, thángthas ar chomhaontú maidir le Creat Uilechuimsitheach an OECD ach níor thángthas ar chomhaontú d’aon toil maidir le príomhghnéithe den réiteach dhá-chrann-taca chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chánach a éiríonn as an digitiú agus an domhandú.

Bhíthas soiléir faoinár dtacaíocht leathan don chomhaontú a chur in iúl in Éireann ach tá an imní atá againn faoi curtha in iúl againn chomh maith, go háirithe faoin íosráta cánach éifeachtach domhanda atá beartaithe de ‘15% ar a laghad’.

Mar gheall ar cé chomh tábhachtach is atá moltaí an OECD, tá sé tráthúil faoi láthair tuairimí a lorg trí chomhairliúchán poiblí maidir le moltaí an OECD. Bheadh a leithéid de chomhairliúchán áisiúil chun na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis na moltaí a shainaithint maidir le cód cánach corparáidí na hÉireann agus an beartas tionsclaíoch i gcoitinne sa tír.

Dúirt an tAire Donohoe:

‘Creidim go bhfuil sé chun leasa gach duine a bhfuil baint acu leis comhaontú cothrom, uaillmhianach agus inbhuanaithe a dhaingniú san OECD maidir leis an ailtireacht chánach idirnáisiúnta. Tá sé riachtanach agus muid ag éirí slán as paindéimn an Covid-19 go soláthraíonn an córas cánach idirnáisiúnta an chinnteacht agus an chobhsaíocht riachtanach chun tacú leis an bhfás agus leis an infheistíocht, agus táimid tiomanta in Éirinn dár gcuid féin a dhéanamh chun an comhaontú cuimsitheach a bhaint amach’.

“Táim tiomanta le cinnte a dhéanamh go leanann beartas cánach na hÉireann ag tacú leis an bhfás agus leis an rath eacnamaíoch, agus ina leith seo ba mhaith liom fáilte a chur roimh thuairimí an phobail agus na bpríomhpháirtithe leasmhara araon maidir le príomhghnéithe de mholtaí an OECD”.

Beidh an comhairliúchán ar siúl go dtí Dé hAoine, an 10 Meán Fomhair. Tá mionsonraí maidir le conas teagmháil a dhéanamh leis an gcomhairliúchán ar fáil sa chomhad.

Minister Donohoe launches Public Consultation on the OECD International Tax Proposals

Críoch

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat