English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhaontú socraithe ag an Aire Donohoe comhaontú chun Bille um an mBanc Ceannais (Creat Cuntasachta Aonair) a dhréachtú

Tá sé mar aidhm ag aan mBille seo feabhas a chur leis an gcuntasacht san earnáil airgeadais

Ar maidin, inniu (De Máirt), dhaingnigh an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, comhaontú óna chomhghleacaithe Comh-Aireachta chun dréachtú an Bhille um an mBanc Ceannais (Creat Cuntasachta Aonair) a fhormheas, arb é an phríomhchuspóir atá leis feabhas a chur leis an gcuntasacht san earnáil airgeadais.

Tá ceithre phríomhghné leis na Cinn atá beartaithe mar aon le hathruithe teicniúla riachtanacha ar phróisis dlí atá ann cheana. Is iad seo go léir an Creat Cuntasachta Aonair.

Déantar foráil sa phíosa dréachtreachtaíochta seo do na míreanna seo a leanas:

1. Córas Cuntasachta Feidhmiúcháin Sinsearach (SEAR) a bheith tugtha isteach, lena gcuirfear oibleagáidí ar ghnólachtaí agus ar dhaoine sinsearacha iontu chun sonrú go soiléir cé leis a bhfuil an fhreagracht agus an chinnteoireacht.

Beidh feidhm ag SEAR maidir leo siúd a bhfuil ról bainistíochta acu in:

  • Institiúidí creidmheasa (seachas comhair chreidmheasa);
  • Gnóthais árachais (seachas gnóthais athárachais, gnóthais (ath)árachais faoi chuing agus Feithiclí Sainchuspóra Árachais);
  • Gnólachtaí infheistíochta a fhrithgheallaíonn ar bhonn tiomantais dhaingean agus/nó a fheidhmíonn go neamhspleách agus/nó atá údaraithe chun airgead/sócmhainní cliant a shealbhú; agus
  • Brainsí tríú tír de na hinstitiúidí sonraithe ag seo, thuas.

2. Na rudaí seo a bheith tugtha isteach:

a. Comhchaighdeáin iompair le haghaidh gach duine a bhfuil ról feidhm rialaithe aige;

b. Caighdeáin iompair bhreise le haghaidh daoine aonair a bhfuil post sinsearach acu; agus

c. Caighdeáin iompair ghnó do gach gnólacht rialáilte san earnáil airgeadais.

Agus na caighdeáin iompair seo tugtha isteach tabharfar cumhachtaí don Bhanc Ceannais chun oibleagáidí ceangailteacha agus infheidhmithe a leagan síos agus a fhorchur ar gach Soláthraí Seirbhíse Airgeadais Rialáilte (RFSPanna) agus ar dhaoine aonair atá ag obair iontu maidir leis na caighdeáin iompair ar cheart a bheith i bhfeidhm iontu.

3. Feabhsúcháin ar an gCóras Aclaíochta agus Ionracais chun feidhmiú éifeachtach, agus cumas, an chórais chun tacú leis an gCreat Cuntasachta Aonair agus na caighdeáin iompair, a chinntiú, dhaoine aonair agus do ghnólachtaí araon.

4. An “Nasc Rannpháirtíochta” a bhriseadh, lena dtugtar aghaidh ar an easnamh atá aitheanta a bheith sa reachtaíocht lena n-éilítear ar an mBanc Ceannais sárú reachtaíochta seirbhísí airgeadais a chruthú i gcoinne RFSP ar dtús, roimh don mBanc a bheith in ann caingean a dhéanamh i gcoinne duine aonair.

Smachtbhannaí le cur i bhfeidhm faoi Nós Imeachta Smachtbhannaí Riaracháin an Bhainc Ceannais maidir le sáruithe ar Chaighdeáin SEAR nó Iompair; agus Leasuithe teicniúla chun an reachtaíocht atá ann cheanna fein a fheabhsú agus chun próisis reachtúla áirithe a shoiléiriú.

Is suntasach na cumhachtaí breise a chuirfear ar fáil don Bhanc Ceannais agus, agus na Cinn seo á ndréachtú, táthar tar éis cúram a ghlacadh go nglactar leis an gcothromaíocht cheart idir na cumhachtaí seo agus cearta bunreachtúla daoine aonair a chosaint.

Is é ar an mí-iompar nó an míbhainistíocht i measc an luchta sinsearaigh a chosc atá an bhéim dírithe in SEAR. Tríd an gcuntasacht aonair a éileamh ón lucht bainistíochta sinsearach, le tacaíocht ó chumhachtaí forfheidhmithe, tá dreasacht ann don lucht bainistíochta shinsearach dlí na seirbhísí airgeadais a chomhlíonadh. Comhlíonann SEAR an cuspóir atá ann chun gnólachtaí rialáilte a dhreasú agus cuidiú leo a bpróisis inmheánacha a neartú freisin le léarscáileanna freagrachta bainistíochta agus as freagrachtaí an luchta ardbhainistíochta a shoiléiriú.

Tar éis na caighdeáin iompair ar fud na soláthraithe seirbhíse airgeadais rialáilte leagtar amach na caighdeáin a bhfuil súil leo ó dhaoine aonair ábhartha a oibríonn i ngnólachtaí den sórt sin. Ós rud é go mbeidh níos mó baill foirne sóisearacha faoi raon feidhme na gcomhchaighdeán iompair atá á dtabhairt isteach, tá raon cosaintí san áireamh, ionas go mbeidh an fhoireann ar an eolas faoina bhfuil beartaithe.

I ndeireadh na dála beidh sé ar phríomhdhúshlán an muinín a thabhairt ar ais san earnáil airgeadais. Chun an muinín a thabhairt ar ais, beidh athrú leanúnach cultúrtha agus praiticiúil ag teastáil san earnáil baincéireachta agus ar fud thionscal na seirbhísí airgeadais. Leis an mBille um an mBanc Ceannais (Creat Cuntasachta Aonair) cuirfear go mór leis an athrú cultúrtha seo atá ag teastáil a chur i gcrích.

Meastar go bhfágfar, mar gheall ar an gCreat a bheith tugtha isteach, go dtarlóidh na rudaí seo a leanas:

  • Bainfidh custaiméirí leas as soláthraithe seirbhíse airgeadais atá cuntasach go hiomlán as leibhéal na seirbhíse agus na comhairle a sholáthraíonn siad;
  • Bainfidh fostaithe in institiúidí airgeadais leas as níos mó soiléireachta a bheith acu maidir lena róil agus a bhfreagrachtaí agus faoi cad iad, go díreach, agus beidh sé de chumhacht acu aird a tharraingt ar theipeanna nuair a fheiceann siad go bhfuil siad ann;
  • Bainfidh gnólachtaí agus a scairshealbhóirí tairbhe as an bhfíor-chuntasacht a bheith cruthaithe d’fheidhmeannaigh shinsearacha; agus
  • Bainfidh an geilleagar agus an tsochaí i gcoitinne leas as córas airgeadais níos cobhsaí a bheith ann trí chumas an luchta cinnteoireachta sinsearaigh cinntí riosca a dhéanamh nach mbeidh siad cuntasach ina leith agus nach mbeidh orthu aon chostas a chlúdach ina leith.

Gus é ag caint inniu, dúirt an tAire Donohoe:

‘Cuirim fáilte roimh Chinn an Bhille um an mBanc Ceannais (Creat Cuntasachta Aonair) a bheith foilsithe. Tá foilsiú na gCeann Billí seo ar aon dul leis an tiomantas atá i gClár an Rialtais chun an Réimeas Cuntasachta Feidhmiúcháin Sinsearach a thabhairt isteach chun cuntasacht níos airde a thabhairt isteach sa chóras baincéireachta ’.

“Leis na hathruithe leis an reachtaíocht um an mBanc Ceannais, cuirfear cuntasacht aonair i gcroílár na cinnteoireachta in eagraíochtaí seirbhísí airgeadais. Leis na forálacha seo, déanfar cinnte go mbeidh soiléireacht ann maidir le róil agus feidhmeanna na bhfeidhmeannach sinsearach.

“Agus caighdeáin iompair iomchuí do dhaoine aonair atá ag obair in institiúidí airgeadais a bheith glactha, chomh maith le caighdeáin do ghnólachtaí railaithe, déanfar foráil do na caighdeáin iompair oiriúnacha.

“Tá athruithe ann freisin maidir leis an gcóras aclaíochta agus ionracais agus maidir le briseadh an naisc rannpháirtíochta. Tá córas smachtbhannaí iomchuí i bhfeidhm a thacaíonn leis na hathruithe seo d’fhonn an comhlíonadh a chinntiú agus chun déileáil leis an mí-iompar a d’fhéadfadh tarlú. Nuair a chuirtear na hathruithe sin le chéile ta siad suntasach ó thaobh an tionchar atá acu ar rialachas institiúidí airgeadais. Is éard is aidhm acu ná cultúr den iompar dearfach a spreagadh i measc na ndaoine a oibríonn in institiúidí airgeadais agus tá sé mar chuid den obair leanúnach chun muinín sna hinstitiúidí seo a athbhunú.”

Nótaí don Eagarthóir

De bhun iarratais a rinne an tAire Donohoe i mí na Samhna 2017, dhréachtaigh an Banc Ceannais Tuarascáil ar Iompar agus Cultúr Bhanc Miondíola na hÉireann agus foilsíodh í i mí Iúil 2018.

Féachann na dréacht-chinn atá leagtha amach sa Scéim Ghinearálta le hAchtanna an Bhainc Ceannais a leasú chun foráil a dhéanamh chun Creat Cuntasachta Aonair a chur i bhfeidhm d’fhonn a chinntiú go ndéantar an fhreagracht a shanú go hiomchuí i dtaca le gníomhaíochtaí a dhéanann daoine aonair ina gcuid oibre i dtionscal na seirbhísí airgeadais.

Chuaigh an Roinn i ndlúth-theagmháil le Banc Ceannais na hÉireann chun bonn eolais a chur faoi na seasaimh bheartais atá oiriúnaithe chun aghaidh a thabhairt ar na prionsabail atá formheasta ag an Rialtas. Tugadh faoin ndlúthrannpháirtíocht bhreise le hOifig an Ard-Aighne chun an cuspóir a bhaint amach lena chinntiú go bhfuil na cumhachtaí ag an mBanc Ceannais an chun rialáil éifeachtach a chur i bhfeidhm agus cearta bunreachtúla gach duine lena mbaineann a chosaint.

Leis an mBille um an mBhanc Ceannais (Creat Cuntasachta Aonair), deimhneofar go mbeidh leibhéil níos airde cuntasachta, agus beidh torthaí níos fearr ann dá réir sin do gach duine ar fud na hearnála airgeadais agus déanfar cinnte dá bharr freisin go mbeidh na huirlisí ag institiúidí airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar an athrú cultúrtha fiúntach.

Tá sé mar aidhm ag an scéim

  • Freagracht an duine aonair i measc feidhmeannaigh sinsearacha a fheabhsú i roinnt earnálacha airgeadais a bhíonn i dteagmháil díreach leis an gcustaiméair
  • Leibhéil iompair iomchuí a shoiléiriú do chohórt mór daoine ar fud na soláthraithe seirbhísí airgeadais rialáilte agus, ag an am céanna, cuntasacht aonair a chothromú le comhfhreagracht
  • Feabhas a chur ar na próisis trína ndéantar daoine aonair a mheas maidir lena n-oiriúnacht do róil seirbhísí airgeadais agus imscrúdú a dhéanamh i gcás ina bhfuil cúiseanna ann a n-oiriúnacht a amhras, agus
  • Feabhas a chur ar an nós imeachta maidir le smachtbhannaí ionas go ngearrtar pionós ar sháruithe ar fhorálacha cuntasachta aonair go cuí agus go comhréireach.

Déanfar an SEAR a rolladh amach ar bhonn céimnithe agus beidh feidhm aige, ar an gcéad dul síos, maidir le bainc, cuideachtaí árachais, agus earnálacha eile a bhfuil idirghníomhaíocht ard acu le tomhaltóirí miondíola. Is iad seo a leanas na hearnálacha a mbeidh feidhm ag SEAR orthu i dtosach:

  • Institiúidí creidmheasa (seachas comhair chreidmheasa);
  • Gnóthais árachais (seachas gnóthais athárachais, gnóthais (ath)árachais faoi chuing agus Feithiclí Sainchuspóra Árachais);
  • Gnólachtaí infheistíochta a fhrithgheallaíonn ar bhonn tiomantais dhaingean agus/nó a fheidhmíonn go neamhspleách agus/nó atá údaraithe chun airgead/sócmhainní cliant a shealbhú; agus
  • Brainsí tríú tír de na hinstitiúidí sonraithe ag seo, thuas

D'fhéadfadh earnálacha breise a bheith tugtha isteach faoi raon feidhme SEAR amach anseo. Seo ceist a chuirfidh an Banc Ceannais i bhfeidhm le Rialachán le cead ón Aire.

Beidh feidhm ag na Comhchaighdeáin Iompair maidir le baill foirne i róil Feidhm Rialaithe (CF) (lena n-áirítear róil atá os comhair an chustaiméara), agus is é an réasúnaíocht leis sin ná go bhfuil cinneadh comhfhiosach déanta ag gach ball foirne den sórt sin oibriú ina leithéid de róil i dtionscal rialáilte. Forordaítear CFanna le rialachán faoi Chuid 3 den Acht um Athchóiriú an Bhainc Ceannais, 2010.

Beidh CFanna a háraíonn na comhchaighdeáin iompair ag déanamh “sárú forordaithe” agus ag teacht dár réir sin faoi réir caingean forfheidhmithe faoi Chuid IIIC d’Acht an Bhainc Cheannais, 1942. D’fhéadfadh sárú ar na caighdeáin iompair a bheith mar chúis le gníomh faoin gcóras oiriúnachta agus ionracais freisin.

Beidh siad siúd a chomhlíonann róil Feidhm Rialaithe Réamhcheadaithe (PCF, i.e. sinsearach) faoi réir an dá shraith caighdeán (na Comhchaighdeáin Iompair agus na Caighdeáin Iompair Bhreise).

Cuirfidh na aighdeáin Iompair Bhreise oibleagáidí ceangailteacha ar dhaoine i róil hinsearacha maidir le caighdeáin iompair ionchais i gcomhlíonadh a róil. Baineann na caighdeáin bhreise iompair seo le gach PCF laistigh de gach soláthróir seirbhísí airgeadais rialáilte (RFSPanna), chomh maith le daoine eile a bhfuil sé de chumas acu tionchar suntasach a imirt ar ghnóthaí RFSP.

Beidh feidhm ag na caighdeáin bhreise iompair, is cuma an bhfuil an RFSP atá i gceist faoi raon feidhme an Chórais um Chuntasacht Feidhmiúcháin Sinsearach (SEAR) nó nach bhfuil.

“Sárú forordaithe” a bheidh i gceist le sárú na gcaighdeán breise iompair agus dá bhrí sin is féidir leis an mBanc Ceannais caingean a thionscnamh i gcoinne daoine den sórt sin faoi Chuid IIIC d’Acht an Bhainc Ceannais 1942. D’fhéadfadh sárú ar na caighdeáin bhreise iompair a bheith ina chúis le gníomh faoin gcóras oiriúnachta agus ionracais.

Beidh feidhm ag na Caighdeáin do Ghnólachtaí maidir le gach RFSP, is cuma má thagann siad faoi raon feidhme SEAR nó nach dtagann.

“Sárú forordaithe” a bheidh i gceist le sárú na gCaighdeán do Ghnóthaí agus dá bhrí sin is féidir leis an mBanc Ceannais beart forfheidhmithe díreach a dhéanamh i gcoinne RFSP atá freagrach as sárú den sórt sin agus smachtbhannaí a chur air.

Na chéad chéimeanna eile

Scríobhfaidh an tAire Airgeadais chuig Cathaoirleach an Choiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú agus chuig an Taoiseach maidir le grinnscrúdú réamhreachta. Rachaidh oifigigh i dteagmháil le hOifig Chomhairle Pharlaiminte an Rialtais chun tús a chur le dréachtú na reachtaíochta ar aon dul leis an Scéim Ginearálta atá foilsithe inniu.

Scéim Ghinearálta - Bille an Bhainc Ceannais (Creat Cuntasachta Aonair)

Measúnú Tionchair Rialála - Bille an Bhainc Ceannais (Creat Cuntasachta Aonair)