Comhaontaíonn an Stát i bprionsabal leis an togra aischeannaigh scaireanna ó AIB don bhliain 2024

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhaontaíonn an Stát i bprionsabal leis an togra aischeannaigh scaireanna ó AIB don bhliain 2024

D’fhógair Michael McGrath, an tAire Airgeadais, inniu gur chomhaontaigh sé i bprionsabal leis an togra aischeannaigh scaireanna is déanaí ó AIB Group plc (“an Chuideachta” nó “AIB”). Is é an toradh a bheidh ar an idirbheart, atá faoi réir ceadú a fháil ó scairshealbhóirí, ná go bhfaighidh an Chuideachta €999 milliún dá scaireanna ar ais ón Stát trí cheannach lasmuigh den mhargadh. Táthar ag súil leis go gcríochnófar an t-aischeannach tamaillín tar éis Chruinniú Ginearálta Bliantúil AIB an 2 Bealtaine 2024.

Agus é ag fógairt rannpháirtíocht an Stáit san idirbheart, dúirt an tAire Airgeadais:

“Mar chuid dá thorthaí lánbhliana don bhliain 2023, d’fhógair AIB i dtús mhí an Mhárta go molfadh sé caipiteal is fiú thart ar €1.7 billiún a dháileadh ar scairshealbhóirí ag a chéad chruinniú ginearálta bliantúil eile. D’áireofaí leis sin eilimint díbhinne agus eilimint aischeannaigh araon. Tar éis plé idir oifigigh ón Roinn Airgeadais agus AIB, agus i bhfianaise a láidre atá scairphraghas an bhainc go fóill, chomhaontaigh mé i bprionsabal páirt a ghlacadh san aischeannach seo ar bhonn lánordaithe. Mar gheall ar mhéid an idirbhirt, beidh sé faoi réir ceadú a fháil ó scairshealbhóirí ag cruinniú ginearálta urghnách. Is é an toradh a bheidh ar an idirbheart seo a chríochnú go rathúil ná go dtabharfar thart ar €1 billiún eile ar ais don Stát. Beidh sé sin i dteannta na ndíbhinní dar luach €273 mhilliún nó mar sin a gheofar i mí na Bealtaine. Fógrófar tuilleadh mionsonraí faoin idirbheart seo in am trátha.”

Tá an Roinn Airgeadais ag fáil comhairle ó N.M. Rothschild & Sons Limited agus ó William Fry LLP i ndáil leis an idirbheart seo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat