English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire McGrath Buiséad na hÉireann don bhliain 2024 faoi bhráid na Bruiséile agus labhraíonn sé faoin obair anailíseach a foilsíodh ar réamh-mheastacháin eacnamaíocha fhadtéarmacha

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 13 Deireadh Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
  • cuireann an tAire McGrath Buiséad na hÉireann don bhliain 2024 faoi bhráid na Bruiséile agus labhraíonn sé faoin obair anailíseach a d’fhoilsigh an roinn ar réamh-mheastacháin eacnamaíocha fhadtéarmacha
  • tugtar le tuiscint sna fionnachtana go moilleoidh luas an fháis gheilleagraigh ón dara leath den deacáid seo i leith, mar thoradh ar aosú agus ar an méadú i mbrúnna struchtúrtha eile

Inniu (Dé hAoine), rinne Michael McGrath, an tAire Airgeadais, Dréachtphlean Buiséadach na hÉireann don bhliain 2024 a tharchur go foirmiúil chuig an gCoimisiún Eorpach agus chuig an nGrúpa Euro, ar aon dul leis na hoibleagáidí atá ar Éirinn mar Bhallstát den limistéar euro.

Tá an Dréachtphlean Buiséadach ag teacht le Buiséad 2024, a leagadh faoi bhráid Dháil Éireann an 10 Deireadh Fómhair 2023.

Ar leithligh uaidh sin, labhair an tAire faoin obair anailíseach a d’fhoilsigh a roinn féin i gcomhar leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, rud ina scrúdaítear acmhainneacht fhadtéarmach fáis gheilleagraigh na hÉireann thar an tréimhse go dtí an bhliain 2050.

Tá ríthábhacht ag baint le hionchas fadtéarmach do réamhaisnéisí maicreacnamaíocha maidir le tuiscint a ghnóthú ar roinnt de na saincheisteanna eacnamaíocha bunathraitheacha lena múnlófar cinntí beartais sna blianta amach romhainn. Tá na réamh-mheastacháin fáis sin ina gcuid thábhachtach de phleanáil eacnamaíoch, agus is féidir leo cabhrú le bonn eolais a chur faoi chinntí beartais.

Tugtar le tuiscint sna fionnachtana go moilleoidh luas an fháis gheilleagraigh, mar a thomhaistear bunaithe ar ollioncam náisiúnta (OIN)*, ón dara leath den deacáid seo i leith. Tá sé réamh-mheasta go mbeidh fás cothrom le thart ar 2½ faoin gcéad ar an meán sa dara leath den deacáid seo, go moilleoidh sé go thart ar 1¼ faoin gcéad in aghaidh na bliana ar an meán ón mbliain 2030 go dtí an bhliain 2050, agus go mbeidh sé cothrom le gan ach 1 faoin gcéad faoin mbliain 2050. Tá an moilliú a bhfuiltear ag súil leis nasctha le roinnt tosca, amhail an méadú i ngaotha cinn déimeagrafacha mar thoradh ar aosú mear an daonra.

Ag labhairt dó faoin Dréachtphlean Buiséadach agus faoin obair anailíseach, dúirt an tAire McGrath:

“Tarchuireann gach Ballstát den limistéar euro na pleananna buiséadacha uathu chuig na húdaráis Eorpacha gach bliain, de réir na n-oibleagáidí atá orthu mar bhaill den airgeadra aonair.

“Is é atá i gceist lenár mBuiséad tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh agus do ghnólachtaí agus, an tráth céanna, meáin fhadtéarmacha choigiltis a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin struchtúrtha amhail aosú an daonra.

“Ar leithligh uaidh sin, léirítear san anailís a d’fhoilsigh mo roinn inniu go moilleoidh an ráta fáis idir an meántéarma agus an fadtéarma, de dheasca athruithe déimeagrafacha. Tá bunathruithe eile ar siúl freisin – an gá atá ann lenár ngeilleagar a dhícharbónú agus an gá atá ann leis an dúshlán digitithe a shárú, i measc cuid mhór nithe eile.

“Ní mór dúinn pleanáil dó sin anois, agus tá bunú an Chiste um Éire na Todhchaí agus an Chiste Bonneagair, Aeráide agus Dúlra, a fógraíodh sa Bhuiséad Dé Mairt, ina ionstraim thábhachtach beartais lena gcabhrófar le glúine reatha agus amach anseo aghaidh a thabhairt ar na bunathruithe sin.”


Nótaí

Le Rialachán (AE) 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (ar cuid den rud ar a dtugtar ‘an dá phacáiste’ é), tugtar isteach amlíne bhuiséadach choiteann do na Ballstáit den limistéar euro. Rud sonrach, ní mór na Dréachtphleananna Buiséadacha don bhliain atá romhainn a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh agus an Ghrúpa Euro idir an 1 agus an 15 Deireadh Fómhair gach bliain.

Tá an tsonraíocht le haghaidh inneachar na nDréachtphleananna Buiséadacha leagtha amach i ‘gcód iompair’ a chomhaontaigh na Ballstáit sa bhliain 2011; tá na ceanglais leagtha amach i dtéarmaí olltáirgeachta intíre (OTI) seachas i dtomhais shaincheaptha amhail OIN* agus éileamh modhnaithe intíre.

Breithnítear raon éagsúil cásanna ardfháis agus ísealfháis sa pháipéar anailíseach freisin. Léirítear iontu sin go bhféadfadh an meánfhás geilleagrach bliantúil fadtéarmach (2030-2050) a bheith sa raon idir beagán os cionn ½ faoin gcéad i gcás ísealfháis agus beagán os cionn 2½ faoin gcéad i gcás ardfháis.