English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire McGrath fáilte roimh Aire Airgeadais na Gearmáine go Baile Átha Cliath

Chuir Michael McGrath, an tAire Airgeadais, fáilte roimh Christian Lindner, Aire Cónaidhme Airgeadais na Gearmáine, go Baile Átha Cliath inniu.

Thionóil an tAire McGrath agus an tAire Lindner cruinniú déthaobhach, ar lena linn a mheasúnaigh siad forbairtí eacnamaíocha agus fioscacha ar an leibhéal intíre agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, a rinne siad machnamh ar an bplé domhanda cánach, agus a chomhroinn siad tuairimí maidir le comhar déthaobhach. D’aithin an bheirt Airí na hiarratais a rinne Éire agus an Ghearmáin araon ar Údarás nua an Aontais Eorpaigh um Fhrithsciúradh Airgid a óstáil.

Dúirt an tAire McGrath:

“Tá a lán luachanna agus spriocanna coiteanna ag Éirinn agus ag an nGearmáin, agus táimid araon tiomanta dár gcomhpháirtíocht chomhroinnte laistigh den Aontas Eorpach. Tá comhar láidir ar bun idir Éire agus an Ghearmáin ar roinnt bealaí éagsúla cheana féin, agus tá comhar méadaithe chun ár leasa náisiúnta agus chun ár leasa choitinn san Eoraip araon.

“Tá an Ghearmáin ar an gcomhpháirtí trádála is mó atá ag Éirinn san Aontas Eorpach anois. San am i láthair, is fiú thart ar €42 billiún in aghaidh na bliana ár dtrádáil chomhcheangailte dhá threo, lena n-áirítear earraí agus seirbhísí.

“Tuigimid a ríthábhachtaí atá an Margadh Aonair agus saorthrádáil rialachabhunaithe araon maidir lenár bhfolláine eacnamaíoch. Is cinnte go mbeidh na nithe sin ag croílár chur chuige na hÉireann sna blianta atá le teacht, lena n-áirítear de réir mar a dhruidimid isteach le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2026.

“Mar Aire Airgeadais, is an-mhór agam na naisc chultúrtha, pholaitiúla, eacnamaíocha agus spóirt atá againn leis an nGearmáin. Tá caidreamh láidir eacnamaíoch agus trádála dhá threo ann idir an dá thír ó thaobh infheistíochta dírí eachtraí de agus ó thaobh sreafaí earraí agus seirbhísí de, agus tá rún daingean againn obair go dlúth le chéile ar mhaithe leis na ceangail eacnamaíocha eadrainn a dhoimhniú arís eile.”