Cuireann an tAire McGrath tús le cuairt oifigiúil ar an tSín do Lá Fhéile Pádraig 2024
- Foilsithe: 13 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá Michael McGrath, an tAire Airgeadais, tar éis tús a chur lena chuairt ar an tSín do Lá Fhéile Pádraig, ar lena linn a thabharfaidh sé cuairt ar Hong Cong, Shang-hai agus Béising. Le linn a chláir sé lá, tabharfaidh an tAire faoi roinnt imeachtaí caidrimh a bheidh á gcomhordú ag Ambasáid na hÉireann i mBéising agus ag Consalachtaí na hÉireann i Hong Cong agus i Shang-hai, ar láithreacha iad go léir ina bhfuil lorg suntasach ag Éirinn ó thaobh misean taidhleoireachta agus oifigí gníomhaireachta stáit de. Buailfidh an tAire le hAire Airgeadais na Síne, le raon leathan pearsana gnó a phléann le trádáil idir Éire agus an tSín, agus le daoine den phobal Éireannach. Tabharfaidh an tAire faoi roinnt imeachtaí caidrimh le linn a chuairte i gcomhar le Fiontraíocht Éireann agus le GFT Éireann freisin.
Ag labhairt dó roimh a chuairt, dúirt an tAire:
“Beidh sé mar aidhm leis an gcuairt seo do Lá Fhéile Pádraig treisiú leis an gcaidreamh le pobail Éireannacha ar fud trí phríomhchathair sa tSín, leas a bhaint as an deis thábhachtach seo chun dul i dteagmháil le hidirghabhálaithe Síneacha, agus móiminteam an ardleibhéil caidrimh leis an tSín a choinneáil ar bun, tar éis don Phríomh-Aire Li Qiang cuairt a thabhairt ar Éirinn le déanaí agus tar éis don Tánaiste cuairt a thabhairt ar an tSín i mí na Samhna an bhliain seo caite. Le linn na cuairte seo, ceiliúrfaimid freisin 45 bliana de chaidreamh taidhleoireachta idir Éire agus an tSín.
“Tá an tSín ar an dara geilleagar is mó ar domhan. San am i láthair, is í an cúigiú comhpháirtí onnmhairiúcháin is mó atá ag Éirinn i gcás earraí agus is í an seachtú comhpháirtí onnmhairiúcháin is mó atá againn i gcás seirbhísí. Tháinig méadú faoi thrí ar an luach bliantúil ar onnmhairí earraí sna cúig bliana suas go dtí an bhliain 2022 amháin, agus é ag méadú go €44.5 billiún. Táim ag tnúth le cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí Éireannacha tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na mórdheiseanna trádála atá ann leis an tSín.
“Tá an tSín tábhachtach ar fud na cruinne ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha agus polaitiúla de, agus ba mhaith liom a fheiceáil le mo shúile féin cén dóigh a bhfuil sí ag feidhmiú, cé na treochtaí atá i réim, agus cé na deiseanna atá ar fáil d’Éirinn agus do ghnólachtaí Éireannacha. D’fhorbair an tSín agus Éire naisc bhuana san oideachas, sa chultúr agus sa turasóireacht, agus tá infheictheacht na hÉireann sa tSín ag méadú.
“Táim ag tnúth go mór le bualadh leis na pobail Éireannacha sa tSín, le hionadaithe polaitiúla agus le pearsana gnó, agus sinn ag teacht le chéile chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh sa bhliain 2024.”